Guth Ghoill, Eagrán 22

EagránÊ22ÊÊÊDeireadhÊFómhair.Ê2008 ÊÊÊÊ10 Comharthaí Báis agus Scéalaíocht a Bhaineann leis an Bhás i Ros Goill. Is iomaí cultúr a chreideann go dlúth i gcomharthaí báis agus tá seo amhlaidh in chóir a bheith achan tír ar domhan. Thiocfadh le comhartha a bheith chomh simplí a thuigbheál le pictiúr titim de bhalla agus chomh casta a thuigbheál le scread na mná sí. Creideann da- oine go fóill sa taobh seo tíre i gcomharthaí báis ach níl sé chomh coiteann agus a bhí sé sa tseanam. Tá liosta fada de chomharthaí báis a bhfuil ceangal acu leis an tír seo agus seo thíos cuid de na cinn a roinn muintir na háite liom a bhí, agus leoga cuid acu atá go fóill coitianta in mó cheantar féin. Chreid daoine dá gcloisfeá an coileach ag scairteadh ‘s a aghaidh le is an fhuinneog idir meánoíche agus a trí a chlog ar mai- din go raibh duine éigin a dhul a fháil bháis. De ghnáth tharlódh seo dhá lá roimh an bhás agus bhí seo amhlaidh am ar bith le linn na bliana ach amháin fán Nollaig. Dá gcloisfeá madadh ag caoineadh mall san oíche agus duine éigin tinn, chreidtí go raibh an bás i ndán don duine sin. Deir siad dá mbeifeá i do shuí sa teach agus dá gcloisfeá tormán creathnach ard, cosúil le hadh- mad ag titim, nó dá mbeifeá ag siúl an bhealaigh mhóir agus é a chloisteáil go raibh duine de do mhuintir fhéin ag dul a fháil báis. Dá mbeadh éan ag gobadh na fuinneoige cupla lá as a chéile deirtí gur droch-chomhartha é seo. Deirtí fosta go raibh mí-ádh ag baint le héan nó le frog a thiocfadh ‘na tí. Ba léir do dhaoine sa cheantar go raibh baint ag casadh na taoide le bás duine. Tá sé ráite go raibh sé mí-ádhmhar dá dtiocfadh seacht dtonn bheag agus triúr mhóra i ndiaidh a chéile san fharraige agus b’fhéidir seachtar mhóra agus triúr bheaga ansin. Bhí droch-chomhartha eile ann sa tseanam a raibh baint aige leis an fhar- raige. Thugtaí ‘Willie the Wisp’ air agus ‘sé a bhí i gceist ná go raibh soilse le feiceáil ón fharraige gan rud ar bith taobh thiar de. Chreid daoine go mór sa bhean sí sa cheantar seo. Thugadh sí le fios do bhunadh áirithe go raibh duine dá muintir le bás a fháil. Síog ar leith ab ea an bhean sí. Bhíodh sí le cloisteáil ag caoineadh agus ag screadach go hard cé nach roimh bhás dhuine a bhí seo i gcónaí. Ba mhinic a bhíodh ceann na mná seo dírithe síos agus folt álainn, a d'oirfeadh do spéirbhean óg, ag clúdach a cinn; ach nuair a d’ardaíodh ceann na mná sí, bhíodh aghaidh seanduine críonna uirthi. Dúirt daoine eile gur éan a bhíodh ag déanamh an screadach seo agus tugadh ’éan an bháis’ uirthi. Bhí sé ráite fosta gurbh é coileán naoscaí a bhí ann agus go raibh glór aisteach san oíche aige agus go raibh daoine ag déanamh gurbh é sin ‘éan an bháis’. Deirtear dá mbeifeá ag brionglóid faoi dhuine agus an duine sin a fheiceáil ag tarraingt ar an teach go mbeadh sé beo go ceann tamaill ina dhiaidh sin, ach dá bhfeicfeá ag imeacht ón teach é, nach fada a mhairfeadh sé. Dúradh fosta dá mbeadh brionglóid agat féin faoi éadaí, faoi bhláthanna nó faoi fhiacla bána gur comhartha báis a bhí ann. Dá mbeadh fuil le feiceáil sa bhrionglóid bheifeá ceart go leor. Cé acu a bhí fírinne ar bith ag baint leis na comharthaí báis thuas luaite nó nach raibh chreid daoine iontu agus bhí siad lánchinnte gur tharla siad. B’fhéidir gur comhthuitim a bhí sna heactraí seo ach níor mhaith liom sin a rá leo! Ag an am sin bhí daoine ag airneáil chóir a bheith achan oíche sa tseachtain. Bhi siad ag

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3