Guth Ghoill, Eagrán 21

EagránÊ21ÊÊÊÊÊLúnasaÊ2008ÊÊ 3 Tá an baile fearainn seo suite ar an taobh thoir de leithinis Ros Goill. Ar an chrích leis tá Baile an tSléibhe, Dumhaigh, An Corrach, Gleann Raithnigh, An Glíob, Ailt a’ Chaorthainn agus An Raplach. Taobh istigh de Bhaile na Deora féin tá Gort a’ tSléibhe, seo an chuid is faide siar den bhaile, thuas i dteannta tí Ned Stiofáin agus tí Dochartaigh. Gort a’ tSléibhe a bhí ar an cheantar seo sa tsean-am ach ní chluintear an t-ainm seo anois ar chor ar bith. Baile na Deora a bheirtear ar an iomlán. Tá portach, cnoic bheaga agus cuibhrinn ghlasa le fáil i mBaile na Deora. Sa tsean am, bhaintí móin thuas faoin Charraig Aird atá ina shuí ar an chrích idir Baile na Deora agus Baile an tSléibhe. An Seascán a bheirtear ar an áit seo, agus má sheasann tú in airde ar bharr An Charraig Aird, tchífidh tú rian na mbachtaí go fóill agus iad lán uisce. Tá abhainn bheag ina rith anuas anseo, agus thart fá leathchéad bliain ó shin, thóg fir an bhaile ceasaí sa dóigh go dtiocfadh leis na hasail, agus maise na daoine fhéin, súil trasna na habhann ar bhealach fhurasta. Tógadh cúpla píosa de chlaí anuas níos deise do na tithe, agus chuirtí an mhóin ina cruacha beaga ag taobh na gclaíocha seo sa dóigh go dtriomódh sí sula dtugtaí ’na bhaile í. Tá cnoc beag níos faide abhus ar a dtugtar Cnoc na gCruacha, agus dhéantaí cruacha beaga den mhóin anseo fosta. Feadhnógaí a bhíodh ar na hasail in ionad gnáth chléibh agus dhéanadh sin an job níos furasta. Tá “lane” ag dul ó theach Thuathail Stiofáin siar giota maith idir na cuibhrinn agus is siar an bealach seo a théadh na daoine agus iad ag sábháil a gcuid móna. Costarnocht a bhíodh na páistí beaga agus maise daoine fásta agus iad i mbun na hoibre seo, agus is iomaí leamóg a baineadh de na cosa bochta. Cha raibh plasters ar bith le cur orthu ach oiread!!! I mBaile na Deora fosta tá Loch an Charnáin, áit a mbíodh céiliúradh ag Féile Lúnasa agus bheireadh muintir óga na háite cloch suas go barr an chnoic bhig ar Lá Lúnasa. Bhí cró thíos faoin chnoc bheag agus go fóill tugtar Lag an tSean Chró air. Is anseo a bhíodh féasta agus cúrsaí cleamhnais ar siúl níos moille sa lá. Tá garraí beag ag muintir Bhrianaí ina gcuirtí páistí beaga sa tsean-am nach raibh baiste. Tá cloch mhór i lár an gharraí seo agus ní ligfeadh Brianaí do dhuine ar bith barr méire a leagan uirthi le í a bhogadh as an chosán ar eagla go gcuirfeadh seo isteach ar anamnacha ná spioraid na bpáistí beaga. Áit bheannaithe. An t-áthrú is mó a tháinig ar an bhaile le bliantaí beaga anuas ná an oiread tithe saoire atá ar an bhaile anois, seachtar acu istigh i gcuibhreann amháin agus iad sa mhullach ar a chéile cosúil le sardines. Tá lear den tsean mhuintir ar shiúl ar bhealach na fírinne agus daoine úra istigh ar an bhaile, ach sin rotha móra an tsaoil agat. Tarann seo agus imíonn siúd. Gabhaltais bheaga d’fheirmeacha a bhí ag na daoine agus iad beo bocht. Cúpla ceann d’eallaigh, asal agus beathach, cúpla cuibhreann féir agus coirce, garraí beag, ar fostú, An Lagán, bád Dhoire, sin in abairt amháin an saol a bhí acu. Chaith siad a seal ar bhealach na daoirse. Mar sin fhéin, níor chaill siad aisling na saoirse. Ag toiseacht ar an taobh thiar den bhaile, bhí muintir Ned Stiofáin. Mac a’tSaoir an SeanteachÊNedÊStiofáin

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3