Guth Ghoill, Eagrán 20

Meitheamh 2008 Eagrán 20 14 Feadaímó Chaith Feadaímó an t - uisce amach an doras agus thriomaigh sé a aghaidh. Bhí a sheanmháthair ina suí sa chlúid agus aoibh bheag gáire ar a haghaidh. Shuí Feadaímó sa choirnéal ansin agus é ag cuimilt a bhróga troma le sean - bhratóg. Bhí a athair ina shuí le taobh na fuinneoige ag coiriú pota gliomaigh. Anois is arís chaith sé leathshúil ar Fheadaímó. Cad é faoi Dhia a bhí Feadaímó ag déanamh tráthnóna samhraidh. De ghnáth bheadh sé amuigh leis na boic óga eile ag siúl na mbóithre ag comhrá agus ag cleasaíocht go h - uair an mheán oíche. Sheas Paidí agus thóg sé aibhleog ón tine agus las sé a phíopa. Chuaigh sé a fhad leis an leathdhoras agus d ’ amharc sé amach. D ’ éirigh an madadh ón teallach agus bhain croi- theadh maith as féin ach luigh sé síos ar ais nuair a d ’ aithin sé nach raibh Paidí ag dul amach. “ Nach breá an tráthnóna é, ” dúirt Paidí. Cha shílim go bhfuil an oiread gaoithe amuigh is a mhúchadh coinneal. Leis sin léim an coileach suas ar an leathdhoras agus bhuail Paidí é lena bhairéad. “ Imigh leat, a ghadaí gan mhúineadh, ” a dúirt sé. Níor fhan an coileach ar an darna buille agus anuas leis is achan ghairm uaidh ag briseadh suaimhneas an tráthnóna. “ Isteach sa phota a ba cheart a chur, ” dúirt sé, agus d ’ amharc sé ar Fheadaímó. “ Chan fhaca mé bróg ar do chos ariamh ag an am seo don bhliain. Agus rud eile de, cha chuirfeá a leithéid de snas ar bhróg is an t - easpag sa teach pobail. ” Níor thóg Feadaímó a cheann ar chor ar bith. Shín Paidí é féin ar leathuillinn ag amharc amach agus gach aon smailc as an phíopa aige. Cha raibh sé ag súil le seo. Ní raibh amhras ar bith fá dtaobh de, bhí bean i gceist. Cad é ’ n dóigh ar tharla seo i ngan fhios dó? Bheadh air labhairt le Feardaí Ghracie Bháin. Eisean a rinne na cleamhnais uilig faoin cheantar. Bhí gaol agus cleamhnas i bhfad ró - thábhachtach lena leithéid de rud a fhágáil ag na boic óga. Cha bheadh a fhios agat cén cineál mná a thiocfadh chun an tí. B ’ fhéidir bean ó theaghlach gan talamh, nó bean gan spré, nó níos measa arís, bean gan gaol le muintir na háite. Bhí Paidí domhain ina chuid smaointe féin nuair a chuala sé Feadaímó ag caint. “ Seo, lig amach mé, tá an tráthnóna ag dul amú agus tá píosa le dul agam. ” Fear mór a bhí in Paidí ach bhí seacht n - orlach ag Feadaímó air. Chrom Feadaímó a cheann agus chuaigh amach. Thug Paidí faoi deara go raibh na bróga ceangailte le chéile agus iad crochta ar a mhuineál ag Feadaímó. Mairfidh na bróga sin tamall más mar sin atá tú a gcaitheadh, ” dúirt sé, ach níor dúirt Feadaímó a dhath. D ’ imigh sé agus é ag feadaíl. Choinnigh Paidí a shúile air go bhfeicfeadh sé cén bealach a raibh sé ag dul. Le sin tháinig máthair Fheadaímó isteach ón bhóitheach agus buicéad bainne lei. “ Cá bhfuil Feadaímó ag dul? ” ar sise, “ Tá cuma air go bhfuil deifre air. ” “ Chan iontas ar bith sin, a Nuala, ” a dúirt Paidí, gheallfainn bliain de mo shaol gur bean atá ag fanacht ar mhac s ’ againne. ” Thi- ontaigh Nuala. “ An bhfuil tú cinnte? Char mhothaigh mise iomrá ar bith ar bhean. Níl sé ach ocht mbliana déag ”. Rinne Cití casacht bheag agus stad sí den chniotáil. “ An é nach dtug tú faoi deara roimhe, a Nuala, gur fear atá i do mhac. An fear is fearr sa pharóiste gan amhras ar bith, ” dúirt sí. “ An rud é nár aithin sibh go raibh Feadaímó ag dul thart mar a bheadh cat millte ag crónán ó mhaidin go hoíche le tamall anois? ” “ Ó, a Dhia, ” arsa Nuala. “ Caithfidh tú rud éigin a dhéanamh, a Phaidí. Cad é atá ag Feadaímó le tabhairt do bhean? Agus rud eile de, níl mise ag iarraidh bean eile istigh anseo sa mhullach orm go fóill. ” “ Glac go socair é, a Nuala, ” dúirt Paidí, níl duine ar bith ag caint fá phósadh go fóill. Rachaidh mise a fhad le Feardaí Ghracie Bháin anocht agus socróidh muid rud éigin. ” “ Nach raibh tú ag éisteacht, arsa Nuala, “ dúirt mé nach raibh mé ag iarraidh bean eile istigh anseo, agus nuair a thiocfas an t - am, beidh focal le rá agamsa faoin chineál bhean atá ag teacht isteach. Níl mise ag iarraidh mo shea- naois a chaitheadh le cailleach nimhneach faoin dhíon chéanna. ” Thosaigh Cití ag gáire. “ Maise, má tá aithne ar bith agamsa ar Fheadaímó, cha shílim go mbeidh focal le rá ag aon duine den bheirt agaibh faoin bhean a roghnóidh sé. ” Níor chuala Feadaímó a dhath den chomhrá seo agus é ar a bhealach chun an Ghleanna, agus dá gcluinfeadh chuirfeadh sé iontas air. Ní raibh Feadaímó ag smaoineamh ar phósadh ar chor ar bith. Bhí sé go díreach chun cuairt a thabhairt ar theach Mhicheál Uí Dhubhaigh, an fear a cheannaigh an bhó uaidh ar an aonach i gCarraig Airt coicís ó shin. Bhí iníon ag Micheál ceart go leor ach níor leag Feadaímó súil uirthi ach uair amháin agus ba sin lá an aonaigh. Ní raibh a fhi- os aige cé acu a bheadh suim dá laghad ag an chailín óg seo ann ach bhí a fhios aige nach raibh a dhath eile ar a intinn aige ón lá sin ach an cailín seo. Gráinne a bhí uirthi agus i dtaca le

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3