Guth Ghoill, Eagrán 21

EagránÊ21ÊÊÊÊÊLúnasaÊ2008ÊÊ 7 ionad leis an ghrian a adhradh mar go dtiteann na chéad gathanna gréine a éiríonn ós cionn chnoic Fhánada ar an chloch bhán seo. Más ionad adhartha gréine a bhí i Míobhaigh bheireadh sé seo cúis eaglais a bhunú ann. Cé gur eaglais agus reilig ársa atá in Sean - Reilig Mhíobhaigh ní fios go fírinneach cé chomh fada siar agus a théann sé, ach mar a deir an seanĢocal tá sé “chomh sean leis an cheo agus níos sine faoi dhó”. Tá iarsmaí agus seanbhallóga theach a’ phobail ann go fóill. Tógadh é sular baineadh úsáid as gloine. De réir ailtireacht na heaglaise téann a dháta siar go dtí’n 11ú aois. Deirtear sa bhéaloideas go raibh eaglais eile a bhí déanta as adhmad tógtha ar an suíomh céanna roimhe sin a chuaigh siar go dtí’n 5ú aois, ‘sé sin, am Cholmcille. Bhí lear crann giúise (adhmad bán) sa cheantar seo ag an am sin agus tá seanĢréamhacha na gcrann seo le feiceáil go fóill. Más é an cás go raibh eaglais déanta as adhmad i dtús báire, ní raibh feidhm orthu bogadh amach as an cheantar le theacht ar sholáthar adhmad. Tá muintir na háite den bharúil gur tógadh é idir 338 agus 365. Níl fianaise ar bith againn go bhfuil seo fíor. Sna hiarsmaí atá fágtha againn anois ón eaglais tá fuinneog creathnach chúng ann agus deirtear go raibh siad ábalta an tam a insint fadó ón dóigh a raibh an ghrian ag soilsiú isteach ann. Deirtí an t - Aifreann sa teach pobail agus is cosúil go raibh sé ag dul go maith go dtí go dtáinig saighdiúirí Chromwell anseo sa bhliain 1649 agus gur ghlac siad seilbh air. Bhí droch - am sa tír ag an am. Dhóigh na saighdiúirí an teach pobail agus scrios siad achan sórt a bhí ann agus caitheadh lear de amach sa Mhaoil Ruaidhe. Ina dhiaidh seo bhí an sagart ag léamh an Aifrinn i ngan Ģios do na saighdiúirí ag “Carraig an Aifrinn” nó “Leac na hAltóra”, a bhí thuas ar an bhruach taobh amuigh den reilig. Bheireadh siad an sagart isteach ‘na háite ar dhóigh inteacht, agus bheadh daoine ag déanamh faire ar an ardán ar eagla go mbeadh na saighdiúirí ar na gaobhair nuair a bhíodh an sagart ag léamh an Aifrinn. Bhí cuid saighdiúirí Chromwell anseo ar feadh cúpla bliain. Is cosúil go bhfuil Caitlicigh, Protastúnaigh agus Preispitéirigh curtha sa reilig seo. Reilig Chaitliceach a bhí ann ó thús báire go dtí gur ghlac saighdiúirí Chromwell seilbh air. Is reilig Phrotastúnach a bhí inti ina dhiaidh sin. Eaglais na hÉireann a bhí ann agus sin mar atá sé go fóill agus deirtear go bhfuil na gníomhais teidil acu thiar i nDún Fionnachaidh. Ní fios dúinn cén uair a thosaigh siad ag cur daoine sa reilig. Cuireadh daoine ann as Fánaid, as an Tearmainn, as Dún Fionnachaidh, as an Chraosloch, as an Chloigean, as Cill Mhic nEanáin agus as leithinis Ros Goill féin. Deirtear nach raibh reilig ar bith eile fán áit ag an am. Tháinig siad anall ar churacha nó ar bháid as Fánaid agus tá leac thíos faoin reilig ar an chladach a dtugtar “Leac na Cónra” air. Cuireadh an chónra ar an leac seo ar feadh tamaill áirithe thart fá dheich mbomaite nó ceathrú uaire sular cuireadh iad. D’iompar siad í aníos an mhalaigh go dtí’n reilig ansin.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3