Guth Ghoill, Eagrán 20
Meitheamh 2008 Eagrán 20 12 Is cúis mhór bróid do mhuintir an Íochtair dráma eile a bheith scríofa agus léirithe ag Proinsias Ó Cuilinn. Dráma grinn atá sa dráma seo, cé go bhfuil sé lán feirge, anró agus caismirte. Tá Proinsias ábalta scéal a insint go géar fealsúnach agus tá tuiscint iontach aige ar mheon an duine. Chonaic mé an dráma i gColáiste Ros Goill, áit a raibh slua aireach, gáireach cruinnithe, agus is cinnte go raibh ábhar gáire againn. Chá deachaigh dhá bhomaite ar bith thart nach raibh an díon a tógáil den halla le tréan fuaime an phraota gáire ón lucht éisteachta. Os rud é go mbeidh an dráma le feiceáil arís le linn an tsamhraidh, níl mé fá choinne é a mhilleadh agus an scéal a insint ach geallaim daoibh go mbainfidh sibh an-sult as. Is leor a rá go bhfuil an dráma bunaithe ar lánúin a phill abhaile ó Shasana chuig deartháir a bhí ina bhaintreach. I ndiaidh tamaill ag obair faoina stiúir, shocraigh an bheirt ar scéim leis an phíosa talaimh a fháil uaidh. Anois fágfaidh mé an scéal ansin, ach is iontach agus is damanta an casadh atá in intinn na beirte agus is fíor chliste an dóigh a shníomhann Proinsias an rún fealltach atá acu isteach sa dráma. Thiocfadh leat a rá go bhfuil trí phríomh pháirt sa dráma, iadsan ag Proinsias é féin, Fíona Pasoma agus Hughie Fina. Tá ceithre pháirt iontach greannmhar ag Tommy Clyde, Anthony Shuss, Hughie Fada agus John Mhicí Rua. Bhí na páirteanna eile ag Seosáimhín Uí Bhuaidhe, Seán Ó Dochartaigh, Stiofán Ó Sibhleáin agus Joe Ó Cuilinn, iad uilig thar barr. Chuaigh Aisteoirí Mhíobhaigh go dtí an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta i Luimneach leis “An Teach Mór” i dtús mí na Bealtaine agus bhí siad ar an ardán arís i nGlaschú ar 6 Meitheamh. Beidh tuilleadh faoi seo sa chéad eagrán eile. Finola Harte .
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3