Guth Ghoill, Eagrán 19

Eagrán 19 Márta 2008 7 aneas mar nach raibh foscadh ar bith ag an chéidhe ón ard gaoithe seo. Timpeall an 3 a chlog ar an deichiú lá shocraigh Georgie go mbeadh níos mó foscaidh thuas an báidhe ag céidhe Phort Láirge. Lá gaoithe móire le roisteacha farraige móire a bhí ann. Comhairlíodh do na hiascairí go raibh an chon- túirt ann agus go raibh caill ar an lá ach scaoileadh na rópaí. Ba í an Jack Buchan an chéad bhád a chuaigh amach barr na céidhe agus ní mó ná go raibh an chéidhe glanta aici nuair a bhuail cnapán farraige go fealltach í a chur í thar a corp. Luigh an bád leathbháite san uisce; caitheadh an dá fhear a bhí ar deic an bháid san fharraige; bádh fear acu, Benny Armstrong, an fear ab óige den chriú ag seacht mbliana déag. Sábháladh an fear eile, John James Lyons, nuair a chaith an Máiread, an bád a bhí ag teacht ina ndiaidh, rópa chuige i ndiaidh dó a theacht aníos go barr na farraige agus is cinnte go raibh deacrachtaí móra acu é a fháil ar bord mar gheall ar fhiantás na farraige. Tá sé beo go fóill i gCill Chartha. Bhí triúr eile, James White, James Byrne, agus Donchadh Hughie Den gabhta istigh i mbolg an bháid agus Georgie sa teach rotha agus ní raibh a dhath a thiocfaí a dhéanamh dóibh, ní raibh dóigh amach acu. In achar ghoirid níodh an bád isteach ar na carraigeacha agus rinneadh smionagar di. Cúigear ar fad a cailleadh. Drochscéala i gCeann na Leargaidh. Lá gaoithe móire agus fearthainne a bhí ann fá na Dúnaibh fosta an lá céanna agus lean sé isteach san oíche. San am sin ba rud neamhghnách a bhí ann cnag a bhualadh ar dhoras sul a rachfaí isteach i dteach ach i dtrátha cheathrú don seacht bualadh cnag trom ar dhoras theach Fina i gCeann na Leargaidh. Thit an teach ‘ un ciúnais agus nuair a fosclaíodh an doras shiúil An Sáirsint Boylan agus John Mac A ’ tSaoir (John Thuathail Steafáin) is- teach. Bhí siad i ndiaidh a bheith istigh tí Phaidí Phaidí Bhuaidhe ag súil go dtiocfadh Annie, sin bean Phaidí, leo le cuidiú leo an drochscéala a bhriseadh ach ní raibh Annie istigh, bhí sí thuas i nGleann Rí ag a iníon Madgie. Ní raibh an teach- taireacht a bhí leis an bheirt fhear furasta a iompar ná furasta a thabhairt. Tháinig comharsana isteach agus dúradh an paidrín. De réir a chéile fuarthas na coirp ach bhí faire fhada tí Fina mar nach bhfuarthas corp Dhonchaidh ari- amh. Tráthnóna amháin le conascar i ndiaidh do na coirp eile uilig a bheith faighte chonacthas corp san fharraige faoi bhun na mbeann cóngarach don chéidh ag Dún Mór Thoir. Rinneadh tréan iar- rachtaí an corp a thabhairt i dtír ach bhí farraige chraosach ann agus ní raibh sí sásta a thuilleadh a thabhairt uaithi. Ar maidin lá arna mhárach bhí an corp imithe. Bhí Donchadh sé bliana agus dai- chead. Fuair a bhean Fina bás i mí na Bealtaine dtús báire lena athair Hughie Den agus ansin sa bhl- iain 1956 chuaigh sé ag iascaireacht le Georgie Buchan ar an bhád iascaireachta an Jack Buchan. Chaith an Jack Buchan bunús an ama ag iascaireacht amach as na Cealla Beaga agus as Ailt a ’ Chorráin ach ag deireadh na bliana 1957 shocraigh an Jack Buchan agus cúig bhád eile as cabhlach iascaireachta na gCealla Beaga go dtabharfadh siad aghaidh ar Dhún Mór Thoir i gCo. Phort Láirge ag tús na bliana úire, áit a raibh iascaireacht mhór scadán ar siúl ann ag an am. Tháinig na bádaí isteach na nDúnaibh oíche na seanbhliana ar a mbealach go Dún Mór Thoir. Bhí siopa ag John Buchan, deartháir le Georgie, sna Dúnaibh agus chuir na bádaí stór mór bia ar bord don turas. Tháinig beirt de na hiascairí a bhí ar an Jack Buchan, James White agus James Byrne go Ceann na Leargaidh timpeall a dó a chlog ar maidin le Donchadh a phiocadh suas. Cuireadh an chlann uilig ina suí le slán a fhágáil ag a n - athair agus is beag a shíl siad go raibh siad ag fágáil slán don uair dheireanach. Dún Mór Thoir. Seachtain a chaith siad ar an fharraige ar a mbealach go Dún Mór Thoir mar go raibh an aimsir thar a bheith garbh ag an am. Rinne siad iascaireacht mhór ar feadh sé seachtaine agus ansin bhuail tréimhse gaoithe moiré an cósta thoir theas. Bhí na bádaí ceangailte suas ag an chéidhe ar feadh an deireadh seachtaine ón 7ú go dtí an 10ú Feabhrá agus drochbhail a thabhairt orthu ag na gaotha anoir Donchadh Hughie Den agus a athair Hughie Den ag iascaireacht ar an “ Pride of Dooey ”.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3