Guth Ghoill, Eagrán 19

Eagrán 19 Márta 2008 5 dheartháir Frank agus iad ar churach amuigh i mBáighe Thrá na Rossan ag iascaireacht gliomach. Ní raibh Frank ach seacht mbliana déag, an dara duine ba shine sa teaghlach. Bhí bean Phaidí, Sally Dhónaill, fágtha anois agus clann mhór le tógáil ai- ci, ochtar mac agus beirt iníonach, agus is cinnte go ndearna sí seo go héifeachtach le clann a raibh a mbunús iontach óg ag am na tubaiste. Nuair a bhí Paidi óg bhíodh sé anonn agus anall go hAlbain macasamhail aos óg eile an cheantair. Le linn an ama seo chuaigh sé isteach i gcabhlach trádála na Breataine (Merchant Navy). Ba seo le linn an chéad Chogaidh. Bhí sé ar chriú cheann de na longa a chuaigh isteach sna Dardanelles go Gallipoli 1915 le saighdiúirí a thabhairt amach. Iníon de Den Ua Dochartaigh as Gleann Úraí ab ea Annie. Thiocfaí a rá go bhfuil an teach suite ar an suíomh is deise san Íochtar. Díoladh an seanteach inár rugadh agus inár tógadh í blianta ó shin agus is lánúin ón Ostair (Austria) atá ina chónaí ann anois agus tá an teach coinnithe acu díreach mar a bhíodh sé sa tseanam. Tá cuimhne mhaith ag Annie Rooney a bheith ag imeacht sios go Gleann Úrai agus go dtí an Corrach leis an asal, le linn blianta a hóige, fá choinne malach trioplóg a fháil, i ndiaidh di a theacht na bhaile ón scoil. Seo turas tuairim is trí mhíle. Dár ndóigh cha dtiocfadh leí a dhul sios an bealach sin gan ruaig a thabhairt isteach chuig a máthair mhór i nGleann Úraí, Máire Phaidí Dhonnchaidh Mhóir. Corr uair chuireadh a máthair mhór ‘ na tsiopa í agus bhíodh uirthi a theacht ar ais go siopa Mhaggie Cháitríona agus ar ais go Gleann Úraí agus ansin imeacht agus malach trioplóg a líonadh agus a theacht ar ais go Ceann na Leargaidh. A Dhia! Clann Uí Bhuaidhe. Sa cheathrú cottage bhí cónaí ar Phaidí Ua Buaidhe (Paidí Phaidí Bhuaidhe) agus a bhean Annie. Ba as Dún Dúbháin a tháinig Paidí agus bhí sé pósta ar Annie Dochartaigh as Gleann Úraí. Pósadh iad sa bhliain 1915. Bhí naonúr clainne ‘ tí Phaidí Bhuaidhe, ochtar iníonach agus mac amháin. Bhí Sarah, Mary Ellen, Paidí, Annie, Rosie, Bridget, Madgie, Treasa, agus Josephine. Bhí am amháin ann agus bhí an t - iomlán acu thar lear ach amháin Madgie a bhí pósta i nGleann Rí ar Mhick Mc Gettigan agus Sarah a bhí ina cónaí lena hathair agus lena máthair i gCeann na Leargaidh. Bhí iníon Sarah, sin Ann, ina cónaí leo sa chottage fosta. Ba i Sasana a bhí an chuid eile den chlann, cuid acu in Bolton, cuid acu in Bedford agus an chuid eile acu i Londain. Ba ghnách leo a theacht ‘ na bhaile go rialta ar laethanta saoire le linn an tSamhraidh nuair a bhí a n - athair agus a máthair beo. Nuair a chuireann muid trí chlann a d ’ fhás aníos i gcuideachta a chéile i gCeann na Leargaidh - Clann Mhic Giolla Bhríde, Clann Uí Luodhóig, agus Clann Uí Bhuaidhe bhí ochtar is fiche ar fad eatarthu. Fuair Fanny Phaidí Fenny bás óg agus amach as an seachtar is fiche eile d ’ imigh duine is fiche acu thar sáile. Nach damánta agus nach náireach do thír ar bith an staitistic sin. Iascaire a bhí in Paidí Phaidí Bhuaidhe agus chaith sé tréimhse fada ar an Carrigart fosta. Dúirt a iníon Annie Rooney gur dhúirt sé féin go raibh sé ag iascaireacht agus gan é mórán le dhá bhliain déag. Sa bhliain 1894 nuair a bhí Paidí seacht mbliana d ’ aois bádh a athair, Paidí a bhí air fosta, agus a Paidí agus Annie. Sarah

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3