Guth Ghoill, Eagrán 21
EagránÊ21ÊÊÊÊÊLúnasaÊ2008ÊÊ 5 os cionn na cistineach, agus céimeanna deasa cloiche ag dul in airde taobh amuigh a fhad leis. Scioból a bhí sa lafta seo le féar a choinneáil ann. Leagadh an teach seo thart fá bhliain ó shin. Nuair a fuair Muiris bás, bhí an teach beag seo folamh ar feadh tamaill. Ag deireadh na 1920eadaí, bhog Sarah Doherty agus a fear Micí Jimmy Mac Giolla Bhríde as Dumhaigh isteach ann. Is anseo a rugadh an triúir de theaghlach a bhí acu, Muiris, Nóra agus Máire. Nuair a fuair Sarah bás agus gan inti ach bean óg in 1932 fágadh an teach fuar folamh arís. Chuaigh na páistí chuig daoine muinteartha difriúla, d’fhan Máire i mBaile na Deora ag a máthair mhór agus a hathair mór, Nóra agus Antoin Ó Dochartaigh. Chuaigh Muiris go Dumhaigh ach tháinig sé ar ais go Baile na Deora i ndiaidh tamaill agus is ann a d’fhan sé féin agus Máire go dtí go raibh siad ábalta déanamh as dóibh féin. D’imigh siad go hAlbain nuair a bhí siad níos sine agus d’fhill siad ar ais measartha rialta. Fuair Muiris bás in Albain agus cailleadh Máire in 1998. Chuaigh Nóra siar tí Mhicí Ginn i nDoire a’ Chasáin agus d’fhan sí ansin go dtí go raibh sí sé bliana déag d’aois, nuair a d’imigh sí go Londain, agus as sin go dtí An Astráil. Tháinig sí ’na bhaile sna bliantaí deireanacha agus chaith sí a cuid ama thíos ar An Chorrach i dteach Nonny, áit a raibh muintir an tí sin muinteartha daoithe. Fuair sí bás in 2002 . Tá teach úr tógtha ag Máiréad Ní Dhochartaigh agus Damien Ó Conaill i gcóngaracht do sheanteach Mhuiris agus tá siad ina gcónaí ann agus triúr páiste acu. Beidh muid ag leanstan ar aghaidh leis an chuntas seo sa chéad eagrán eile. Buíochas do Phaidí Mac Aoidh, Mhicheál Ó Dochartaigh, Brian Mac Lochlainn agus Cormac Goulding a chuidigh liom an giota seo a chur le chéile. Nóirín Goulding. Seanteach Mhuiris Ó Dochartaigh *ÊÊ*ÊÊ*ÊÊ* SeoÊNóraÊUíÊUigeannÊ(NíÊDhochartaigh)ÊagÊteachtÊÊÊÊÊ abhaileÊleisÊanÊmhóinÊiÊmBaileÊnaÊDeora. ProinsiasÊ ÓÊ Cuilinn,Ê MánusÊ MacÊ GiollaÊ BháinÊ agusÊAodhÊ(Fada)ÊMacÊLaifeartaigh,ÊaÊghlacÊpáirtÊ iÊdTráthÊnaÊgCeistÊ“BuileÊfaoiÊThuairim”ÊiÊnGaothÊ DobhairÊarÊ10ÊIúil.ÊÊChuaighÊanÊfhoireannÊseoÊfrídÊ goÊ dtíÊ anÊ chluicheÊ leathcheannaisÊ inÊ InisÊ iÊÊÊÊÊ gContaeÊanÊChláirÊarÊ23ÊLúnasa.ÊÊ AdhÊmórÊoraibh . Fabhraíonn an dóchas de shíor i gcroí an duine.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3