Guth Ghoill, Eagrán 20

Meitheamh 2008 Eagrán 20 5 Shionnaigh, Nóra Nic Fhionnghaile, agus Áine Nic Fhionnghaile. Phós Caitlín fear as Carraig Airt darbh ainm Pádraig Ó Buaidhe, mac ‘ Johnny an Ghréasaí ’ agus chuaigh a chónaí i dTiobráid Árainn, áit a bhfuil siad go fóill. D ’ imigh an Captaen agus a bhean go Bermuda ar feadh cúpla bliain agus ina dhiaidh sin tháinig siad ar ais agus rinne siad cónaí ar Oileán Mhanainn, áit a bhfuair Rosemary bás i Meitheamh na bliana 1964. Ach bhí a croí anseo i Ros Goill agus cuireadh í sa reilig in aice le hEaglais na hÉireann i gCarraig Airt. Tá a mac Paidí ina chónaí i mBaile Átha Cliath go fóill. Cheannaigh Margaret Dunn as Contae an Dúin an teach sa bhliain 1968 mar theach saoire agus thagadh sí féin, a fear céile Tom, agus an chlann anseo go rialta ar laethanta saoire agus deirí seachtaine. Daoine cairdiúla, cuideachtúla a bhí iontu agus ba charachtar a bhí in Tom é féin a bhain greann as an tsaol. Ní raibh a dhath arbh fhearr leis a dhéanamh ná a dhul amach ag iascaireacht ina bhád bheag ar an Mhaol Ruaidh. Dhíol siad an teach sa bhliain 1987 tamall i ndiaidh do Tom bás a fháil. Ba é Aodh Mac Giolla Bhríde (Hughie Hughie Óg) as na Dúnaibh a cheannaigh an teach agus tá sé féin agus a bhean chéile Heather ag tógáil a gclann ann anois. Is deas an rud é go bhfuil an teach breá seo in úsáid anois ag teaghlach de bhunadh na háite. Teach Mhic Giolla Shionnaigh. Thuas os cionn na gcottages i gCeann na Leargaidh bhí teach Mhic Giolla Shionnaigh nó teach Isaac mar ab fhearr aithne air. Ba sa teach seo sa bhliain 1886 a rugadh James Mac Giolla Shionnaigh nó James Isaac mar a tugadh air. Ochtar ar fad a bhí sa chlann agus ba James an duine ba shine acu. Ar an mhuin- tir eile bhí William, John, Isaac, Annie, Cathe- rine, Margaret, agus Mary. D ’ imigh an t - iomlán acu go Meiriceá ach amháin James, a d ’ fhan sa bhaile leis an fheirm a reáchtáil. Pósadh James agus Cití, iníon le Alec (Elec) Mac Giolla Shionnaigh as Míobhaigh Íoch- tarach. Ba fhíodóir a bhí in Alec agus bhí och- tar eile sa chlann comh maith le Cití - Andy, Alec, Robert, agus Thomas a chuaigh go Me- iriceá, Willie a chur faoi i Sasana, Letitia a fu- air bás ina hóige agus David agus Maggie a bhí sa bhaile i Míobhaigh Íochtarach. Is fiú a lua gur rugadh máthair Chití, bean a raibh Mary Moore uirthi sna tithe a bhí ar Mhalaigh an Fhraoigh agus a clúdaíodh i ngai- neamh le linn na stoirmeacha gainimhe sa naoú aois déag. Bhí sí tuairim is deich mbliana d ’ aois nuair a tharla seo agus ansin d ’ aistrigh an teaghlach suas go Tír Leathan agus bhí siad ina gcónaí sa teach sin a bhfuil Paidí Cullen agus a theaghlach ina gcónaí ann anois. Teach Cheann na Leargaidh Clann Mhic Giolla Shionnaigh céad bliain ó shin Mary Moore

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3