Guth Ghoill, Eagrán 21

EagránÊ21ÊÊÊÊÊLúnasaÊ2008ÊÊ 11 An tArdmhéara Ar an 17 Iúil 2008 bhí toghchán iontach tabhachtach i bparóiste Mhíobhaigh, ba sin toghchán an Ardmhéara. Ba mhinic sa cheantar seo a mbíodh díograis lucht na bpáirtithe éagsúla le feiceáil ag am na dToghchán Ginearálta agus bheadh fiúntas na dteachtaí mar ábhar cainte agus leoga mar ábhar conspóide don phobal ar feadh tréimhse an toghcháin. Ach, ba chuma faoi na toghcháin ghinearálta nó na toghcháin áitiúla, ba chuma cé acu fuair isteach, Bertie nó Bruton, Haughey nó Fitzgerald, ní raibh ariamh oiread suime i dtoghchán sa pharóiste seo is a bhí do thoghchán an Ardmhéara. Cad chuige sin? Cad é a bhí sa toghchán seo a fuair greim chomh teann sin ar mheon an phobail? Níl sé ach cúpla mí ó dúirt muintir na tíre seo ‘NO’ do Lisbon. Cad chuige mar sin a raibh na daoine a bhí chomh diúltach faoi cheist amháin chomh dearfach faoi cheist eile? Agus bhí siad dearfach. Fuair idé an Ardmhéara ‘YES’ láidir ó mhuintir an pharóiste seo agus tá moladh mór tuilte ag an fhear a tháinig aníos leis an idé agus a d’eagraigh an toghchán, sin é Eddie Mac Rodaí. Ligfidh muid do Eddie é féin an scéal a insint díobh agus freagraí a thabhairt ar na ceisteanna ina fhocla féin. “Tháinig an smaoineamh chugam lá amháin gur chóir don pharóiste aitheantas a thabhairt do Phaddy Phat ar son na hoibre uilig a rinne sé do Chumann Lúthchleas Gael agus don Ionad Lae i gCarraig Airt. Is minic a théann daoine mar Phaddy ar aghaidh bliain i ndiaidh bliana ag déanamh na hoibre agus ní fhaigheann siad buíochas poiblí nó aitheantas poiblí ar son na hiarrachta deonaí a dhéanann siad. Nuair a tháinig an scéal amach go raibh Paddy tinn, chuir sé isteach go mór ar achan duine agus shíl mé féin go raibh sé in am domh rud éigin a dhéanamh. Bhí a fhios agam go raibh muintir an pharóiste seo fial flaithiúil nuair a bhí duine áitiúil i mbuaireamh nó nuair a bhí airgead le tógáil ar chúis carthanachta ar bith. Tá taithí agam féin don charthanacht sin ón am a bhí mo nia Eoin, mac le Pól, tinn, agus fosta níl sé ach cúpla mi ó tógadh €13,000 sa cheantar seo d’Alan Doherty. Chuaigh mé i dteagmháil le Paddy Bradley agus chuir mé an idé roimhe go m’fhéidir go n-oibreodh toghchán Ardmhéara go hairithe le Paddy Phat é féin mar iarrthóir. D’aontaigh Paddy liom agus dúirt sé go mbeadh sé sásta cuidiú a thabhairt domh. Tháinig Brian Payne ar bord fosta agus bhí an bád curtha i bhfarraige. D’eagraigh muid cúpla cruinniú agus tháinig daoine cumasach eile isteach ar an fhoireann. Daoine mar Bridie Doherty agus Bridie Bradley, Cormac Welsh agus Noirín (John Eoin) Ní Gallchóir, Bridget Coyle agus Mary (Fenny) Nic Giolla Bhríde, Liam (Buster) Ó Gallchóir, Dominic Mac Rodaí agus Barney Ó Néil. Shocraigh muid go mbeadh vóta ar fáil ar €5 an ceann le hairgead a thógáil do dhaoine sa pharóiste a raibh an ailse orthu agus go mbeadh an t-airgead seo faoi ‘Mevagh Trust Fund’ cuntas 3471 sa Chomhar Creidmheasa. Is é an chéad chéim eile a bhí romhainn ná na daoine cearta a fháil le dul isteach mar iarrthóirí. Caithfidh mé a rá nach raibh deacrachtaí ar bith agam iad sin a fháil chomh háirithe nuair a bhí a fhios acu an sprioc a bhí againn. Seo liosta de na hiarrthóirí agus na tithe a ghlac faoina mbrat iad: Pádraig Ó Gallchóir (Paddy Phat) An Síbín Ceoil, Pádraig Ó Cuilinn (Paddy Cullen) An Réalt Thuaidh, Domhnall Ó Dochartaigh (Donnelly) Óstán Charraig Airt, Séamas Ó hOireachtaigh (Jimmy Bhrinigh) Teach Thrá Mór agus Louis Nugent (Teach tabhairne an Ghleanna) . Ar an lá bhí limousine againn agus ‘Security’ le NaÊhIarrthóirí PádraigÊÓÊGallachóirÊ(PaddyÊPhat),Ê Domhnall Ó Dochartaigh (Donnelly), Pádraig Ó Cuilinn (Paddy Cullen), Louis Nugent agus Séamas Ó hOireachtaigh (Jimmy Bhrinigh).

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3