Guth Ghoill, Eagrán 21
EagránÊ21ÊÊÊÊÊLúnasaÊ2008ÊÊ 17 Pléaráca ar an Ghleann Ard Scannán faoi thalamh, faoi ghrá agus faoi chomhcheilg Chuir muid tús leis an scannán seo thíos ag teach Mhicí Hiudaí ar an Bhaile Lár nó ar an Ard Bán ar 26 Bealtaine, 2008. ‘S é seo an teach ina raibh na trí dheartháir, Sammie, Páidí agus Barney ina gcónaí. Bhí súil ag Sammie ar chailín deas as an Chraoslach darbh ainm Fannie, ach má bhí féin, bhí súil ag fear eile as an cheantair sin uirthi fosta, agus cad é a rinne sé ná inse do na gardaí go raibh Sammie agus na boic ag dul don phoitín. Thug fear de na gardaí ruaig orthu ach an deoir a fuair sé, ní raibh boladh maith nó deas as agus chuir sin an tóir air. Anois, bhí feirm mhór le díol thuas ar an Ghleann Ard. Ag dul leis an fheirm seo bhí stail d’asal a bhí an-mhaith ag a chuid oibre. Bhí suim mhór ag Sammie san asal seo agus é ag súil le é a thabhairt go dtí an Chraoslach, áit a raibh an cailín deas. Cheannaigh an triúir acu an fheirm le tréan clismirte. Bhí an ceant thuas ag teach Rogie Beag i dTír Leathan agus bhí cruinniú mór ann ach, mór agus a bhí sé, bhí cruinniú níos mó ag an chóisir ar an Ghleann Ard, le neart ceoil, damhsa agus craice. Ansin tháinig cárta poist do Sammie - an breithiúnas deireanach. Le sin léim Sammie ar dhroim an asail agus ar shiúl siar leis ar mire go dtí an Chraoslach. Bhí trioblóid mhór aige ag geafta ar an chosán áit a raibh asal baineann. Chaill Sammie an cloigeann ach thug mionna mór é amach as an drochuair agus shroich sé teach Fannie in am mhaith. Cuireadh fáilte mhór roimhe. Thug sé cogar do Fannie ina cluas. Rinneadh socrú fán spré agus bhí an cleamhnas déanta. Pósadh iad i dTeach a’ Phobail i gCarraig Airt agus ba é an tAthair Jock a bhí ina cheiliúraí. Deir siad gur bhainis na bliana a bhí ann. Bhí gúna fada bán ar Fannie agus gúna síoda ar Nóirín a sheas léi. Tá Fannie agus Sammie ar mhí na meala anois. Tá an scannán seo leis an eagarthóir anois agus tá muid ag dúil le é a thaispeáint don phobal amach anseo. Tuilleadh eolais faoi dhátaí agus ionaid le teacht. Proinsias Mac Giolla Bhríde ‘SÊéÊseoÊscannánÊatáÊscríofaÊagÊProinsiasÊMacÊGiollaÊ BhrídeÊ leÊ cuidiúÊ óÊ DavinaÊ NicÊ NuadhtÊ agusÊ MáireadÊ MhicÊ ThaighdÊ (MeithealÊ Mhíobhaigh),Ê leÊ haisteoiríÊ áitiúla,Ê denÊ chuidÊ isÊ móÊ óÊ ThionscnamhÊ naÊ bhFearÊ agusÊóÊMhnáÊMhíobhaigh.ÊÊTáÊanÊtionscadalÊmaoinitheÊ agÊanÊIonadÊCultúirÊRéigiúnachÊ(LeitirÊCeanainn)ÊagusÊ AnÊ NéarlárÊ (Doire)Ê faoinÊ tionscnamhÊ “LearningÊ fromÊ theÊPast”ÊagusÊagÊTionscnamhÊOideachaisÊnaÊbhFear.ÊÊ BhíÊ SeánÊ MacÊ GiollaÊ ChomhaillÊ iÊ mbunÊ léiriúcháinÊ leÊ cúnamhÊ óÊ DavinaÊ NicÊ Nuadht,Ê ProinsiasÊ MacÊ GiollaÊ Bhríde,Ê MáireadÊ NíÊ RuanaidhÊ agusÊ MáireadÊ MhicÊ Thaighd.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3