Guth Ghoill, Eagrán 19
Eagrán 19 Márta 2008 18 Tá na hOícheanta Gaelacha atá a reáchtáil ag Céim Aniar ag dul ó neart go neart. Ó chuir muid an chéad cheann i láthair i mí na Samhna 2004 bhí lear rudaí éagsúla ó thaobh an chultúir agus ó thaobh na teanga de mar phríomh - théama ar na hoícheanta seo, ach caithfidh mé a rá go pearsanta nár bhain mé oiread suilt as oíche ar bith eile agus a bhain mé ón oíche dheireanach a bhí againn sa Síbín Ceoil ar an 7ú Márta i mbliana. Bhí na páistí óga ó Scoil Naomh Bríd agus Scoil Cholmcille ag seinm ceoil le Siún agus rinne siad jab iontach. Níl aon amhras faoi dtaobh de ná go mbeidh cumas go bráth ag na páistí amach anseo. Lena chois sin ba seo an chéad uair a bhí amhránaíocht mar théama na hoíche. Níor lig na páistí síos muid. Sheas cuid acu ina n - aonar, sheas cuid eile acu i ngrúpaí beaga agus ag deireadh na hoíche sheas siad uilig le chéile agus iad ag ceol amhráin thraidisiúnta Thír Chonaill. Tá bóthar fada inár ndiaidh ó b ’ éigean dúinn páistí a thabhairt isteach ó Ghaeltachtaí eile le dánta a rá agus le hagallaimh beirte a dhéanamh. Bhí sé mar sprioc i dtólamh againn go mbeadh daoine áitiúla den chuid is mó agus go hairithe páistí an pharóiste seo ag déanamh na hagallaimh agus ag rá na dánta agus ag ceol na n - amhrán ar na hoícheanta seo, agus tá lúcháir orm a rá go bhfuil rudaí ag seoladh an dóigh sin. Bhí go le- or oícheanta filíochta againn agus beidh arís. Bhí oícheanta againn do na hagallaimh beirte fosta agus d ’ éirigh linn anois an píosa deir- eanach a chur isteach leis an chlár a chríochnú nuair a cheol na páistí sa Síbín. Tá moladh mór tuilte ag Caitlín Ní Mhaoileoin ar son na hoibre a rinne sí leis na páistí a spreagadh agus le iad a fháil réidh don oíche. Buíochas fosta do Shiún ar son na hoibre atá sí ag déanamh leis na páistí i dtaca le ceol de, do na h - iarscolairí a bhí ag seinm, agus do na damhsóirí iontach. Is filíocht a bheas mar phríomh - théama an chéad Oíche Ghaelach eile i mí na Bealtaine ach
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3