Guth Ghoill, Eagrán 20

Meitheamh 2008 Eagrán 20 8 barúil ar bith againn gur ag magadh a bhí siad. I ndiaidh an bhéile cuireadh an bheirt againne isteach sa veain ansin a fhad agus bhí na fir ag ól cúpla deoch eile. Ní cuimhin liom cad é comh fada agus a bhí muid ansin ach is cuimhin liom go maith go raibh géarghá againn don leithris i ndiaidh an méid a bhí ólta againn ach ní raibh mórán a thiocfadh linn a dhéanamh faoi sin agus muid páirceáilte ar phríomhshráid Leitir Ceanainn. Bhí muid i gcruachás ceart nuair a thug duine againn faoi deara go raibh poll in aice le doras cúil an veain. Ní raibh dóigh ar bith eile as !! Choimhéad muid an sruth uisce ag reáchtáil síos sráid Leitir Ceanainn agus ár gcroíthe amuigh go dtabharfaí faoi deara é, níl a fhios agam cad chuige? Caithfidhse gur phill na fir ar ais go gairid ina dhiaidh sin mar tugadh faoi deara an t - uisce agus ba Micheál Mór a labhair: ‘ Den ’ ar seisean, ‘ caithfidhse go bhfuil leak sa veain seo! Dár ndóigh bhí a fhi- os acu go damanta maith cad é a bhí ann ach cha dtiocfadh leo an deis a ligean thart gan giota magaidh a dhéanamh. Shiúil siad thart fán veain ag amharc agus ag scrúdú, ag magadh is ag gáirí. Ansin léim Den isteach sa veain agus achan gháire aige. ‘ Tá mé den bharúil gur sna gasúraí tá ’ n leak ’! ar seisean. Sa bhliain 1960 pósadh Violet ar Phádraig Ó Gallchóir, Paidí Mhicí Mhánais as an Ghlíob agus chuaigh siad a chónaí ansin i dteach Phaidí ar an Ghlíob agus bhí cúigear clainne acu; Sally, Séamas, Johnny, Mary Teresa, agus Micheál agus tá siad uilig ina gcónaí agus pósta sa cheantar. Ar an 30ú lá de Nollaig 1964 phós Den Mháire é féin Bidí Duffy as Baile a ’ tSléibhe. Rinne sé athchóiriú ar an teach beag ar an Mhuirleog inár rugadh agus inár tógadh é féin ann agus chuaigh siad a chónaí ansin. Ach chuaigh Den isteach i ndrochshláinte agus fuair sé bás sa bhliain 1973. Tá Bidí beo beathach go fóill agus í ag fáil an chuid is fearr de chúram agus d ’ aire óna nia Dinis Duffy agus a bhean Madge. Tá sí anois ar dhuine de na daoine is sine sa pharóiste agus í trí bliana ón chéad agus súil againn uilig go bhfeicfidh sí an céad agus tuilleadh lena chois. Ní raibh an tsláinte go rómhaith ag Cassie agus í ag dul siar in aois agus leoga cha raibh seo tuillte aici i ndiaidh chomh crua agus a d ’ oibrigh sí i rith a saoil. Ba mhór an trua nach bhfuair sí faoiseamh agus deis sult a bhaint as an saol ag deireadh a cuid laetha ach ní sin mar a bhí. Fuair sí bás ar an 9 Feabhra, 1985. Nuair a fuair seanChití bás sa bhliain 1965 d ’ aistrigh Paidí agus Violet ón Ghlíob go Ceann na Leargaidh. I ndiaidh do Phaidí monarcha Mhic Nutt a fhágáil sa bhliain 1970 d ’ oibrigh sé go lánaimseartha ar an fheirm. Bhí saibhreas mór Gaeilge ag Paidí, stór scéalta agus é lán seanchais agus lena chois sin bhí sé tugtha den ghreann. Ba chuideachta iontach a bhí ann. Agus cosúil le muintir Mhic Giolla Shionnaigh féin bhí sé fial flaithiúil agus ina scoth comharsan. Ach ar an drochuair fuair sé bás nuair nach raibh súil leis sa bhliain 2004. Níl an gleo, daoine ag teacht is ag imeacht, búireach eallaigh, tafann madaidh, grágáil agus scolgarnach na n - éanlaithe feirme ná na fuaimeanna feirme eile a bhí le cluinstin fá theach Isaac ansin níos mó. Cosúil le ceárta Mhic Gairbhe tá an ré sin thart agus muid anois istigh i ré mór na teicneolaíochta. Nach orainne a bhí thart san am sin a bhí an t - ádh go bhfuair muid blas agus taithí bhreá ar an seansaol agus a ndeachaigh leis. Tá Violet ansin léi féin anois ach nach deas di go bhfuil a clann agus a cuid garpháistí thart uirthi le cian a thógáil di agus le spreagadh a thabhairt dithe nuair a bhíonn sé de dhíth. * * * * Teach Shéarlaí Dháibhí. Bhí teach Chlann Mhic Giolla Shionnaigh nó teach Shéarlaí Dháibhí mar ab fhearr aithne air fán cheantar ar an chríoch thoir den bhaile Mícheál Mac Laifeartaigh, Cassie Nic Giolla Shionnaigh, Aodh Mac Laifeartaigh, Maggie Nic Giolla Shionnaigh (Elec) agus Máire Mhic Giolla Bhríde (Máire Eoin)

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3