Guth Ghoill, Eagrán 21
EagránÊ21ÊÊÊÊÊLúnasaÊ2008ÊÊ 10 tseanchros a bhí ag titim fosta agus ghlan siad thart ar ‘Charraig an Aifrinn’. Ghlac an obair seo blianta fada ach bhí toradh suntasach sa deireadh air, agus nach sona sásta atá muintir na háite go bhfuil siad ábalta cuairt a thabhairt ar a muintir a chuaigh rompu san áit shuaimhneach shíoraí seo cois cladaigh. Mar gheall ar an choiste bheag dhíograiseach seo tharla ócáid stairiúil i gceantar Ros Goill ar an 30 Lúnasa 1996, sin nuair a rinneadh na huaigheanna uilig a choisriceadh agus rinneadh Aifreann a cheiliúradh don chéad uair i gcuimhne na ndaoine atá curtha i Sean - Reilig Mhíobhaigh. Deirtear Aifreann ansin anois achan bhliain agus tá súil againn go mairfidh an traidisiúin sin anois ar feadh blianta fada. CurthaÊleÊchéileÊagÊFíonaÊPasoma BuíochasÊóÊchroíÊd’achanÊduineÊaÊchuidighÊliomÊ anÊt - eolasÊseoÊaÊbhailiú. an chónra. Deirtear go maireann duine a báitear i bhfad níos faide san uaigh mar gheall ar an salann a bhíonn ina chorp. Bhí daoine eile ann a mhair níos faide ná daoine a bádh. Glacadh le seo mar chomhartha maith don duine sin mar deirtí gur cineál de Naomh a bhí sa duine sin. I mbéaloideas an cheantair seo deirtear go bhfuil pota óir curtha taobh amuigh den reilig. Ní fios cérbh as a dtáinig an pota óir seo ach deir daoine nuair a dhó saighdiúirí Chromwell an eaglais go bhfuair siad óir ann agus gur chuir siad é taobh amuigh den reilig. Dúradh go raibh sé suite idir ‘Luí an Mhadaidh’ agus ‘Suí an Chait’. Tá seo díreach os cionn Chnoc Mhíobhaigh píosa abhus ón reilig. Dúradh fosta go raibh daoine a chuardach sna seachtóidí agus tá sé ráite go bhfuair duine áirithe ón cheantar é roinnt blianta ó shin. Mar Ģocal faoin tseanreilig í féin cuireann sé lúcháir orm Coiste Shean - Reilig Mhíobhaigh a lua. Bunaíodh an coiste seo ar an 7 Samhain 1996. ‘Sé an aidhm a bhí ag an choiste ná an reilig bheannaithe seo a chóiriú agus a chaomhnú agus ómós a thabhairt do na daoine uaisle uilig atá curtha ann. Tá moladh mór tuillte ag Denis Ann Mac Giolla Bhríde a chuir a chroí isteach sa tionscadal seo agus a chaitheann uaireanta fada ag déanamh jabanna beaga ann. Bhí an reilig agus an bealach isteach i ndroch dhóigh amach go dtí seo agus bhí obair mhór rompu ach caithfidh mé a rá go bhfuil jab iontach déanta acu ó shin. Is cosúil go raibh driseoga agus cúl faiche, a bhí chomh hard liom féin, ag fás ar fud na háite agus ghearr siad iad uilig síos, fuair siad an bóthar tarráilte, thóg siad cuid de na seanbhallóga a bhí ag titim, dhírigh siad an
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3