Guth Ghoill, Eagrán 21

EagránÊ21ÊÊÊÊÊLúnasaÊ2008ÊÊ 19 leo scaip an scéal agus bhailigh na daoine. Ní raibh Micheál agus a iníon ina gcónaí ina measc rófhada ach bhí dúil ag daoine iontu mar d’aithin siad gur dhaoine cairdiúla, cuidiúla a bhí iontu. San am céanna bhí eagla orthu roimh Eoin agus a chlann agus choinnigh siad amach ón chonspóid. Léim Labhraidh agus Tuathal isteach i lár na sráide ansin ach sula raibh seans acu dhul a fhad le Micheál, bhuail cloch Labhraidh idir an dá shúil agus, ní don chéad uair an tráthnóna sin, thit sé mar a bheadh mála coirce ann. Sheas Gráinne i ndoras an tí agus í ag teilgean cloch lena chranntabhaill. Chuir sí an darna cloch sa chranntabhaill agus Tuathal faoina súil aici. Droch - lá a bhí ann do Thuathal mar bhuail an chloch agus bata Fheadaímó é ag an am chéanna. Thit sé ina chnap ar an talamh agus léim Feadaímó isteach idir Micí Óg agus Séamaí. Thosaigh an greadadh agus an cnagadh ach gan mhoill d’aithin an dá dheartháir go raibh an rabharta ina n - éadan agus chaill siad uchtach. Ní raibh troid ar bith fágtha iontu agus chaith siad na bataí uathu. Fuair Micheál greim ar Eoin agus chuir sé é ina sheasamh. “Anois, a mhaistín,” a scairt sé, “bun thusa na bonnaí as agus tabhair d’ál dímhúinte leat. Chroith Eoin an meadhrán óna cheann agus d’amharc sé thart. Bhí beirt mhac dó ina luí ar an talamh agus Dinní agus an bheirt eile ag amharc airsean. Bhí rud éigin ina súile a d’inis dó go raibh rudaí athraithe. Bhí seisean buailte ag fear eile, fear a sheas ina éadan go díreach macánta agus ní raibh gearán ar bith aige faoi dtaobh de. Thit a cheann agus shiúl sé trasna na sráide. Chonaic sé na comharsana ina seasamh roimhe ach ní raibh sé ábalta amharc súile a choinneáil leo. Thóg Séamaí agus Micí Óg an bheirt ón talamh mar ní raibh Dinní ábalta cuidiú leo agus choinnigh seisean a dhá lámh faoina ascailí ag iarraidh mothú a chuir ar ais iontu. Shiúl clann Mhic Suibhne suas thar na comharsana agus achan uile fhear acu náirithe go smior. “Goitse a Fheadaímó,” arsa Micheál, agus iad ag coimhéad an mhórshiúil truacánta. “Tá am suipéara ann agus gheobhaidh muid babhla bracháin.” “Cha dtiocfadh le cuma chomh cloíte sin a bheith ar airm Uí Dhomhnaill i ndiaidh Cinn tSáile”, arsa Feadaímó. “Bhuel leoga, tá an ceart agat, a Fheadaímó,” a dúirt Micheál. “Agus sin an rud a tharla anseo inniu. Buaileadh an taoiseach beag Eoin Mac Suibhne agus a airm agus ní drochrud ar bith sin. Tá shúil agam go mbeidh suaimhneas faoin ghleann ó seo amach agus is cinnte an rud é nach mbeidh cáin ar an droichead sin thall arís.” Chuala siad scairt ón doras. “Hoi, an bhfuil sibh dul a bheith in bhur seasamh amuigh i rith na hoíche? Tá an brachán réidh.” Bhuail siad isteach agus chuir Gráinne babhla mór i lámh Fheadaímó. “Seo chugat, a ghasúir” ar sise. “Cuirfidh seo neart i do chorp i ndiaidh chogadh an Ghleanna”. Thosaigh Feadaímó ag gáire. “Bheadh an cogadh ag dul ar aghaidh go fóill ach go raibh teilgeoir den scoth againn.” “Chuala mé go raibh súil ghéar agat féin leis an chranntabhail,” arsa Gráinne. “B’fhéidir go dtiocfadh linn lá a chaitheamh sna cnoic ar lorg coiníní níos moille sa bhliain,” arsa Feadaímó. Bhí sé ráite aige sular smaoinigh sé agus thosaigh a aghaidh ag deargadh. “Ó, mise is tusa sna cnoic linn féin, a Fheadaímó, an é sin an rud atá i gceist agat?” D’amharc Feadaímó ar Mhicheál ach bhí seisean ag amharc isteach sa tine agus gach cosúlacht air nár chuala sé focal. Ní hamhlaidh a bhí an cheist áfach, agus bhí sé ag déanamh a sheacht dhícheall mi- ongháire a choinneáil óna aghaidh. Thug Feadaímó a aird uilig don bhrachán agus thosaigh sé á ithe. “Chuideodh braon bainne le sin,” arsa Gráinne, agus dhóirt sí braon amach as buicéad dó. Cha dtug Feadaímó faoi deara nach raibh bainne air sa chéad áit agus níor chuidigh sin leis. “Sin bainne bhó na hadhairce briste,” arsa Micheál, ag iarraidh faoiseamh a thabhairt dó. “Níor inis tú bréag ar bith ar an aonach. Ta lán an bhuicéid sin aici achan lá.” “Ta blas difriúil air anois” arsa Feadaímó. “Bíonn blas salainn ar an bhainne thíos linne.” “Nach cinnte go mbíonn,” arsa Micheál. “Sin an fharraige duit, cuirfidh sí a cruth féin ar achan rud.” Lean an comhrá beag ar aghaidh mar sin ar feadh tamaill, ach ansin thosaigh na comharsana ag teacht isteach chun oíche airneáil a dhéanamh. Bhí imeachtaí an tráthnóna sin i bhfad róthábhachtach chun ligean don oíche dul thart gan phlé a dhéanamh orthu. Shuí Feadaímó leo go dtí an mheán oíche agus bhain sé sult as an chomhrá agus na scéalta. Bhí meas tuilte ag Micheál ó na comharsana agus thug siad sin dó go flaithiúil. Is é an toradh a bhí ar obair an tráthnóna sin ná gur briseadh cumhacht Eoin go hiomlán sa cheantar. D’imigh Dinní agus Séamaí go Meiriceá, d’imigh Mící Óg go Sasana agus chuaigh Tuathal go Glaschú. Ní raibh fágtha sa bhaile ag Eoin ansin ach Labhraidh. I dtaca le hEoin é féin de, chuaigh sé chun deiridh go mór. Chan fhaca duine ar bith é ar aonach ón lá sin amach agus leoga cha raibh trua ag aon duine dó. Chuala Paidí Feadaímó ag teacht isteach an oíche sin ach níor lig sé a dhath air. Rinne sé suas a intinn go labhródh sé le Feardaí Ghracie Bháin an chéad rud ar maidin. Bhí cleamhnas le socrú agus ba sin obair fir. Bhí cailín deas ar intinn ag Paidí a dhéanfadh bean chéile mhaith d’Fheadaímó. Bean a bhí gaolta go maith leis na teaghlaigh maithe faoin cheantar. BeidhÊanÊchuidÊeileÊdenÊscéalÊsaÊchéadÊeagránÊeile. Proinsias Ó Cuilinn

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3