Guth Ghoill, Eagrán 21
EagránÊ21ÊÊÊÊÊLúnasaÊ2008ÊÊ 6 Tá Sean - Reilig Mhíobhaigh suite ar bhruach Chuan na Maoile Ruaidhe i mBaile Fearainn Chluain tSaileach ar an taobh thoir de leithinis Ros Goill. Tá scéal mór i mbéaloideas Ros Goill faoin dóigh ar tógadh seaneaglais Mhíobhaigh san áit ar tógadh í. An scéal a tháinig anuas chugainn ó na glúnta a chuaigh romhainn ná gur Naomh Colmcille a thóg an eaglais seo. Bhí asal leis agus bhí ultach trom cloch ar a dhroim aige. Thosaigh siad ar an turas i gCarraig Airt ag teach Munroe (teach Bhill anois) agus dúirt Naomh Colmcille nuair a thitfeadh an t - asal faoin ultach don tríú uair gur sin an áit a mbeadh an eaglais suite. Ar thaobh an bhealaigh mhóir i Malaigh ‘n Fhraoigh a thit sé don chéad uair agus tá gallán cloiche ina sheasamh san áit seo go dtí an lá atá inniu ann. Tá sé ráite gurb é Colmcille a chuir an leac anseo. Stad an t - asal don dara uair i gCluain tSaileach féin agus thóg sé cros anseo. Tugtar an tSean - Chros air agus tá sé ann go fóill. Luigh an t - asal síos ar an tríú titim. Is ar shuíomh na seanreilige féin ar bhruach Sruth na Maoile Ruaidhe a tharla seo agus ba anseo a thóg Colmcille an eaglais. Tá sé ráite fosta go raibh cloch sa reilig ina shuí ar chros nach raibh ró - mhór agus lorg lámha Cholmcille uirthi ach níl sí ann níos mó. Deirtear go raibh baint mhór ag Colmcille leis an cheantar seo agus is iomaí scéal faoi a mhair i mbéal na ndaoine. Tá fianaise againn go raibh cónaí ar dhaoine sa cheantar seo in am na réamh - staire mar go bhfuil ealaíon le feiceáil ar chlocha atá suite i mbaile fearainn Mhíobhaigh agus fuarthas roinnt iarsmaí agus uirlisí i gcúpla áit sa cheantar. An Chloch Bhán a tugtar ar cheann de na clocha stairiúla seo agus síleann na seandálaithe go bhfuil na marcanna, na crosanna agus na ciorcail ar an chloch seo ceangailte le Ré na Réamh - Chríostaíochta. Síltear go raibh siad ag úsáid na h - áite seo mar Sean - ReiligȱMhíobhaigh An tSean - Chros i gCluain tSaileach An Chloch Bhán
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3