Guth Ghoill, Eagrán 20
Meitheamh 2008 Eagrán 20 10 í amuigh ag obair thug a máthair ar shiúl an bhábóg do thachrán eile. Nuair a hinsíodh seo d ’ Annie i ndiaidh a theacht ‘ na bhaile di bhí sí croíbhriste agus rinne sí a gearán a chur in iúl go láidir dá máthair ach ní raibh d ’ amhail ag a máthair uirthi ach a rá léithe go raibh sí ‘…. ag éirigh róshean do bhábóga ’ Fuair Maggie bás sa bhliain 1939. Tháinig Dick ‘ na bhaile as Meiriceá agus é i ndrochshláinte. Bhí a bhanaltra féin aige sna blianta deir- eanacha seo le hamharc ina dhiaidh agus le haire a thabhairt dó mar go raibh sé, de réir cosúlachta i bpian mhór bunús an ama. Fuair sé bás sa bhliain 1950. Mosie, mac le Davy, an duine deireanach a rinne cónaí sa teach ach thréig seisean an teach breá seo sna caogadaí agus fá cheann traidhfil de bhlianta ina dhiaidh sin bhí an teach ag titim as a chéile agus char deineadh obair chothbahála ar bith air. Ba i gCarraig Airt a bhí cónaí ar Mhosie sna blianta deireanacha agus fuair sé bás ansin sa bhliain 1980. Fágadh Ostlann na Trá ag Ruby agus rinne sí féin agus a fear céile Taylor Carson é a reáchtáil go dtí tús na seachtóidí. Fuair Ruby bás roinnt blianta ó shin ach tá Taylor beo beathach go fóill agus é in Ionad seandaoine i mBaile Atha Cliath cóngarach don áit a bhfuil cónaí ar a mhac Michael. Shocraigh Michael timpeall is deich mbliana ó shin cóiriú iomlán a dhéanamh ar an tseanteach agus chuir sé bail bhreá air. Is teach saoire atá ann anois do fhéin agus dá chlann. Curtha le chéile ag Aodh Mac Laifeartaigh. Dick Mac Giolla Shionnaigh Paidí Mhici agus Mosie Mac Giolla Shionnaigh Níl fhios ag fear an tí thall caidé mar atá fear a tí ‘bhus *** Is teann gach madadh ar a thairseach féin *** Ní fhanann tráigh le éinne ***
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3