Guth Ghoill, Eagrán 20

Meitheamh 2008 Eagrán 20 6 chuid ama idir é agus ceárta Mhic Gairbhe. Ceathrar a bhí ina gcónaí i dteach Mhic Giolla Shionnaigh san am sin; seanChití, a hiníon Cassie agus Violet iníon le Cassie. Bhí Den Mac Laifeartaigh nó Den Mháire mar ab fhearr aithne air ina chónaí sa teach fosta. Chuaigh Den ar fostú anseo agus é ina stócach óg agus chaith sé páirt mhaith dá shaol ann. Bhí feirm bhreá ag muintir Mhic Giolla Shionnaigh i gCeann na Leargaidh mar a luaigh mé cheana féin. Bhí talamh acu amuigh in aice le scoil Cheann na Leargaidh agus fosta thíos in aice le Lag na hUillinne, áit a dtugtaí an ‘ lag ’ air. Ba talamh curadóireachta a bhí i gcuid mhaith de seo ach bhí neart talaimh féaraigh ann comh maith. Bhí lear trealaimh feirmeoireachta i gcónaí fán teach agus is cinnte go raibh tarracóir ansin i bhfad sula raibh siad ar fheirmeacha eile. Bhí ‘ farmall cub ’ dearg acu agus ba Den a bhíodh breá bródúil as féin agus é amuigh ag obair leis. Bhí cuid mhór oibre ag baint leis an fheirm mar go raibh tréad mór eallaigh acu fosta, ba bainne ina measc agus ba ghnách leo bainne a sholáthar do theaghlaigh eile. Ní raibh bean sa pharóiste a d ’ oibrigh comh dícheallach ar fheirm agus a rinne Cassie, ní raibh aon ghné den obair fheirme nach raibh lámh aici ann agus ba í a bhlíodh na ba uilig. Agus cé go mbíodh sí de shíor ag obair bhíodh aoibh lách fháiltiúil i gcónaí uirthi. Ach is cuimhin liom go maith maidin Domhnaigh amháin ar chur mé fearg go leor uirthi. Bhí veain ag Den sna caogaidí, ceann glas a raibh fuinneoga ar na taobhanna. D ’ fhágadh sé an veain ina shuí ar an tsráid cois an sciobóil nuair nach mbeadh sé a úsáid. Ba ghnách liom féin léimint isteach is amach inti agus a bheith ag tarraingt ar an roth stiúrtha, mo shamhlú Chaith James Isaac a shaol ag dul den fheirmeoireacht agus bhí feirm bhreá aige an- sin i gCeann na Lear- gaidh. Bhí dhá chapall aige i dtólamh agus lena chois sin bhí carr cli- athánach aige agus ba ghnách leis daoine a bhí- odh ag imeacht ar an traein a thabhairt go dtí an stáisiún traenach ar an Craoslach. Nuair a hathbhunaíodh an tSeirbhís Tarrthála Cósta sa cheantar sa bhliain 1924 ba James a bhí ina bhun. Ach sa bhliain 1937 fuair James bás gan é ach leathchéad bliain d ’ aois. Chuir mé féin aithne mhaith ar an teach seo agus mé ag éirigh aníos sna caogaidí agus i dtús na seascaidí mar gur chaith mé bunús mo James Isaac Den Mháire, seanChití agus Willie Mac Garbheith Den ar an “ cub ”

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3