Guth Ghoill, Eagrán 21

EagránÊ21ÊÊÊÊÊLúnasaÊ2008ÊÊ 13 Logainmneacha Ros Goill Chuir mé isteach miontráchtas ar logainmneacha Ros Goill ag tús Mí Meithimh agus tá mé faoi chomaoin mhór ag na daoine uilig a chuidigh liom agus mé i mbun na hoibre seo. Níl dóigh ar bith a dtiocfadh liom tabhairt faoi thógra mar seo gan comhoibriú a Ģáil ó bhunadh Ros Goill. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leo sin uilig a thug na logainmneacha agus an t - eolas dom agus a chuidigh liom ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile: Micheál Ó Gallchóir, Donncha Ó Brógáin, Seán Ó Buaidhe, Micheál Ó Dochartaigh, Nóirín Mhic Ualghairg, Pádraig (Phat) Ó Gallchóir, Seán Mac Giolla Bhríde, Mánus Mac Pháidín, Hugo Mac Laifeartaigh, Mánus Mac Giolla Chearra, Donncha Mac Giolla Bhríde, Seán Ó Buaidhe, Míobhaí, Bernie Mac Laifeartaigh, John Mac Laifeartaigh, Proinsias Ó Brolcháin, Micí Mac Íomhair, Seán Ó hOireachtaigh, Éamonn Ó Gallchóir, Sorcha Uí Ghallchóir, Cití Níc Laifairtaigh, Finola Harte, Charlie Ó Gallchóir, Ned Ó Gallchóir, Aodh Mac Laifeartaigh agus Áine Nic Giolla Bhríde. Ní dhéanfaidh mé dearmad a choíche ar na huaireanta fada a shuí muid ag obair ar na logainmneacha agus ar na léarscáileanna. Deir an seanĢocal “is de réir a chéile a thógtar na caisleáin”, bhuel, is de réir a chéile a chuirtear léarscáileanna mar seo le chéile, agus go raibh céad míle maith agaibh go léir. Tá an cruth atá ar chósta Thír Chonaill ar an taobh thiar thuaidh d’Éirinn mar Ģianaise ar chumhacht an Aigéin Atlantaigh agus ar an tionchar atá aici ar shaol na ndaoine a mhaireann ar an chósta sin. Is sampla maith de seo í leithinis Ros Goill. Tá gob na leithinse, Ceann an Mhill Mhóir, ag síneadh amach ‘na farraige móire, an Mhaol Ruaidh ar an taobh thoir di agus Cuan na Long ar an taobh thiar di. Rinne fiántas na farraige cósta galánta a chruthú do Ros Goill, cósta ag a bhfuil éagsúlachtaí tírdhreacha farraige mar atá, cuanta agus scoilteanna, carraigeacha agus uaimheanna, beanna agus tránna. Tá gnéithe aiceanta intíre na leithinse suntasach fosta agus, cé go bhfuil lear den talamh bocht i dtaca le cúrsaí feirmeoireachta de, tá áilleacht faoi leith le feiceáil sna cnoic, sna léanta agus sna locha, agus chan iontas ar bith é go dtagann na sluaite chun an cheantair sa tsamhradh. Tá an leithinis breac le logainmneacha, ainmneacha atá fite fuaite le saol na ndaoine ón lá a leagadh an chéad chos tharnocht sa cheantar na céadta bliain ó shin. Bhí trí sprioc agam agus mé ag obair ar an tógra seo. Na hainmneacha uilig a bhailiú, iad a chur ar léarscáileanna, agus an Ģoghraíocht cheart a chaomhnú do na hainmneacha sin. Tá a Ģios agam nach bhfuil na hainmneacha uilig agam agus tá súil agam go spreagfaidh na léarscáileanna seo daoine ó na bailte fearainn éagsúla ainmneacha ar bith atá acu agus nach bhfuil ar na léarscáileanna a thabhairt dúinn. Níl siad sábháilte go dtí go bhfuil siad faoi chló agus ar léarscáil. Bheadh sé deas dá dtiocfadh linn amach anseo leabhar ceart a chur i gcló le logainmneacha na leithinse uilig ann. Proinsias Ó Cuilinn AnÊLochÊMór

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3