Guth Ghoill, Eagrán 20

Meitheamh 2008 Eagrán 20 13 Seo thuas pictiúr de pháistí Naíonra Dhiarmada agus Ghráinne a glacadh ar 6 Meitheamh agus iad ag imeacht ar thuras go “ Jungle King ”. Coiste Forbartha Charraig Airt Tá an coiste ag iarraidh agus ag achainí ar an phobal áitiúil a gcroí–dícheall a dhéanamh i gcomórtas na mBailte Slachtmhara agus i gcomórtas an Baile Beo i mbliana. Má tá sé ar intinn agat do theach nó d ’ áit gnoithe a phéinteáil i mbliana, a luaithe a thig leat é seo a dhéanamh is amhlaidh is fearr. Ta se tábhachtach go mbeadh caighdeán ard i gceist i gcur i láthair na dtithe uilig atá taobh istigh de limistéir an bhaile. Iarrtar ar an phobal cinnte a dhéanamh go bhfuil an áit saor ó bhruscair agus luifearnach agus an caonach a bhaint as na ''gutters ''. Má tá do chúl - chlós le feiceáil ag an phobal nó ag na breithimh iarrtar oraibh é a choinneáil go deas slachtmhar. Ghlac an coiste leis an dualgas atmaisféar Gaelach a chruthú sa cheantar agus beidh ceol traidisiúnta Mhí- obhaigh le cluinstin i rith an tSamhraidh. Beidh an chéad oíche cheoil ar an 12ú Iúil in Óstan Charraig Airt agus beidh oíche eile faoin aer ag an chearnóg le ceoltóirí na háite. Gan aon dabht beidh príomh imeacht an tSamhraidh ar siúl i Halla an Pharóiste ar Dé Luain an 4ú Lúnasa ag 8 i.n. Beidh saibhreas ceoil traidisiúnta an cheantair a chur i láthair an phobail. Beidh ceol, damhsa agus filíocht i nGaeilge agus i mBéarla ann. Beidh filí an cheantair ag aithris a gcuid filíochta agus beidh file eile as an cheantar, Frank Galligan, mar fhear an tí don oíche. Cuirfear sonraí iomláin an chláir ar fáil níos moille. Idir an dá linn is féidir libhse dhul i dteagmháil le bhur gcairde atá as baile sa dóigh is go dtig leofa na laethanta saoire a phleanáil thart ar na dátaí seo agus a bheith páirteach sa cheiliúradh speisialta seo. Léiriú iontach a bheas anseo de na tréithe éagsúla atá sa cheantar - ná caill ar do bheo é. Campa Samhraidh 2008 Tá Campa Samhraidh Gaeilge á eagrú ag Coiste Céim Aniar do pháistí bunscoile idir 6 agus 12 bliana d ’ aois, ón 28 Iúil go dtí 8 Lúnasa, in Ionad Chumann Lúthchleas Gael na nDúnaibh. Tá an Campa seo oscailte fosta do pháistí cuairteoirí ar mhaith leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Beidh costas de €35 ann do sheachtain amháin nó €60 don choicís. Beidh na hábhair uilig déanta trí mheán na Gaeilge agus tá réimse leathan imeachtaí a bpleanáil amuigh faoin spéir agus taobh istigh. Le d ’ áit a chur in áirithe cuir scairt ar Fíona nó Sally ar 074 9154830. Dioplóma sa Ghaeilge Cúrsa Gaeilge páirtaimseartha san Ionad Acmhainne, Na Dúnaibh. Is féidir an cúrsa seo a dhéanamh thar dhá bhliain nó, do dhaoine atá líofa sa Ghaeilge, thar bhliain amháin. Tá an cúrsa seo faoi choimirce Ollscoil Mhig Aodha, Doire agus is féidir lea- núint ar aghaidh uaidh agus Cúrsa Céime a dhéanamh. Dhá oíche sa tseachtain atá i gceist agus cuirfear tús leis na ranganna i mí Meán Fómhair. Tuilleadh eolais ó Chéim Aniar, Na Dúnaibh. Fón 074 9154830. An Teach Mór Dráma grinn le hAisteoirí Mhíobhaigh a chur i láthair i gColáiste Ros Goill , Na Dúnaibh Dé Luain, 21 Iúil, 2008 8.00 i.n .

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3