Guth Ghoill, Eagrán 19

Eagrán 19 Márta 2008 20 Na Drámaí 2008 Chuir Scoil Naomh Bríd, na Dúnaibh dhá dhráma ar an ardán, “Custer agus an Capall Mire” le rang 1 agus rang 2 agus “Tiarna an Fháinne” le rang 3 agus rang 4, sa Ghrianán i Leitir Ceanainn, ar an Domhnach an 9 Már- ta. Comórtas na mBunscoileanna a bhí ar siúl agus d’éirigh leo dul fríd go dtí Féile Uladh ar an 6 agus an 7 Aibreán. Bhí slua mór i láthair ag an ócáid seo agus bhain achan duine sult as an lá. Maith sibh a pháistí. Beidh tuilleadh faoi na drámaí sa chéad eagrán eile. Do Sheachtain na Gaeilge bhí comórtas fuinneoga siopaí agus gnóanna sna Dúnaibh agus Carraig Airt agus seo thuas an bu- aiteoir, Siopa Mhic Íomhair i gCarraig Airt. Comhghairdeas libh. Bíonn sé milis a fháil ach searbh a dhíol. (Iasacht)

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3