Guth Ghoill, Eagrán 21

EagránÊ21ÊÊÊÊÊLúnasaÊ2008ÊÊ 4 sloinneadh a bhí orthu. Bhí Ned pósta ar Winnie Doherty as Gort na Bráid agus bhí cúigear de theaghlach acu, Susanna a bhí pósta ar Shean Phaidí ’ac Aoidh as Ailt a’ Chaorthainn, Mary agus Nelly a d’imigh go Meiriceá, Tuathal, a d’imigh go Ceanada, agus Stephen, a bhí pósta ar Kitty ’Bhrógáin as an Mheall Mhór. Bhí gasúr amháin acusan, Ned, a d’imigh go California i dtús na gcaogadaí. Tá sé soiléir ón dóigh a bhfuil an teach seo tógtha gur fir cheirde den scoth a thóg é. Is saoir chloiche a bhí iontu agus a chruthú sin san obair thógála atá le feiceáil ar an teach féin agus na boithigh thart air. Bhí bród agus mórtas acu as a gcuid oibre. Cuireadh láfta ar an teach níos moille, agus bhí teach breá mór ann san am dheireanach. Bhí go leor crainn spionóg agus úll thart fán teach agus ba chaitheamh aimsire a bhí againn tráthnóna Domhnaigh ná a dhul siar agus iarracht a dhéanamh na spionógaí nó na húllaí a ghoid i ngan fhios do John Thuathail Stiofáin! Níos faide soir an baile ansin, bhí teach Thuathail Stiofáin. Deartháireacha a bhí i dTuathal agus i Ned ar labhair muid air thuas. Bhí Tuathal pósta ar Mhéadhbha Nóra as Dún Dubháin agus bhí seiséar de chlann acu, Mící agus Joe a d’imigh go hAlbain, Kitty agus Susan a d’imigh go Sasana, John a d’fhan i mBaile na Deora agus atá marbh le tamall maith anois, agus Máire atá beo beathach go fóill in Áras Uí Dhónaill taobh le Baile na nGallóglach. Bhí Máire pósta ar Hughie ’a Bhrógáin as An Mheall Mhór. Fuair Hughie bás in 1985. Saor cloiche a bhí i dTuathal féin agus i gcuid dá chlann mhac agus a rian sin le feiceáil thart fan teach acusan fosta, áit a bhfuil obair cheirde na gcloch ina ealaíon ann féin. Is é Micí Thuathail a rinne an obair chloiche uilig thart fá theach Mhicí Rua i nGleann Raithnigh, agus bheadh sé deacair a léithéid d’obair ghalánta ealaíonta a shárú. Chaith Tuathal tréimhse ama thall in Londain nuair a thug an Tiarna Phillimore é féin agus cúpla fear eile ón áit anonn leis. Ba le Phillimore an teach breá mór sin atá suite go galánta anonn ó Thráigh na Rosann i nGort na Luchóg. Bhronn sé an teach ar An Óige níos moille agus tugtar “An Hostel” air ó shin. Bhí cuid mhór obair thógála ar bun ag Phillimore i Londain san am agus bhí fir oibre mhaithe de dhith air. Fear eile a chuaigh anonn leis ná Micheál Mac Lochlainn as Gort na Luchóg, nó Micí Brown mar a bhí aithne air fan áit. Bhí sé ag déanamh cuid mhór tógála thart fá cheantar Kensington agus má bhíonn tú fan cheantar sin am ar bith tchífidh tú ainmneacha cosúil le “Phillimore Gardens” ar na sráideanna. Fosta, tá cloch i mballa Lloyds Bank in Kensington agus greannta sa chloch tá na focla “ Baineadh an chloch seo i Ros Guil i dTír Chonaill” . Cloch eibhir atá sna foirgnimh uilig agus bheinn den tuairim gur as an chairéal a bhí ar An Mheall Mhór a tógadh an chloch. Ansin, bhí teach Mhuiris Ó Dochartaigh. Bhí Muiris ina chónaí sa teach seo leis féin. Dhéanadh sé cuid mhór iascaireacht gliomaí agus is é a cheannódh na bróga ag deireadh achan séasúr do na nianna agus do na neachtanna, clann Antoin agus Nóra, a bhí ina gcomharasan béal dorais aige. Ba mhór an briseadh croí dó uair amháin nuair a goideadh a chuid gliomach uilig. ‘Sé Phil Chonchúir as Gleann Cheo a thóg an teach seo. Teach beag le seomra amháin (cistineach) a bhí ann. Bhí téastar (canopy) adhmad os cionn an áit tine leis an toit a tharraingt amach an simléar. Bhíodh seo in lear de thithe na háite san am sin. Bhí lafta Teach Mhicí Rua i nGleann Raithnigh “AnÊHostel”

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3