Guth Ghoill, Eagrán 19

Eagrán 19 Márta 2008 19 tá mé den bharúil go mbeidh cúpla amhrán le chluinstin fosta. Tá súil againn go mbeidh sibh uilig ansin chun tacaíocht a thabhairt do na páistí. Bhí Tráth na gCeist a reáchtáil againn ón 28 Samhain 07 go dtí an 5 Márta 08. Sin seachtain déag agus bhain achan duine sult as na hócáidí sóisialta seo. Bhí lúcháir orainn gur ghlac an oiread sin foirne páirt sa tsraith agus go háirithe gabhaimid buíochas leis na foirne sin a bhí ansin achan oíche ag coraíocht leis na ceisteanna. Bhí an babhta deireanach i dTeach Thrá Mór agus ba é foireann Ros na Binne le Stiophán Ó Sibhleáin, John Ó Cathasaigh agus Peadar Mac Giolla Bhríde bu- aiteoir an oíche sin. Ba é foireann Dhun Dúbhain le Charlie Mac Laifeartaigh, Gearóid Ó Lu- adhóg agus Eddie Mac Rodaí a bhuaidh an comór- tas iomlán le foireann na Muirleoige, ina raibh Caitlín Uí Mhaoileoin, Mairtín Ó Cathasaigh agus Alfie Ladley, sa dara háit. Bronnadh seic de €600, an t - airgead a tógadh thar an oíche dhéag, ar Chumann Naomh Uinseann de Pól. Tá súil againn sibh uilig a fheiceáil ar ais i gcomórtas 2009. Dun Dúbhain - Na buaiteoirí. Míobhaigh Cluain tSaileach An Mhuirleog Ar dheis tá Angela Mhic Taidhg agus Caitlín Mhic Lai- feartaigh ag gla- caint an seic do Chumann Naomh Uinseann de Pól.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3