Guth Ghoill, Eagrán 22

EagránÊ22ÊÊÊDeireadhÊFómhair.Ê2008 ÊÊÊÊ11 brath ar chaint na ndaoine, ar scéalaíocht agus ar an seanchas á tháinig chucu fríd na glúnta mar fhoinsí tábhachtacha eolais Chan cur i gcéill ar bith a bhí sna scéalta seo dóibh. Ansin tháinig an raidió agus an teilifís agus na meáin chumarsáide eile agus giota ar ghiota d’imigh an airneál agus cuireadh stad leis an scéalaíocht. Sin an fáth nach bhfuil mórán iomrá ar na heactraí seo anois. Ag dul ar ais go dtí’n scéalaíocht bhí na taibhsí mar ábhar coitianta i mbéal na ndaoine. Seo daoine marbha a tháinig ar ais agus iad ag siúl thart san oíche. Deirtear gur tháinig siad ar ais mar go raibh rud éigin ag cur isteach orthu ar an domhan seo agus nach raibh suaimhneas ar bith acu sa saol eile. Cosúil leis na comharthaí báis chreid daoine go mór iontu. Bhí áiteanna áirithe agus an sean-reilig ar cheann acu, a raibh taibhsí le feiceáil achan oíche sa tseachtain. D’insíodh siad scéalta taibhsiúla ina suí san oíche agus bhí an mhuintir óg ina suí ag éisteacht leofa agus a gcroíche amuigh. Ní ra- chadh siad amach go dtí an doras san oíche ar a gcuid fhéin. Insíodh scéal domh, agus mé i mbun agallaimh, faoi fhear de bhunadh na h-áite, fear mór láidir a bhí ann agus bhí sé amuigh ag airneáil an oíche seo. Ní raibh sé i bhfad ar shiúl óna bhaile féin. Tháinig am luí ar scor ar bith, thart fan deich a chlog agus d’iarr sé ar chúpla duine de na fir a bhí sa teach píosa den bhealach a shiúl leis. Shiúil siad giota leis agus dúirt duine de na fir “rachaidh muid ‘na bhaile anois” ach dúirt mó dhuine “tar píosa beag eile liom”. Shiúl siad giota beag eile agus d’fhág siad slan leis arís, ach arís ar seisean “tar píosa beag eile liom anois” agus lean seo ar aghaidh go raibh orthu é a fhágáil thíos sa teach. Bhí a chroí amuigh roimh na taibhsí. Deirtí dá dtosódh duine a chaoineadh go díreach i ndiaidh bhás duine go dtiocfadh an duine sin ar ais ó na marbh mar thaibhse. Dúradh go raibh Sean-Reilig Mhíobhaigh lán taibhsí ach nuair a théim ar cuairt ann mé féin ní bhíonn eagla orm, is uaigneas is mó a bhíonn orm mar smaoiním ar an méid staire agus seanchais atá báite agus caillte sa choirneál bheag seo ar an taobh thoir de Ros Goill. Chan rud olc a bhí ann i gconaí nuair a thiocfadh daoine ar ais ó na marbh. D’eist mé le scéal a bhí ag fear amháin faoin am a raibh a athair ag fáil bháis. Shuigh an fear seo lena athair i rith na hoíche mar go raibh sé iontach tinn. Bhí an bheirt acu ina suí cois tine agus bhog stól isteach eatarthu dá stuaim féin. Dúirt a athair leis “sin dó mháthair mhór ina suí linn anois”. Fuair a athair bás tamall beag ina dhiaidh sin. Tháinig sí le compord a thabhairt dó agus fáilte a chur roimhe go dtí’n saol eile. Níl a fhios agam an easpa codlata a bhí ar an fhear seo ach tá sé féin lánchinnte gur mar seo a tharla sé. Scéal eile atá agam faoin ábhar seo agus baineann sé le mo sheanthuismitheoirí féin. Nuair a fuair mó sheanmháthair bás bhí cumha an domhain ar mo sheanathair. Trí lá

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3