Guth Ghoill, Eagrán 22
EagránÊ22ÊÊÊDeireadhÊFómhair.Ê2008 ÊÊÊÊ12 nó ar chlár éadain an choirp. Deirtear mura ndéanfá sin go mbeifeá ag smaoineamh ar an duine marbh nuair a rachfá abhaile. Déanann daoine sin go dtí an lá atá inniu ann. Blianta ó shin bhí píopaí créafóige ag achan fhaire agus bheadh fear ina shuí ag an tábla ag gearradh tabac. Nuair a bheadh an fhaire thart bhéarfadh muintir an tí na píopaí leofa agus bhainfeadh siad poll sa talamh agus chuirfeadh siad na píopaí síos sa pholl. Is iomaí uair a thi- ocfadh daoine trasna ar chnapán mhór píopaí sa talamh. Ní fhágfadh duine teach faire leo féin mar dá bhfágfadh thiocfaí an té a bhí marbh a fheiceáil ag am ar bith. Deirtear ar lá an tórraimh nach dtiocfadh le duine ar bith siúl roimh chónra. Bhí sé ceart go leor ag sagart é a dhéanamh ach ní dhéanfadh duine ar bith eile é. Bhí nós ann fosta nach ra- chadh siad amach ón reilig go dtí go mbeadh an tórramh críochnaithe. Bhí mí-ádh ag baint lena leithéid a dhéanamh. Bhí an dearcadh i gcónaí láidir sa cheantar seo go raibh ar an duine deireanach a chuirfí sa reilig a bheith ag faire ar an gheafta. Bhí air nó uirthi fanacht ansin ag faire go dtí go bhfaigheadh an chéad duine eile bás. Dá mbeadh an aimsir olc deirfeadh muintir na háite “Tá sé ag fáil drochoíche ar an gheafta anocht mar chéad oíche.” Is rud tábhachtach atá sa nós seo mar go raibh a fhios ag daoine cé a bhí curtha go deir- eanach sa reilig. Tá fear darbh ainm Máinigh (Mánas) Mhíchil ag déanamh faire ar an gheafta faoi láthair. De thairbhe nach gcuirtear mórán daoine sa reilig seo níos mó, seans maith go mbeidh tréimhse fada le déanamh ag Máinigh! Fíona Pasoma ina dhiaidh sin chuaigh mé isteach go dtí’n seomra leapa chuige agus bhí sé ina shuí suas sa leaba agus dúirt sé liom “tháinig sí aréir Fiona”. Bhí a fhios agam caidé a bhí i gceist le seo agus ba mhór an tógáil croí do an méid sin. Roinnt nósanna eile a bhí coitianta sa leithinis seo nuair a bhí an duine ag fáil bháis agus nuair a bhí siad marbh ná an méid seo a leanas: Go díreach roimh bhás an duine d’osclófaí na fu- inneoga nuair a bhí an t-anam réidh le scaradh ón chorp. Bhí an méid seo scríofa ag S. Baring-Gould faoin ábhar seo; I remember some years ago when a person was dying and seemed to find great difficulty in the parting of the soul from the body, the nurse went to the window and opened it, whereupon the dying person heaved a sigh, and the spirit took its flight. On asking the reason for opening the window, the nurse answered: ‘You would not have the soul go up the chimney would you?’ (S. Baring-Gould, Strange Survivals, London lth. 1892, 258-9). Chuirtí amach an cat agus ghlasfaí é amuigh sa scioból nó sa bhoitheach agus cha ligtí é amach as sin go dtí lá an tórraimh. Shíl daoine go raibh an diabhal sa chat. Stadadh siad cibé clog a bhí sa teach agus chuireadh siad siar é go dtí’n t-am a bhfuair an duine bás. Bhí siad fágtha mar seo go dtí lá an tórraimh. Thógfadh siad scáthán ar bith amach as an tseomra nó ar a laghad chlúdófaí é. Bhí sé ráite dá mbeifeá ag amharc isteach ann rómhinic gur seo obair an diabhail. Bhíodh na fuinneoga clúdaithe chomh maith. Dá bhfaigheadh fear bás agus é le bearradh, ní bhainfí úsáid as an rásúr céanna ar dhuine beo ina dhiaidh sin. Bhí gnás ann fosta a bhain le daoine a fuair bás ar shiúl ón teach nó a bádh. Nuair a thabharfaí an corp ‘na bhaile chaithfeadh achan duine sa teach a theacht amach sula dtabharfaí isteach an corp. I ndiaidh paidir a rá ag taobh an choirp ag faire chuirfeadh achan duine a lámh anonn ar lámha
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3