Guth Ghoill, Eagrán 19
Eagrán 19 Márta 2008 3 Clann Mhic Giolla Bhride. (Muintir Phaidí Fenny). Bhí Paidí Mac Giolla Bhríde no Paidí Fenny mar ab fhearr aithne air agus a bhean Máire ina gcónaí sa dara cottage i gCeann na Leargaidh. An chloi- gean déag de chlann a thóg siad sa teach seo, seisear mac agus cúigear iníonach. Ar na gasúraí bhí Johnny, Charlie, Paidí Óg, Donchadh, Josie, agus Dónal agus ar na girseacha bhí Máire, Brid- get, Ellen, Hannah agus Fanny. Fuair Fanny bás nuair a bhí sí óg. Cosúil le cuid mhór teaghlach eile bhí ar a mbunús an tír a fhágáil ar lorg oibre. Ní raibh fá bhaile ach Donchadh a bhí pósta sna Dúnaibh, Paidí Óg a bhí ina chónaí i gCeann na Leargaidh, Ellen a bhí pósta ar John Shéarlaí Róise, agus Máire a bhí pósta i gCarn as Alt ar John Mc Auley. Níl ach beirt den teaghlach seo beo go fóill, Dónal atá beo thall i St. Andrews na hAlban agus Paidí Óg atá san Ionad Chúraim i Rath Mealtáin. Iascaire a bhí i seanPhaidí Fenny macasamhail fhormhór na bhfear fá cheantar Ros Goill le linn na mblianta a bhfuil muid ag trácht orthu agus chaith sé tréimhse fada ag iascaireacht ar an Carrigart fosta. Fear beag miotalach cruaidhdhéanta a bhí ann agus nuair a bhí sé ag dul suas i mblianta ba ghnách leis, nuair a bheadh lá breá Samhraidh ann, é féin a shíneadh thíos ag tóin an gharraí agus an bearád a tharraingt anuas ar mhullach na súile agus cúpla néal a chodladh. Bhí stór scéalta aige, eachtraí a bhain do fhéin, le linn a shaoil iascaireachta agus le linn a shaoil in Albain, agus scéalta a d ’ in- síodh sé óna shamhlaíocht agus ba ghnách leis craiceann maith a chur orthu do pháistí, agus ba é a bhí maith do pháistí. Ag dul ar ais domh cosán na smaointe ní cuimhin liom fearg a bheith air ach ar aon lá amháin. Lá pinsin a bhí ann agus bhí aois bhreá aige ag an am, os cionn na ceithre scór agus tuiairim is bliain sula bhfuair sé bás. Bhí mé féin agus a gharmhac Paidí, nach raibh mórán le dhá bhliain ag an am, amuigh ag tóin an tí le liathróid. Tháinig sé anuas an casán go súgach agus leataobh beag air agus cibé dóigh ar tharla sé bhain an liathróid truisle as agus fágadh é ar shlat chúl a chinn. Bhuail racht feirge é agus tháinig sruth d ’ fhocla uaidh nach bhféadfaí a chur ar pháipéar! Ní raibh mórán tithe san Íochtar ná leoga san Uachtar ach oi- read a raibh teilifís iontu ag deireadh na gcaogaidí ach bhí ceann tí Phaidí Fenny. Bhíodh oícheanta ann sna blianta sin a mbíodh an teach lán go doras agus daoine ina suí ar na staighrí. Níl dóigh ar bith a mbeadh an fhoighid agus an dea - thoil chéanna i SeanPháidí Fenny agus Dónal, thuas ar Gháinne. Bridget, a máthair Máire agus Dónal. Charlie
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3