Guth Ghoill, Eagrán 20
Meitheamh 2008 Eagrán 20 11 Clocha, Clocha, Clocha. An lá faoi dheireadh chuala mé fear ag rá “Arú, níl iontu ach sean chlocha.” Chuir sé mé ag smaoineamh ar an fhocal ‘clocha’ agus ag amharc thart domh ar ndóiche an chéad rud a thug mé fá dear ná balla cloiche. Leoga tá go leor acu thart anseo agus chan inniu ná inné a tógadh iad. Is iomaí uair a smaoiním ar na fir a thóg na ballaí sin. Creidim nach raibh ‘Celtic Tiger’ ar bith thart san am sin agus gur iomaí lá crua a chaith na daoine sin ar an ghannchuid agus b’fhéidir na clocha sneachta ag titim. Nuair atá méid áirithe i gcloch, ní cloch atá ann níos mó ach carraig. Ach ab é go raibh carraigeacha againn, ní bheadh cnoic ná sléibhte againn. Smaoinigh ar sin: Cá leis a mbeadh Na Dúnaibh cosúil gan Gáinne Mór? Nó Tír Chonaill gan an Mhucais ná an Eargail? Nó Ciarraí gan Carn Tuathail? Agus ar ndóiche an domhain gan Everest agus na Himalayas? Ní bheadh an chuma chéanna ar Chontae an Chlár gan Beanna Móthair ach oiread. Arís amharc ar ainmneacha na mbailte agus sráid- bhailte uilig a bhfuil baint acu le clocha agus car- raigeacha: Cloch Bán (ar an taobh thoir), Carraig Airt, Clochán in aice le Gleann Fhinne, Cloch Glas in iarthar na contae, An Clochán Liath, Carraig Fhearghuis, Carraig na Siúire, ‘Stoneybatter’agus Carraig na Sionainne. Arís tá carraigeacha ar a bhfuil clú agus cáil: Carraig Ghoill, Carraig na bhFrancach, Carraig na Spáinneach, cóngarach do Ailt a’ Chorráin, áit a ndeachaigh long mhór de chuid an ‘Spanish Armada’ go tóin na farraige sa bhliain 1588, agus ar ndóiche Carraig Gibraltar. Tchíthear domh go bhfuil baint ag cúrsaí creidimh le clocha fosta. Mar shampla, is le clocha a maraíodh an chéad mhairtíreach, Naomh Stiofán. Nuair a labhair Íosa le Peadar dúirt sé: “Is tú Peadar agus is ar an charraig seo a thógas mé m’eaglais.” Leoga is é is ciall leis an focal Laidin ‘petrus’ (óna bhfuair Peadar a ainm i mBéarla) ná carraig. Nár dhúirt an Tiarna “Cibé ata saor caitheadh sé an chéad chloch” an t -am sin a beireadh ar an bhean bhocht a bhí ina peacach? Nuair a tháinig na saighdiúirí go dtí an tuama maidin Dhomhnach Cásca bhí an charraig mhór curtha ar leataobh. Nuair a dhéanann daoine tagairt den ‘chloch is mó ar mo Phaidrín’ is ar an phointe is tábhachtaí a bhíonn siad ag trácht air. Agus nár bhuail Maois ar chloch ónar tháinig uisce nuair a bhí na Giúdaigh amuigh san fhásach? Ní creideamh an t-aon ábhar a bhfuil baint aige le clocha. Smaoinigh ar an cheol. Bheadh cuimhne ag cuid agaibh ar ‘The Stone Outside Dan Murphy’s Door’ nó ‘The Rocky Road to Dublin’ agus ‘Rhinestone Cowboy’. Tá an grúpa clúiteach sin ‘The Rolling Stones’ a bhíonn ag dul den ‘ rock music’! Agus ar ndóiche caidé fán cheoltóir Dickie Rock? Tá baint ag clocha le cúrsaí feirmeoireachta fosta. Cuireann an feirmeoir cloch ghorm ar na prátaí leis an aicíd dhubh a choinneáil ar shiúl uathu. Agus ansin nuair a bhíonn siad bainte is iomaí cloch phrátaí a ceannaítear agus tá ocht gcloch sa chéad meáchain. Bhí cloch speile ann chun faobhar a chur ar speal nó corrán agus cloch mhuilinn nó cloch bhró (quern stone) chun cruithneacht a mheilt le plúr a dhéanamh. I ré na réamh-staire bhí An Chlochaois nuair a fuair an cine daonna amach caidé’n dóigh le tine a lasadh – bhain siad úsáid as cloch ghaoine (flintstone). Ná déan dearmad de Fred agus Wilma ach oiread! Amuigh ar Oileán Thoraigh, deirtear gur thiontaigh na hoileánaigh Cloch na Mallachtaí ar long chogaidh na Breataine sin ‘An Wasp’ agus chuir siad í go tóin na mara. Lenár linn féin rinne an Dílseoir Michael Stone ionsaí marfach i reilig Milltown i mBéal Feirste. Ar chuala sibh iomrá riamh ar chloch dhomlais nó ar chloch dhuain? Muna ndearna, tá an t-ádh oraibh mar is rudaí creathnach pianmhar atá iontu, de réir dealraimh – ‘gall stones’ agus ‘kidney stones’. Bhí cloch -an-chlúiteach san Éigipt fadó darbh ainm Cloch Rosetta agus leoga cloch thar a bheith tábhachtach a bhí inti. Gan í ní bheadh barúil ar bith ag na staraithe agus na seandálaithe fá na iairiglifeacha a tháinig siad orthu le linn tochailt na bpirimidí agus na dtuamaí agus nach mór an chaill a bheadh ansin. Ar cheann de na háiteacha is mó a tharraingíonn turasóirí air sa tír seo tá Clochán na bhFómharach nó an ‘Giant’s Causeway’ i gContae Aontroma. Agus arís caidé atá ann ach carn sean-chlocha! Ach ar ndoíche sean-chlocha an-speisialta atá iontu de thairbhe gur shíolraigh siad ó bholcán a tharla na mílte bliain ó shin agus a d’fhág na colúin heicseagánacha sin déanta as basalt atá chomh huathúil sin. Deir seanchaithe gur clochán a bhí ann do na fathaigh Albanacha agus na fathaigh Éireannacha sa doigh ‘s go mbeadh bealach acu fríd an fharraige nuair a bhí fonn troda orthu. Más den tsloinne Mac a tSaoir nó McIntyre thú, ta achan seans gur ó shaor cloiche a shíolraigh tú, fir ceirde den chéad scoth a raibh ard-mheas orthu ar fud na tíre: chuala muid uilig scéalta fán Ghobán Saor. Bheadh baint ag na daoine seo leis an bhun chloch, an chloch mhullaigh agus cloch aoil, dar ndóiche. Maidir le cúrsaí maoine de tá na clocha lómhara (precious stones), seodra macasamhail diamaint, smaragaidí (emeralds), rúibíní agus saifírí. Ag deireadh do shaoil tá achan seans go gcuirfidh do theaghlach cloch chinn no cloch chuimhneacháin ar d’uaigh! Caoimhín Mac a’Bháird Mar sin de an chéad uair eile a chluineann tú “níl iontu ach sean chlocha” tá i bhfad níos mó ná sin i gceist, nó ní mar a shíltear a bítear i gcónaí! Diamant Smaragaid Rúibín Saifír Carraig Ghoill
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3