Guth Ghoill, Eagrán 20
Meitheamh 2008 Eagrán 20 4 Na Kellers. Ba as an Eilbhéis do Louis Keller agus tháinig sé anseo le dhul ag obair in Óstlann Ros na Binne sna daichidí. Hilda May ab ainm don bhean agus ba Sasanach a bhí inti. Bhí beirt clainne acu, Hilary agus Margaret. Tá Hilary pósta fá cheantar Bhun Cranncha ach níl mórán eolais againn faoi Mhargaret. Ba na Kellers a thóg an teach sin a bhfuil Rory Ó Gallchóir ina chónaí ann anois. St. Etna an t - ainm a bhí acu ar an teach agus tá stíl agus cosúlacht na hEilbhéise ar an dearadh. Teach an Chef a thugtaí ar an teach seo sa tseanam agus leoga chluinfeá daoine ag tabhairt an t - ainm sin air corruair go fóill, no bfhéidir iad ag caint faoi choirnéal tí Chef. Daoine príobháideacha a bhí iontu agus choinnigh siad acu féin cuid mhór. Ba ghnách le Hilda May turasóirí a choinneáil agus tae beag a dhéanamh do thurasóirí chomh maith. Ba ghnách léi fosta a bheith ag déanamh bábóg do charthanachtaí. I ndiaidh dóibh tréimhse a chaitheamh anseo d ’ imigh siad go dtí an Aifric Theas ag tús na gcaogadaí ach ní raibh siad ansin ach cúpla bliain nuair a phill siad ar ais ar na Dúnaibh. Dhíol Louis an teach le clann Uí Ghallchóir (Micí Ned Ruaidhrí) i 1971 agus chuaigh se féin agus Hilda May a chónaí i gcarbhán ar thaobh na scoile do theach Rory go dtí go bhfuair seisean bás i mí Márta 1977. D ’ fhág sise an carbhán agus chuaigh sí anonn go Bun Cranncha chuig a mac Hillary agus ba ansin a fuair sí bás i mí na Bealtaine 1988. * * * * Teach Cheann na Leargaidh . Ba é an ministir Edward Clarke ón tSrath Bán, fear a bhí ina shéiplíneach leis an Chabhlach Ríoga (Royal Navy) a thóg an teach breá seo fán bhliain 1912. Fuair a bhean chéile agus a iníon Rachel Dill L ’ amie an teach le hoidhreacht nuair a fuair an ministir bás sa bhliain 1916. Cheannaigh Caitlín Nic Lochlainn (Cití Bhill) as Dún Dúbháin an teach ó Bhean Dill L ’ amie sa bhliain 1951 ach ní dheachaigh sí a chónaí ann. Ligeadh an teach amach ar cíos ar feadh tréimhsí ansin sular dí- oladh é leis an Chaptaen Wilshere sa bhliain 1957. Rinne an Captaen cóiriú ar an teach agus chuir sé síneadh leis agus chaith sé féin agus a bhean Rosemary traidhfil blianta ina gcónaí ansin. Bhí beirt mhac acu, Paidí a bhí ar Choláiste i mBaile Átha Cliath agus Bill a bhí ina chónaí sna Stáit Aontaithe. Bhí saol an mhadaidh bháin ag an lánúin seo. Bhí daoine fostaithe acu sa teach i gcónaí; bhí cailín a raibh Caitlín Nic Aodha uirthi leo nuair a tháinig siad anseo agus lena chois sin bhí cúpla duine ón cheantar fostaithe acu go lánaimseartha mar a bhí, Violet Nic Giolla Teach Keller (Teach an Chef) Ag tógáil an tí sa bhliain 1950. Paidí Wilshere, Violet Nic Giolla Shionnaigh agus Nóra Nic Fhionnghaile
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3