Guth Ghoill, Eagrán 21

EagránÊ21ÊÊÊÊÊLúnasaÊ2008ÊÊ 8 Tá cros ársa Laidine suite taobh amuigh den eaglais agus deirtear go bhfuil baint ag Colmcille léi fosta. In aice leis an chros seo bhí “Cloch Mhéine Mhíobhaigh” suite ar bharr galláin. An té a bhí ag iarraidh a mhian shuigh sé ar an ghallán agus an chloch ina lámh aige. Ní raibh cead amharc ar an duine nuair a bhí seo ar siúl. Tá Cloch Mhéine Mhíobhaigh caillte le fada an lá. Ní fios cé acu goideadh nó briseadh an chloch seo. Bhí leac eile sa reilig a dtugtar “Leac na bPingneacha” nó “Leac na nOfrálacha” air. San am sin, bhí ofrálacha ann ag achan tórramh agus bheadh duine éigin freagrach as an airgead sin a thógáil. Nuair a cuireadh an corp isteach sa talamh chuaigh achan duine anonn chuig an leac seo mar go mbíodh fear ansin leis an ofráil a thógáil. Bheireadh achan duine scilling nó dhó b’Ģéidir agus ghlaoití amach d’ainm agus an méid airgid a thabharfá luaite leat agus más mó airgid a thug tú is airde a bhí d’ainm scairte. Dá dtabharfadh duine ceithre nó cúig scilling bhí seo fógartha ag an Aifreann an Domhnach ina dhiaidh sin. Fuair an sagart an t - airgead seo uilig dó féin. Deirtí faoi dhuine a bhítí i ndiaidh a chur, ‘an raibh ofráil mhór air/uirthi’ Tá an leac ann go fóill ach anois tá sé suite ar uaigh mháthair Chathail Mhic Giolla Chearra. Bá ghnáth leis an leac seo a bheith suite ar an Bhinn Thoir, ag an choirnéal íochtarach den tseanreilig, sin an Bhinn atá ag amharc anonn ar Fhánaid. Deirtear go bhfuil Albanaigh curtha sa choirnéal seo. Cuireadh deireadh le seo sna caogaidí agus ba é Johnny Logue (an Píolóta), atá ar shlí na fírinne anois an duine deireanach a thóg ofráil sa reilig. Leac na Cónra Leac na bPingneacha Cloch Mhéine Mhíobhaigh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3