Guth Ghoill, Eagrán 21
EagránÊ21ÊÊÊÊÊLúnasaÊ2008ÊÊ 18 Feadaímó Bhí Feadaímó i dtí Mhícheáil Uí Dhubhaigh ar thaobh Chuan na Long de bhaile an Ghleanna. Bhí iníon Mhícheáil ag ní fola de chloigeann Fheadaímó le héadach lín. Rinne clann Mhic Suibhne ionsaí air agus é ag ól uisce ón sruthán ach fuair Feadaímó an bhuaidh orthu cé gur scoilteadh é le cloch a caitheamh air. “Tá an cneá seo domhain, a Fheadaímó,” arsa Gráinne leis. “Sílim go mbeidh orm cúpla greim a chuir ann”. D’amharc Feadaímó uirthi go tobann, bhí meangadh gáire ar a haghaidh agus gach cosúlacht ann nár chuir an cneá isteach nó amach uirthi. “An ndearna tú an cineál sin oibre ariamh cheana?” arsa Feadaímó. Ghlan sí tuilleadh fola d’aghaidh Fheadaímó agus labhair sí leis. “An rud é go bhfuil eagla ar an ghaiscíoch a chur an ruaig ar chlann Eoin Mhic Suibhne roimh an tsnáthaid? “Duine ar bith a bhíonn amuigh ag iascaireacht le línte ní chuireann snáthaid isteach ná amach orthu”, arsa Feadaímó. “Ní inniu nó inné a tharraing mise mo chéad dhuán amach as mo mhéara, ach chonaic mé go leor fir i mo shaol a bhí loite agus daoine nach raibh ró - eolach ar an ábhar ag cur greamanna iontu. Fágadh iad le achan sórt coilm.” Ó, arsa Gráinne, “do dhóighiúlacht féin atá ag cur as duit” is thosaigh sí ag gáire. “Ní hé sin an rud ar scor ar bith” a dúirt Feadaímó. Is é an rud é ná go bhfuil iontas orm go dtiontódh do leithéidse a lámh ar obair mar sin”. “Cad chuige a ndeireann tú sin?” arsa Gráinne, agus í ag glanadh an éadaigh i scála beag créafóige. “Mar is fir a chuireann na greamanna isteach de ghnáth”, arsa Feadaímó. “Is é m’uncail, Proinsí Rua, an fear fán bhaile s’againne a dhéanann an obair seo agus tá sé ráite faoi go bhfuil sé chomh maith le dochtúir ar bith. Ghoin duán aghaidh m’athar go holc amuigh ag Corrán Binne lá amháin agus b’éigean do Phroinsí greamanna a chur isteach do amuigh ansin. Bheadh ort scrúdú géar a dhéanamh ar leiceann m’athar anois leis an cholm a fheiceáil.” Chuir Gráinne an t - éadach ar an chneá arís. “Má tá tú ag iarraidh ormsa seo a fhágáil, a Fheadaímó, níl fadhb ar bith le sin. Ach, glacfaidh sé am duitse dul na bhaile ó seo agus más mó ama a chuireann tú amú sin mar is measa a bheas sé duit féín”, arsa Gráinne. “Maise, cuir thusa isteach iad,” arsa Feadaímó, “tá a fhios agam féin go gcaithfidh sé a bheith déanta, agus níl tuilleadh le rá faoin rud.” “Maith go leor,” ar sise, “coinnigh thusa do lámh ar an éadach seo bomaite.” Chuaigh sí anonn chuig an tine agus dhóirt sí uisce te isteach sa scála. “A Dhaid,” arsa Gráinne, “an bhfuil an buidéal sin agat?” Tá sé anseo agam, a ghirsí,” arsa Micheál, agus shín sé an buidéal chuici. “Níl mise ag ól a dhath den phoitín sin,” arsa Feadaímó. “Níl mise ag tabhairt poitín ar bith duit le hól,” arsa Gráinne, agus chuir sí braon ar an chneá. Phléasc an phian i gcloigeann Fheadaímó ach sula raibh deis aige tá nó níl a rá mhothaigh sé an tsnáthaid ag dul fríd a chraiceann. “Sin tú,” arsa Gráinne leis agus sheas Feadaímó. Bhí iontas air. “An bhfuil tú críochnaithe cheana féin? a dúirt sé. Ó, tá, arsa Gráinne, “tá mé den bharúil gur leor triúr,” agus chuir sí an tsnáthaid san uisce te. Ní raibh a fhios ag Feadaímó cad é le rá. “Is fearr domhsa a bheith ar mo bhealach,” a dúirt sé, agus gan fonn ar bith air an teach a fhágáil. “Arú, níl tú ach i ndiaidh teacht. Cad é’n deifre atá ort?” arsa Micheál. “An síleann tú gur sin an cineál teach atá againne anseo? Cha bheifeá leathbealaigh na bhaile sula mbeadh an fear gortach ort. Seo, suí, a Fheadaímó, agus beidh ....... Bhris an doras isteach sular chríochnaigh sé an abairt agus sheas Eoin Mór Mac Suibhne i lár an urláir. Thosaigh sé ag scairteadh agus é ag amharc ar Mhicheál. “Cá bhfuil an cladhaire a chur luíochán roimh mo chlannsa?” Bhí bata mór draighean leis agus thóg sé é nuair a chonaic sé Feadaímó. Ghlac sé coiscéim i dtreo Fheadaímó agus na súile lasta ina cheann le fearg. Bhog Micheál anonn agus sheas sé idir Eoin agus Feadaímó agus ní sásta a bhí seisean ach oiread. ‘Tá fáilte roimh fear nó bean ar bith sa teach seo ach níl fáilte roimh aon fhear a thagann isteach ag déanamh bagartha ar aoi an tí,” arsa Micheál, “anois gabh amach agus tabhair do bhata leat”. Chaith Eoin seileog ar an urlár agus bhuail sé Micheál faoin smig le cúl a láimhe. Lig Feadaímó scairt as agus ghread sé isteach le cuidiú a thabhairt do Mhicheál. Ní raibh feidhm leis. Níor bhain an buile a fuair sé biongadh as Micheál agus tháinig scread feirge óna bhéal sular chnag sé Eoin idir a dhá shúil le dorn mhór. Thit an bata as lámh Eoin agus amach leis thar thairseach an dorais agus Micheál sa mhullach air. Thóg Feadaímó an bata agus rith sé amach. Bhí clann Eoin, an chúigear acu, ina seasamh ar an tsráid agus bata draighean i lámh achan fhear acu. Níor thug siad Feadaímó faoi deara ar chor ar bith, mar bhí an oiread sin iontais orthu a n - athair a fheiceáil ar an talamh agus fear eile ag tabhairt léasadh millteanach dó. Ba fhear é Eoin Mac Suibhne a raibh clú agus cáil air mar throdaire. Fear mór, trom, slinneánach a bhí ann agus bhí muineál air mar a bheadh bearach ann. Níorbh fhear é a ndeachaigh daoine i ngleic leis mar ba fhear cantalach, conspóideach a bhí ann agus de thairbhe sin de d’fhág bunadh an cheantair neart fairsingeachta i gcónaí idir iad agus é. Anois, bhí an fathach seo ar a dhroim agus gach cuma air go mbeadh sé buailte. Lig Dinní scairt as agus rith sé isteach agus a bhata in airde aige. Chuir sé neart a choirp isteach sa bhuille ach chonaic Micheál an chontúirt in am. Chrom sé go tobann agus chnag an buille balla an tí agus rinneadh smidiríní den bhata. Chaill Dinní a anáil leis an phian agus sheas sé ansin agus eanglach ina lámha. Bhí callán millteanach fá shráid Mhicheáil faoin am seo agus bhí na comharsa ag bailiú. Sheas siad ar chlaíocha agus ar charraigeacha, agus mar is gnáth, tharraing slua, slua. Bhí idir óg agus aosta ag coinneáil súil ghéar ar eachtraí an tráthnóna sin mar ní rómhinic a tháinig an cineál seo siamsa a mbealach. Bhí an scéal amuigh faoin ruaig a chur Feadaímó ar chlann Eoin ag an droichead agus bhí a fhios ag achan duine nach nglacfadh Eoin lena leithéid de náire. Nuair a chuaigh Eoin agus a chuid mac síos an bealach i dtreo theach Mhicheáil agus bataí draighin
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3