Guth Ghoill, Eagrán 21

EagránÊ21ÊÊÊÊÊLúnasaÊ2008ÊÊ 9 mbliana déag ar na leacacha sa reilig ón am sin. Ta na céadta de phobal Ros Goill agus lear ceantracha eile curtha sa reilig seo gan leac, gan chloch, gan chuimhne. Deirtear go bhfuil an oiread daoine curtha taobh amuigh den reilig agus atá taobh istigh. Chuala mé scéal a chuaigh ar ais na céadta bliain, ‘sé sin go raibh páistí faoi cheithre bliana déag d’aois curtha taobh amuigh den reilig le suaimhneas a thabhairt do na daoine fásta a bhí curtha taobh istigh. Rinneadh eisceacht nuair a fuair máthair agus babaí bás le chéile, cuireadh iad sa chónra amháin taobh istigh den reilig. Cuireadh cuid mhór daoine de réir a sloinnte, cé gur mhinic nach raibh muintearas ar bith idir na teaghlaigh. Bhí siad measctha suas achan bhealach agus tá sé dodhéanta fáil amach cé atá curtha in uaigh ar bith. Níor dhíol daoine ar son na huaighe. Nuair a bhíodh uaigh le baint bhíodh duine ar an bhaile, de ghnáth, a mbíodh eolas aige ar an reilig. Daoine muinteartha don teaghlach a théadh síos leis an uaigh a bhaint agus ní raibh sé doiligh seo a dhéanamh thíos i Míobhaigh mar go raibh an chuid ab Ģearr de chréafóg ann. Deirtear nach raibh mórán doimhneachta créafóige ann agus gur ghnách le teaghlaigh an marbhchréafóg a thabhairt leo óna gcuibhreann féin leis an chónra a chlúdach. Uaireanta d’osclaítí uaigh a bhí druite le fada. Sa chás seo thógtaí amach na cnámha le meas agus urraim. Dhéantaí carnán dóibh, chuirtí isteach in sac iad nó chuirtí brat créafóige orthu arís agus d’Ģágfaí ansin iad go mbeadh an uaigh bainte. Da mbeadh an uaigh breá domhain dhéantaí poll eile a bhaint thíos ar íochtar agus chuirtí na cnámha síos ar thaobh na cónra nuair a bhíodh achan duine eile ar shiúl. Deirtear fosta nuair a bheifí ag baint uaighe agus nuair a bheadh cúpla cónra eile sa bhealach go n - osclófaí na cónraí eile agus go gcuirfí na cnámha uilig isteach sa chónra amháin. Dhéantaí seo mar go mbíodh easpa spáis sa reilig. Is iomaí cónra a d’osclófaí a mbeadh trí nó ceithre cloigne, agus níos mó corr uair, istigh ann. Is é an gnás a bhí ann ná go mbíodh ar an duine a bheith sa chré ar feadh seacht mbliana sula n - osclófaí Fuair a lán páistí bás sa tsean - am agus bhí áit speisialta sa reilig dóibh. Tá an coirnéal seo go díreach ar an taobh ó dheas den reilig agus tú ag dul isteach an geafta. Ag an am sin ní raibh cead marbhghin nó páistí nach raibh baiste a bheith curtha taobh istigh de bhallaí na reilige. Bhí seo amhlaidh suas go dtí na caogaidí. Cuireadh cuid de na páistí sa choirnéal seo i rith na hoíche sular éirigh an ghrian ar maidin. Ní raibh caint ar bith faoi dtaobh de ina dhiaidh sin. Ba ghnáth leis na daoine na páistí seo a chur thart fána mbaile féin fosta. Tharla seo go minic mar gur rugadh a lán páistí agus iad marbh ag an am sin. Deirtear go bhfuil uaigheanna eile faoi Charraig an Aifrinn, nach raibh coisricthe, ina bhfuil cuid de na páistí seo curtha. Tá focal againn sa Ghaeilge nach bhfuil aistriúchán Béarla air, áit a gcuirtí páistí nach raibh baiste agus ‘sé an Ģocal atá ann ná ‘ceallúnach’. Tá sé ráite fosta gur faoi Charraig an Aifrinn a cuireadh daoine a chuir lámh ina mbás féin. Cuireadh a lán daoine óga sa reilig seo fosta sa tsean - am, chomh maith le páistí beaga a rugadh marbh. Deirtear gurbh é an eitinn a ba mhó ba chúis lena mbás. Ní raibh leigheas ar bith air san am sin. Bhí lear teaghlach sa cheantar seo ar sciob an galar seo an teaghlach iomlán leis. Deireadh daoine “Fuair daoine galar breac na spéire” dá dtitfeadh an mí - ádh seo orthu. Bhí ‘fiabhras’ (aimsir an ‘flu mór’) agus diftéire ina ngalair chontúirteach chomh maith agus bhí fíor dhrocham sa cheantar agus leoga ar fud na tíre. Chuaigh seo ar aghaidh ar feadh na mblianta fada agus tá lear ainmneacha de dhaoine faoi ocht

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3