Guth Ghoill, Eagrán 19

Eagrán 19 Márta 2008 9     Tugadh aitheantas don Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus mar theanga oibre de chuid an Aontais Eorpaigh ón chéad lá d ’ Eanáir 2007. Ach ní aitheantas iomlán atá ann. Ar feadh cúig bliana, tá teorann leis an méid oibre a bheidh déanta i nGaeilge. Ní bheidh ach céatadán beag de na doici- méid oifigiúla aistrithe go Gaeilge i rith na tréim- hse sin, agus beidh athbhreithniú ar an scéal ag deireadh an ama sin. Anois an t - am le bheith ag cinntiú go ndéanfar an réamhobair le cinntiú go mbeidh an Rialtas sásta stádas iomlán ceart a lorg i gcionn ceithre bliana. Tá córas iomlán ateangaireachta ar fáil i bParlaimint na hEorpa, agus nuair a labhraíonn duine de na Feisirí i nGaeilge, aistrítear a gcuid cainte isteach sa Bhéarla ar an bpointe. Tá 785 Feisire Eorpach sa Pharlaimint, agus mar sin, níl an oiread sin deise acu labhairt ró - mhinic. Labhraíonn Sean Ó Neachtain agus Bairbre de Brúin i gcónaí i nGaeilge, agus na daoine eile ó am go ham, ach tá siad ag teacht isteach air de réir a chéile. Deirtear liom gur labhair níos mó acu i nGaeilge go dtí seo i mbliana ná anuraidh. Tá trí cinn is fiche de theangacha oifigiúla oibre san Aontas Eorpach, cé go bhfuil seacht dtíortha is fiche mar bhaill anois, ach is í an Fhraincis teanga Lucsamburg agus na Beilge (níl stádas oifigiúil ag an Phléimeannais), an Ghréigis san Chipir agus an Ghearmáinis san Ostair. Le tamall anuas, tá cuid mhór cainte sa tír seo faoin chostas atá leis an aistriúchán, agus gur airgead amú atá ann. Mar chuid de chaiteachas iomlán an aontais, níl ach deor iontach bheag caite. Eagraíocht ollmhór an tAontas, ina bhfuil go leor rannóga – An Coimisiún, An Pharlaimint, Comhairle na nAirí, An Chúirt, Cúirt na nIniúchóirí, An Banc Infheistíochta Eorpach na príomh chinn. Tá a mbuiséad féin leagtha amach do gach institiúid, foireann dá gcuid féin acu agus a gcuid freagrachtaí féin. Thiocfadh leat a rá go bhfuil an Coimisiún cosúil leis an stát sheirbhís, leis na ranna, no DGs, ag plé le talmhaíocht, iascaigh, gnóthaí sóisialta, oideachas agus rl agus mar sin is an Coimisiún atá freagrach as an cuid is mó den chaiteachas. Tá chóir a bheith leath de bhuiséad iomlán an Aontais caite ar thalmhaíocht, mar shampla. Níl i mbuiséad iomlán na Parlaiminte ach céatadán beag den bhuiséad iomlán, agus gan ach tuairim is 1% de bhuiséad na Parlaiminte caite ar aistriúchán. Tá aistritheoirí Gaeilge fostaithe anois ag an Choimisiún, ag an Pharlaimint agus ag an Chomhairle, ach i gcomparáid leis na teangacha ei- le, níl mórán acu ann. Is i Lucsamburg atá rannóg aistriúcháin na Parlaiminte, ina n - aistrítear na doiciméid. Níl ach triúr aistritheoirí Gaeilge ansin, cionn is nach bhfuil ach méid áirithe doiciméad le haistriú, agus tá si- adsan istigh faoi scáth aonaid an Bhéarla. Tá thart fá leath chéad i bhfoireann aistriúcháin na dteangacha eile, idir aistritheoirí agus rúnaithe. Cuireann an tAontas cuid den obair amach ar chonradh chuig aistritheoirí seachtracha. Tá an t - eolas uilig ar shuímh idirlín na Parlaiminte agus an Choimisiúin a aistriú go Gaeilge, agus beidh fáil ar sin amach anseo. Má tá fonn ort scríobh i gceann ar bith de na teangacha oifigiúla chuig roinn ar bith de chuid an Aontais faoi ábhar ar bith, gheobhaidh tú an freagra ar ais sa teanga inár scríobh tú. Scríobh chucu i nGaeilge! Bhéarfaidh sin le fios dóibh gur teanga bheo atá againn, a bhfuil daoine ag baint úsáide aisti. Parlaimint na hEorpa Parlaimint na hEorpa

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3