Guth Ghoill, Eagrán 20

Meitheamh 2008 Eagrán 20 3 Caiseal na dTuath Tuath an t - ainm a bhí ar thaillte an fhine sa cheantar. Is ó Thuatha Dé Danann a thagann an t - ainm seo, dream réamh - Cheilteach a bhí in Éireann fadó. Bhí 150 tuatha sa tír, agus caithfidh gur seo ceannáras cheann amháin acu. Tógadh Caisleán na dTuath mar dhún nó suí ag Clanna Suibhne sa 16ú aois. Is é seo an príomh chaisleán a bhí acu. Tá balla - bábhún thart ar an túr lárnach sa chaisleán agus amharcann sé amach ar an fharraige ar thrí thaobh. Mar go bhfuil Caisleán na dTuath ar cheann de na dúnfoirt is láidre i nDún na nGall, tá páirt lárnach aige i stair na hÉireann. Tá cosúlachtaí idir an chaisléan agus na Túir - Thithe in Alban. Is ceann de na caisléain is fearr caomhnaithe in iar - thuaisceart na hÉireann é. Ba é Maolmhuire an Bhata Bhuí an taoiseach deireanach i dTuath agus Ros Goill. Rinneadh taoiseach de i 1596. Throid sé ar an dá thaobh sa chogadh idir na hÉireannaigh agus na Sasanaigh. D ’ aistrigh sé a dhílseacht cúpla uair i rith na tréimhse seo. Chuaigh sé go Cionn tSáile le hAodh Rua Ó Dónaill i 1601. Ach throid sé do na Sasanaigh i gcoinne Chahir U í Dochartaigh i 1608 (nuair a bhí Cahir bunaithe sa chaisleán). Bhunaigh Cahir Ó Dochartaigh a cheannáras anseo sula ndearna sé ionsaí ar chathair Dhoire sa bhliain 1608. Fuair Clann Mhic Suibhne an caisleán ar ais i 1641 agus tháinig Eoghan Rua Ó Néill i dtír ag Caisleán na dTuath nuair a d'fhill sé ón Eoraip chun a bheith ina cheannfort ar Éirí Amach na bliana 1641. I ndiaidh athghairm Charles II i 1660, ghlac na Sasanaigh seilbh ar an chaisléan go dtí na 1690í, nuair a fuair Clann Mhic Suibhne seilbh arís air. Rinneadh athchóiriú ar an chaisléan thart fá 1800 agus bhí daoine ina gcónaí ann go dtí go luath sa 20ú aois. Tá sé faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) anois. An Reilig ag Caisleán na dTuath Ón 14ú go dtí an 16ú aois adhlacadh muintir Mhic Suibhne sa reilig i nGartán in aice le háit bhreithe Cholmcille. Ach nuair a tógadh an caisléan thosaigh siad ag cur a muintire sa reilig anseo. Tá leac speisialta anseo do mhuintir Chlann Suibhne a adhlacadh anseo. Fiú nuair a ghabh na Sasanaigh an caisléan agus taillte na n - Éireannach níor chur siad cosc orthu a muintir a chur sa reilig. Rinne úinéir an chaisleáin sna 1830í, an Caeptaen Hart, an leac a chur isteach i mballa na reilige chun é a chosaint. Is é Eoghan Rua Mac Suibhne an duine deireanach de Chlann Suibhne a cuireadh sa reilig go luath sna 1850í. Ó shin i leith adhlacadh iad i nGartán. Cormac Mac Ualghairg An Reilig ag Caisleán na dTuath

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3