Guth Ghoill, Eagrán 19

Eagrán 19 Márta 2008 4 lánúineacha óga an lae inniu dá mbeadh orthu cur suas le lán tí darna achan oíche mar a chur Dinis Phaidí Fenny agus a bhean Máire suas leis le linn na mblianta sin agus iad ag tógáil clainne ag an am chéanna. Bhí Dinis pósta ar Mhary Cullen as an Mhaol Ruaidh agus bhí triúr clainne acu, Pádraig, Donchadh agus Máire. Tá siad uilig pósta sa cheantar. Bhí an teilifís oíche Shathairn thar a bheith maith - The Lone Ranger, Dixon of Dock Green, The Black and White Minstrel Show, Laramie, agus ag deireadh na hoíche The Third Man. Bhí Paidí Phaidí Bhuaidhe ina chomharsan ag muintir Phaidí Fenny agus bhí dhá chlár teilifíse ar bhain sé an - taitneamh astu - Perry Mason a bhíodh air oíche Dhomhnaigh agus clár dornálaíochta a ba ghnách a bheith air i rith na seachtaine. Bhíodh suíochán tosaigh aige tí Phaidí Fenny ar na hoícheanta seo. Níl amhras ná gurbh mhór an t - ábhar iontais do dhá sheaniascaire, seanPhaidí Fenny agus Paidí Phaidí Bhuaidhe gléas nua - aimseartha macasamhail na teilifíse a fheiceáil ag deireadh a gcuid laethanta. Fuair seanPhaidí Fenny bás sa bhliain 1961 agus é os cionn na ceithre scór. Bhí a bhean Máire marbh cheana féin, fuair sise bás i mí na Bealtaine 1954. Roinnt blianta i ndiaidh do sheanPhaidí bás a fháil d ’ aistrigh Dinis agus Mary go dtí Ros na Binne agus bhí Paidí Óg sa teach leis féin anois. Bhí cáil ar Dinis mar phríomhchócaire agus d ’ oibrigh sé ar feadh blianta mar phríomhchócaire in Óstlann Ros na Binne agus nuair a dódh an Óstlann i 1962 chaith Dinis cúpla bliain ag obair i gcaisleán Drumoland i gCo. An Chláir. Ansin nuair a rinneadh an Óstlann a aththógáil tháinig sé ar ais arís go Ros na Binne. Chaith sé roinnt mhaith blianta mar phríomhchócaire in Óstlann Charraig Airt fosta. Fuair Dinis bás sa bhliain 2006 ach tá a bhean Máire i mbarr a sláinte i gcónaí agus cónaí uirthi i Leargán Riabhach in aice lena mac Pádraig. Chaith Paidí Óg a chuid ama ag obair thall agus abhus agus ag iascaireacht. Chaith sé blianta fada ag iascaireacht bradán le Charlie Carr (Charlie John Nochaidh) ar an bhád, an Naomh Columba. Ní raibh fear fán íochtar a d ’ ith an oiread bia folláin agus a d ’ ith Paidí Fenny - faochóga, bairní, muiríní, agus breallacha (clams) agus lena chois sin bhí a chuid prátaí agus a chuid glasraí féin aige a d ’ fhás sé go nádúrtha, ag úsáid feamnach an chladaigh mar leas. Ní raibh lá sa bhliain, ba chuma an aimsir, nach dtabharfadh sé ruaig síos ‘ na chladaigh. Dúirt sé féin gur bhris sé mallacht Cholmcille mar go bhfuair sé greim ar bhradáin ar an Mhaol Ruaidh ach bhí a fhios aige fhéin go maith gur bradáín feirme a bhí iontu a d ’ éalaigh ó na feirmeacha éisc níos faide suas an báidhe. Níor ith Paidí féin na bradáin feirme ach bhí neart madaidh fán teach aige i gcónaí agus is fíor a rá nach raibh madaidh in Éirinn a bhí chomh beathaithe agus a bhí cuid madaidh Phaidí - iad beo ar bhradáin feirme. Fear a bhí ann a bhí cóngarach don nádúir fosta mar ba chuma cá háit a gcuirfeadh sé síol i dtalamh d ’ fhásadh sé. Ba sin an tuige go raibh an oiread sin crainn, plandaí agus bláthanna ag fás thart fán teach aige. Bhí suim mhór aige an t - síol a chuireadh sé a fheiceáil ag cur a chloigeann os cionn an talaimh agus bród as cuimse air á thaispeáint duit. Tá sé os cionn na ceithre scór anois agus é ag fáil an chuid is fearr de chúram san Ionad i Rath Mealtáine. Bhí comhrá breá agam leis cúpla seachtain ó shin agus chuir sé iontas an domhain orm an chuimhne iontach atá aige. Agus tá neart greann ann go fóill !! Máire, Pádraig agus Donchadh. Dinis Paidí

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3