Guth Ghoill, Eagrán 20
Meitheamh 2008 Eagrán 20 15 Feadaímó de ní raibh a bualadh le fáil thall nó abhus. Ba í an cailín óg ba bhreátha a casadh ar Fheadaímó ina shaol agus bheadh lúcháir air dá gcaithfeadh sí cúpla focal ina threo gan a bheith ag caint faoi phósadh. Ba shochma shuaim- hneach an tráthnóna é agus cha raibh sé i bhfad ag baint plaic as a thuras. Shuigh sé ar dhroi- chead bheag ag amharc siar ar theach Mhicheáil agus chur sé air a bhróga. Bhí siad chomh glan le bonn úr ach san am chéanna mhothaigh sé go raibh sé ag cailleadh uchtaigh agus bhí a bhéal chomh tirim sin nach raibh a fhios aige cé acu a bheadh sé ábalta labhairt leis an chailín seo ar chor ar bith. Bhí sruthán beag thíos faoi agus d ’ ól sé braon amach as. Nuair a d ’ éirigh sé bhuail cloch é sa chloigeann agus thit sé ar a dhroim isteach sa tsruthán. Chuala sé gáire agus daoine ag caint ach ghlac sé tamall beag air an mearbhlán a ghlanadh óna cheann. D ’ éirigh sé agus d ’ amharc suas ar an droichead. Bhí cúigear ag stánadh anuas air. Fir mhóra uilig a bhí iontu agus d ’ aithin Feadaímó iad. Clann Mhic Suibhne a bhí ann agus níor scéal maith ar bith ab ea seo d ’ Fheadaímó. Bhí droch - chlú orthu agus ní hannamh a thóg na boic chéanna racán ar aonach nó ar ócáid phoiblí ar bith den tsórt sin. Labhair Dinní, an dearthár is sinne. “ Cad é atá fear na bhfaochóg ag déanamh fán bhaile s ’ againne tráthnóna mar seo? ” “ Gadaí atá ann ” arsa fear eile acu. “ Déarfainn go bhfuil sé go díreach ag feitheamh ar an dorchadas lena dhroch - ghníomh a dhéanamh ” Bhuel, a Mhicí Óg, ” arsa Dinní, “ b ’ fhéidir go bhfuil an ceart agat, agus má tá, cad é do bharúil a ba cheart dúinn a dhéanamh leis. ” Bhí an fhuil ag dul isteach ina shúil agus chuir Feadaímó suas a lámh le é a ghlanadh. “ Ó ”, arsa Dinní, “ tá sé gortaithe. An bhfuil sin nimhneach, a ghasúir bhig? Mhothaigh Feadaímó an fhearg ag éirigh ann ach choinnigh sé smacht air féin. Bhí siadsan ar an droichead agus eisean i bpoll. Cha chuirfeadh sé isteach ná amach orthu tuilleadh cloch a chaitheadh anuas sa mhullach air. Ghlac sé coiscéim suas agus bhuail cloch eile a ghualainn. “ Na bog thusa orlach, a dhiúlaigh, ” arsa Dinní. Sheas Feadaímó. “ Cad chuige an bhfuil sibh ag déanamh seo?, ” a dúirt sé. Cha dear mise a dhath oraibhse. ” “ Níor íoc tú cáin an bhealaigh, ” arsa Dinní, “ tá toistiún le híoc ar an droichead seo. ” “ Ní raibh a leithéid de rud ann ariamh, ” dúirt Feadaímó. “ Bhuel tá anois ”, arsa Labhraidh. Fear ard caol a bhí ann agus bhí casadh sa tsúil. Thóg sé cloch eile agus thaispeáin sé é d ’ Fheadaímó. “ Tá cúig soicind agat leis an cháin a íoc, agus muna ndéanann tú sin bhéarfaidh mé seo duit idir an dá shúil. “ Seo an dóigh a bhfuil sé, a Labhraidh, ” dúirt Feadaímó, “ dá mbeadh sé ar intinn agam do cháin a íoc, níl leathphingin liom, so tá sé go réidh agat an chloch sin a scaoileadh uait. Cibé ar bith, leis an tsúil cham sin atá agatsa ní shílim go bhfuil mé i gcontúirt mhór ar bith. ” Bhí Labhraidh tógálach fána shúil agus bhí a fhios ag Feadaímó seo go maith. Chaith Labhraidh an chloch ach an t - am seo bhí Feadaímó réidh. Phioc sé an chloch amach as an aer mar a bheadh sliotar ann agus chaith sé ar ais é le achan unsa nirt a bhí ina chorp. Bhuail an chloch Labhraidh idir an dá shúil agus thit sé mar a bheadh mála coirce ann. D ’ amharc na deartháireacha eile ar Labhraidh le hiontas. Cha raibh siad ag súil le seo ar chor ar bith agus rómhall a lig Séamaí, an fear ab óige, scairt rabhaidh as. Bhí Feadaímó istigh ina measc agus a dhá dhorn ag pléascadh a n - aghaidheanna. Thóg sé Dinní mar a bheadh bábóg ann agus chaith sé trasna an droichid é. Bhuail sé Séamaí faoin smig agus chuaigh sé tóin thar cheann síos sa mhullach ar Dinní. Thit an croí as an bheirt eile agus scaip siad mar a bheadh caoirigh roimh mhadadh. Ní raibh fágtha ar an droichead ach Labhraidh ach ní raibh bogadh as. Chuala Feadaímó scairt agus tháinig Micheál Ó Dubhaigh ina rith agus casúr adhmaid ina lámh. Shuí Feadaímó. “ Tchím go bhfuil mé ró - mhall le cuidiú a thabhairt duit, ” a Fheadaímó. “ Cha raibh cuidiú ar bith a dhíobháil ormsa le múineadh a chur ar scaifte mar sin ” a dúirt Feadaímó. “ Ach san am céanna, ní thuigim an fáth ar thosaigh si- ad ormsa. Cha raibh baint ar bith agamsa leofa ariamh. ” Tháinig srannfach beag as béal Labhraidh. “ Níl sé marbh cibé ” dúirt Micheál, “ ach beidh cloigeann nimhneach air ar feadh tamaill. ” Sheas Feadaímó, “ ní eisean an t - aon duine a bhfuil cloigeann nimhneach air, ” ar seisean. “ Goitse, ” arsa Micheál. Caithfidh mé rud éigin a dhéanamh faoin chneá sin. ” Bhí Gráinne ina seasamh ag an doras nuair a fuair siad a fhad le teach Mhicheál agus ní raibh ar intinn Fheadaímó ach go raibh a chuid bróga salach i ndiaidh chomh cúramach agus a bhí sé leo. Beidh an chuid eile den scéal sa chéad eagrán eile. * * *
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3