Guth Ghoill, Eagrán 20

Meitheamh 2008 Eagrán 20 9 clainne acu, Michael agus Patricia. Tá an bheirt acu ina gcónaí i mBaile Átha Cliath. Is abhcóideach sinsireach é Michael. Ba Robert an duine ba shine acu agus d ’ oibrigh sé féin agus Tom go dícheallach ar an fheirm i gCeann na Leargaidh. Chaith Dick an chuid ba mhó dá shaol i Meiriceá ach thagadh sé ‘ na bhaile go rialta. Ba Maggie an t - aon bhean a bhí sa teaghlach agus bhí sí geallta lá den tsaol ar Joe Mc Nutt ach bhris sin suas agus chuaigh siad a mbealach féin. Níor phós sí ariamh. Ba ghnách le Annie Rooney cuid mhaith ama a chaitheamh fán teach ag timireacht agus í ina páiste. Ba dhaoine lách dea - chroíoch a bhí iontu. Bhí laethanta móra fán fheirm a mbíodh Annie ansin ag cuidiú le Maggie, lá a mbítí ag baint phrátaí, ag bualadh coirce, nó ag cur is- teach an fhéir. Ba ghnách le meitheal a bheith ansin ar na laethanta áirithe seo agus bhíodh Annie agus Maggie gnóthach ag ullmhú na mbéilí. Lá mór eile a bhíodh acu ná an lá a mbítí ag bualadh bainne, bhí tréad mór eallach acu agus ba Maggie í féin a rinne iad uilig a bhlí. Bhí cuimhne mhaith ag Annie ar cheann de na laethanta a raibh Dick ag imeacht ar ais go Meiriceá agus chuir sé ceist uirthi cad é ba mhaith léi é ceannacht dithe. Dár ndóigh girseach óg naoi nó deich de bhlianta cad é eile a déarfadh sí ach bábóg. Shíl Annie gur sin a dheireadh agus chomh luath agus a bheadh Dick ar shiúl amach cnoc an Station go mbeadh dearmad déanta aige den bhábóg. Ach chan sin mar a bhí mar an chéad uair eile a tháinig sé chun an bhaile as Meiriceá bhí bábóg dheas aige d ’ Annie a bhí déanta suas go hálainn is- tigh i mbosca. Shíl Annie an saol don bhábóg seo a bhí faighte aici agus is cinnte nach raibh mórán páístí fán áit sna triochaidí a mbeadh bábóg acu. Bhí Annie i ngrá lena bábóg agus í go maith isteach sna déaga ach lá amháin agus fearainn. Bhí feirm den scoth anseo, cuibhrinn bhreátha a reáchtáil síos go Lag na hUillinne agus talamh cnocach thuas ar chúl an tí a bhí fóirsteanach do chaoirigh. Bhí gairdíní úll agus toibreacha fíoruisce thart fán teach agus an chuid ab fhearr de threalamh feirme acu. Choinnigh siad tréad mór bó bhainne agus bhí neart éanlaith tís acu fán áit fosta; cearca, lachain agus turcaithe. Ina gcónaí anseo ag tús an chéid dheireanaigh bhí Robert, Tom, Davy, Dick agus Maggie. Davy an t - aon duine acu a bhí pósta. Bhí sé i gceannas ar na doirseoirí in Óstlann Ros na Binne ag tús a shaoil (Davy beag a thugtaí air) agus ansin níos faide anonn ina shaol thart fán bhliain 1935 thóg sé Óstlann na Trá (Beach Hotel) sna Dúnaibh. Bhí Davy beag ar dhuine den triúr a roghnaigh an Tiarna Liatroma le dhul go Sasana le gunnaí a cheannacht agus a thabhairt go hÉirinn do na Ulster Volunteers, rud a d ’ éirigh leo a dhéanamh. Thug siad lód gunnaí i dtír i Rawros ar bhád de chuid an Ti- arna sa bhliain 1913. Mar a dúirt mé ba Davy Beag an t - aon duine acu a bhí pósta agus bhí cúigear clainne aige, Mosie, Davy, Charlie, Ruby agus Irene. Bhí Irene ina banaltra sna Sé Contae agus ní raibh sí pósta. Bhí Davy agus Charlie ar shiúl as baile ach bhí Mosie thart bunús an ama ach ní raibh sé pósta. Bhí Ruby pósta ar an ealaíontóir Taylor Carson agus bhí beirt Davy Beag Óstlann na Trá

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3