Guth Ghoill, Eagrán 19

Eagrán 19 Márta 2008 6 Clann Uí Luodhóg/Clann Mhic Laifeartaigh. Bhí cónaí ar Johnny Shéamais agus a bhean Cití sa tríú Cottage. Deartháir do Phádraig Shéamais, athair Johnny an Piolóta a bhí in Johnny Shéamais. Ba as Cill Chartha dá bhean Cití. Ochtar clainne a bhí acu, Neil Joe, John James, Danny, Bridie, Nel- lie, Annie, agus an cúpla Sophie agus Cití. Bhí an chlann macasamhail achan chlann eile in Iarthar Dhún na nGall, bhí siad spréite ar fud na cruinne. D ’ obair Neil Joe i mbádchlós Mhíobhaigh ar feadh tréimhse ach chríochnaigh sé suas i gCabhlach Trádála (Merchant Navy) na hÉireann agus bhí cónaí air i gCorcaí. Chuaigh Danny go dtí an Astráil agus bhí an chuid eile acu fá Shasana. Fuair Johnny Shéamais bás sa bhliain 1946 agus gan é mórán le deich mbliana agus na trí scór ag an am. Bhí iníon leo Nellie pósta in Leicester agus thug sise an mháthair anonn le cónaí leo thall ansin. Ba seo an bhliain chéanna a chuaigh Annie Rooney go Londain don chéad uair, anonn chuig a deirfiúr Mary Ellen a bhí thall cheana féin. Thug an bheirt acu ruaig suas go Leicester go bhfeicfeadh siad Cití. Dúirt Annie go raibh sé truacánta a bheith ag éis- teacht leí agus an chumhaigh a bhí uirthi don bhaile. Bhí sí croíbhriste a bheith ar shiúl as baile ag deireadh a cuid laethanta i measc na gcoimhthigh. Chrothnaigh sí an baile agus a comharsana uaithi go mór agus ba é barúil Annie nár shocair sí thall i gceart ariamh. Tháinig clann Mhic Laifeartaigh go dtí an Cottage sin ansin sa bhliain 1947. Ba sin Donchadh Hughie Den a bhí pósta ar Fina Mhicí John (Nic Giolla Bhríde) as Gort na Luchóg. Pósadh Donchadh agus Fina i nGlaschú sa bhliain 1941 agus tháinig siad ‘ na bhaile an bhliain ina dhiadh sin. Chuaigh siad a chónaí i dteach Mhary Friel, teach atá ansin go fóill agus é suite ar an choirnéal ar a dtugtar coirnéal theach Stone air. Cúigear clainne a bhí acu, Máire, Eibhlín, Annie, Micheál agus Hughie. Tá Eibhlín pósta i gCaiseal Mumhan; tá Micheál in ord na gCairmilíteach i mBaile Loch Riach agus tá an triúr eile pósta fán cheantar. Hughie an t - aon duine den chlann a rugadh i gCeann na Lear- gaidh. An Jack Buchan. Chaith Donchadh an chuid ba mhó dena chuid ama ag iascaireacht i ndiaidh dó theacht ‘ na bhaile, i nach ag aos óg an lae inniu atá an saol bog. Agus mar a dúirt Annie í féin nach seo an cineál oibre a d ’ ullmhaigh iad go maith don tsaol a bhí rompu. Nuair a bhí sí óg ba ghnách leí féin agus cuid eile den chlann fanacht thíos corr uair ag a máthair mhór. Nuair a bhíodh siad amuigh le cónascar ag súgradh nó ag tabhairt abhaile na lachain deireadh a n - uncail Dinis leo a theacht isteach, nár chóir dóibh a bheith amuigh sa dorchadas ar eagla go bhfaigheadh an rón greim orthu. Ba seo dóigh a bhí aige, is dócha, lena chintiú nach rachadh siad chóir na farraige mar bhí an teach go díreach os cionn Bháigh Ghleann Úraí. Ansin san oíche ba mhinic a bhíodh Annie ina luí agus nuair a chluineadh sí fu- aim na dtonn ag briseadh isteach ar thrá Ghleann Úraí bhuaileadh eagla í mar shíleadh sí gurbh an rón a bhíodh ann ag teacht fána coinne. Fuair Paidí Phaidí Bhuaidhe bás ar an naoú lá déag de Dheireadh Fómhair 1968 agus é ceithre bliana agus ceithre scór, agus dheamhan i bhfad ina dhi- aidh sin, an ceathrú lá fichid de mhí na Samhna a fuair a bhean Annie í féin bás, bás b ’ fhéidir le cum- haigh ina dhiaidh. Ní raibh Annie ach ocht mbliana agus na trí scór. Cúpla bliain i ndiaidh do Phaidí agus d ’ Annie bás a fháil d ’ imigh Sarah agus Ann go Bolton fosta. Bhí a dteach i gCeann na Leargaidh druidte ansin go dtí an bhliain 1979 nuair a tháinig Annie agus a fear céile Frank Rooney ‘ na bhaile leis an chuid eile de- na saol a chaitheamh san áit ar rugadh agus ar tógadh Annie. Rinne siad cóiriú álainn ar an teach agus chaith Frank a chuid ama fána chuid gairdíní agus cé go raibh suim ar leith aige sa chineál sin oibre ba mhór an mhaise dó na glasraí, na crainn agus na bláthanna a d ’ fhás sé. Fear suaimhneach, lách, neamhurchóideach a bhí in Frank, fear a raibh a chroí sa nádúir. Fuair Frank bás in Aibreán na bliana 2007 in aois a nócha agus a ceathair. Tá a bhean Annie beo beathach i gCeann na Leargaidh go fóill, bean éirimiúil a bhfuil cuimhne den scoth aici, atá lán scéalta, agus seanchais agus a thug leíthe cuid greann a hathar. Gura fada a mhairfidh sí mar sin. Tá beirt dheirfiúir eile dá cuid beo go fóill fosta, sin Madgie agus Josephine. Frank

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3