Guth Ghoill, Eagrán 21

EagránÊ21ÊÊÊÊÊLúnasaÊ2008ÊÊ 12 Buster, Seán Doc, Walter Sweeney, Paul Mac Rodaí agus Jackie Sweeney, ar achan taobh den limousine ag dul fríd Charrraig Airt, an Gleann agus na Dúnaibh. Rinne beirt sceimhlitheoir (Tommy Clyde agus Micheál Ó Dochartaigh) iarracht ionsaí a dhéanamh ar na hiarrthóirí ach chuir an Sáirsint Paddy Sús múineadh orthu. Cibé ar bith bhí an toghchán in Óstán Bhá na nDúnaibh agus bhí slua mór i láthair. D’amharc foireann an óstáin i ndiaidh achan duine go maith agus bhí na ceoltóirí uilig thar barr fosta. Rinne Mary Clyde cinnte go raibh an cuntas déanta i gceart agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le achan duine a chui- digh ar dhóigh ar bith liom (cha dtig liom iad uilig a lua anseo) agus tá mé iontach buíoch dí- obh uilig a cheannaigh vótaí agus a chuidigh linn an tógra a chuir i gcrích. Bhí na hiarrthóirí uilig fíor-mhaith agus thóg muid €18300 ar an toghchán. Tá Paddy Phat anois mar Ardmhéara ar Mhíobhaigh agus tá Séamas Ó hOireachtaigh (Jimmy Bhrinigh) mar Leas Ardmhéara. Fuair Jimmy tacaíocht i o n t a c h ó n a theaghlach agus thóg siad lear airgid. Dar ndóigh thiocfadh liom an rud céanna a rá faoi na hiarrthóirí uilig mar tharraing siad a dteaghlaigh agus a gcairde uilig isteach le cuidiú lena bhfeachtas. Beidh Paddy Phat ag glacadh sos beag anois thíos fá Chonamara agus fá Ghaillimh ar feadh seachtaine agus tá shúil agam go mbainfidh sé sult as mar tá lear mór le déanamh aige nuair a thiocfas sé ar ais. Tá shúil agam go raibh sibh uilig ag éisteacht nuair a dúirt Paddy go raibh sé ag iarraidh an Ghaeilge a choinneáil beo, ná ligigí síos é”. NaÊhIarrthóiríÊtaobhÊamuighÊd’ÓstánÊnaÊTráÊleÊCathalÊ MacÊLaifeartaighÊagusÊCissieÊMhicÊLaifeartaigh. Comhghairdeas leat a Phaddy.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3