Guth Ghoill, Eagrán 20
Meitheamh 2008 Eagrán 20 7 sé mise leis dá mbeinn thart, ag cur nó ag cruinniú prátaí, ag cur amach aoiligh, ag sábháil féir, ag sábháil móna, ag tarraingt uisce, nó ag cóiriú sconsaí. Dár ndóigh mar lu- ach saothair ar cibé timireacht a dhéanfainn dó ligfeadh sé domh an tarracóir a stiúradh. Ba mhór an t - ábhar maímh a bhíodh ann domh féin a bheith ag insint do pháistí eile go raibh mé ag ‘ tiomáint tractor Den Mháire ’. Macasamhail tí feirme ar bith dá leithéid bhí cuid mhór ag dul ar aghaidh i gcónaí fán teach agus daoine ag teacht is ag imeacht, rud a d ’ fhág nach raibh easpa cuideachta ariamh ann. Chaitheadh seanChití a cuid ama fán chistin agus tchím í go fóill agus í crom os cionn na tine ag déanamh ‘ pancakes ’ agus ba seo rud a rinne sí go rialta agus a Dhia! nach iad a bhí blasta agus nach ise a bhí fial. B ’ i- omaí tráthnóna Sathairn agus í ina seasamh sa choirnéal ag smúdáil a ba ghnách léi cúpla ciarsúr póca a chaitheamh chugam. Ní cuimhin liom í ariamh íde béil a thabhairt domh ná bagairt orm agus tá mé cinnte go dtug mé an t - ábhar sin dithe minic go leor. Fuair seanChití bás i mí Márta 1965 agus í naoi mbliana déag agus na trí scór. Maidir leis an veain a luaigh mé tamall ó shin ba seo an veain a bhí le Den an Domhnach sin a chuaigh muid go Leitir Ceanainn a raibh na Dúnaibh ag imirt i gcluiche ceannais peile na Contae sa bhliain 1957. Is cuimhin liom go maith go raibh Hughie Carr (Hughie Fhánada) , Micheál Mór Mac Giolla Bhríde (Micheál Dhonchaidh Mhicheáil) agus a uncail Paidí, agus Antoin a ’ Dochartaigh (Antoin an Oileáin) leis agus lena chois sin bhí mé féin agus Danny Connor; bhí mise tarraingt ar ocht mbliana ag an am agus Danny cúpla bliain níos sine. Níl mórán cuimhne agam ar an chluiche féin ach tá cuimhne mhaith agam ar chúpla eachtra a tharla ina dhiaidh sin. Dár ndóigh tugadh ruaig isteach i roinnt tithe leanna i ndiaidh an chluiche agus níl cuntas ar an líon ‘ cream sodas ’ a ceannaíodh domh féin agus do Danny. Ansin tugadh muid isteach i mbialann agus leathbealaigh fríd an bhéile tosaíodh ag argóint, cur i gcéill dár ndóigh, faoi cé a bhí dul a íoc as an bhéile. Tá cuimhne agam go raibh mé féin agus Danny imníoch go leor faoi seo mar dár ndóigh cha raibh leathphingin rua fágtha idir an bheirt againn, chan mórán a bheadh linn cibé is dócha, agus cha raibh féin ag dul amach an bealach mór ar luas na gaoithe. De réir dealraimh an mhaidin áirithe seo chaith mé í amach as giar agus chas mé an roth stiúrtha thart rófhada agus d ’ imigh an veain le fána síos an tsráid. Léim mé féin amach aisti sula ndeachaigh sí rófhada ach ar shiúl leis an veain isteach sna seisreacha agus sna cliatha fhuirste a bhí ina luí taobh istigh de bhallaí na sráide. Ní raibh Den fán teach ach rith Cassie amach as an teach nuair a chonaic sí an veain ag dul thart leis an fhuinneog agus is breá feargach a bhí sí liom. Ach sílim ag an am chéanna go bhfuair sí faoiseamh mór nuair a chonaic sí mé ina sheasamh ansin agus nach thiar faoin veain a bhí mé! Agus má bhí sí feargach liom cha dtiocfaí a bheith ina dhiaidh sin uirthi. Choinnigh mé amach as cosán Den go ceann fada go leor ina dhiaidh sin. Cé go raibh Den lán grinn agus cleasaíochta in amanna, d ’ fhéadfadh sé a bheith confach agus goirgeach go leor fosta agus bhí amanna eile ann a mbu- aileadh taomanna feirge é gan mórán cúise agus nuair a tharlódh sin chaithfí a réim féin a thabhairt dó. Ach sin agus eile ba chuma cá mbeadh sé ag dul ar an tarracóir thabharfadh Cassie Nic Giolla Shionnaigh
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3