Guth Ghoill, Eagrán 22
EagránÊ22ÊÊÊDeireadhÊFómhair.Ê2008 ÊÊÊÊ13 Feadaímó Mhuscail Paidí Dhomhnail luath agus chan iontas ar bith sin dó, mar bhí sé i ndiaidh an chuid is mó den oíche a chaitheadh anonn is anall ar urlár an tseomra go dtí gur iarr a bhean chéile Nuala air dul a luí. Ní raibh a fhios aige cén fhad a luí sé ansin gan codladh nó cén t - am den oíche a bhí sé ach bhí an coileach le scairteadh go fóill agus bhí bunadh an tí faoi shuaimhneas. D’éirigh sé agus bhog sé an t - éadach trom a chlúdaigh an fhuinneog. Chonaic sé loinnir chéad solas an lae amach soir uaidh ach ní raibh an Mhaol Ruaidhe le feiceáil go fóill. Mheas sé nárbh fhiú dó dul a luí ar ais agus chuir sé air a chuid éadaigh agus síos leis na cistine. Tho- saigh sé ag rúscáil sa luaith agus d’fhadaigh sé an tine. Mhuscail Cití, máthair Phaidí, a bhí ina luí sa chlúid. “Cad é‘n cineál sraoilleadh thart atá ort ag an am seo den oíche.” ar sise agus an míshásamh soiléir ina glór. “Arú, níl codladh ar bith orm,” arsa Paidí, “cibé ar bith tá an lá ag bánú soir” “Tá ‘s an diabhal ag bánú, tá se dubh dorcha go fóill; shílfeá go ligfeá do dhaoine codladh; nach bhfuil an lá fada go leor?” D’éirigh na bladhairí sa tine agus chuir Paidí tuilleadh móna uirthi. Bhí sé ábalta aghaidh Chití a dhéanamh amach anois agus í leath ina suí. “Gabh thusa ar ais i do chodladh, a mháthair, níl cúis éirí ar bith ann duitse.” Thóg Paidí cliabh na móna agus shiúl sé amach. D’éirigh an madadh a bhí ina luí ar sheanchóta thiar faoin tábla agus rinne sé é féin a shearradh, chuaigh sé ansin ar a shuaimhneas a fhad leis an doras ag amharc amach. Bhuail siorradh fómhair é agus chuaigh sé ar ais faoin tábla. “Nach mór an trua nach bhfuil an cineál sin céille ag do mháistir amaideach, a Spot.” arsa Cití leis an mhadadh. Líon Paidí an cliabh agus shuí sé air. Bhí a fhios aige go raibh cinneadh le déanamh. Ó tháinig Feadaímó isteach aréir bhí an cinneadh seo ina luí go trom ar a intinn. “Ó, a Dhia,” a dúirt sé leis féin, “shíl mé go raibh an sórt seo ruda blianta amach romham go fóill. Ní bheidh Feadaímó naoi mbliana déag go dtí an chéad lá d’Eanáir agus bhí sé i bhfad róluath dó baint a bheith aige le bean.” Bhí sé féin ag tarraingt ar an daichead nuair a phós sé, agus b’annamh fear ar bith dul na haltóra sula mbeadh an scór go leith curtha thairis ar a laghad. Ba sin an dóigh a d’oibrigh rudaí thart anseo agus bhí achan duine sásta leis. Ar an dóigh sin bheadh na tuismitheoirí ag dul in aois sula dtabharfadh mac bean chéile isteach. Shábháil sin léar conspóide go hairithe idir na mná. Trí ghlúin de ghnáth a bhí in achan teach agus leoga sin mar a bhí leis na cianta. Tugadh an talamh don mhac, agus fuair an tseanmhuintir an áit is teo sa teach, sé sin an chlúid, agus bhí díon os a gcionn agus bia ina mbéal go lá a mbás. Sa chuid is mó de na tithe ní raibh iontu ach dhá sheomra agus sa chás sin thógtaí lochta os cionn na clúide do na paistí. Bhí trí sheomra ag Paidí mar bhí teaghlach mór ag a athair roimhe agus b’éigean dó an seomra eile a thógáil, ach mar sin féin cha dtiocfadh leat a rá gur teach mór a bhí ann agus dá dtabharfadh Feadaímó bean eile isteach anois bheadh deacrachtaí. Bhí bean Phaidí ró - óg go fóill le bheith réidh d’athrú saoil mar sin, mar is í bean chéile an mhic a fuair ceannas na cistine i gcónaí. Ní raibh fadhb mhór ar bith le seo nuair a bhí máthair an mhic ag dul in aois ach b’ábhar conspóide amach a bhí ann nuair a bhí an máthair i mbarr a sláinte. Mar a dúirt siad am amháin, ní chuirtear dhá chearc ghoir ar an ál amháin. Bhí a bagairt tugtha ag Nuala ar an ábhar cibé. Nuair a luaigh Paidí ainm an bhabhdóra Feardaí Ghracie Bháin, ní raibh sí sásta. “Nach raibh tú ag éisteacht,” dúirt sí, “dúirt mé nach raibh mé ag iarraidh bean eile isteach anseo, agus nuair a thiocas an t - am, beidh focal le rá agamsa faoin chineál mná a bheas ag teacht isteach. Níl mise ag iarraidh mo sheanaois a chaitheamh le cailleach nimhneach faoin dhíon chéanna.” “Mar sin de,” dúirt Paidí leis féin, “is é an rud is simplí le déanamh ná labhairt le Feadaímó agus a rá leis nach raibh cead a phósta dul a bheith aige.” Ach, bhí aithne mhaith ag Paidí ar a mhac féin agus bhí a fhios aige nach ngla- cfadh sé le lámh throm ar bith. Is é an rud is measa a thiocfadh tarlú ná go bhfágfadh Feadaímó an teach. Cá háit a mbeadh siad ansin? Ní raibh de theaghlach acu ach Feadaímó agus bheadh Paidí agus Nuala ar an trá fholamh, cé a thabharfadh cúram dóibh ina seanaois. Bhí an fhadhb ann fosta go raibh Feadaímó é féin ró - óg chun dualgais na talún a chur ar féin. Cé nach raibh ann ach cuibhreann trí acra, gairdín do na prátaí agus roinnt den choimíneacht, b’fhurasta a chailleadh. Bhí rudaí teann go maith agus ní raibh a dhíth ar an tiarna talún ach leithscéal amháin chun teaghlach a chaitheamh amach. D’éirigh Paidí ón chliabh ach bhuail smaoineamh eile é agus shuí sé ar ais. “Uh huh, dúirt sé leis féin, b’fhéidir nach bhfuil feidhm ar bith leis an ualach seo ar mo ghualainn. Níor labhair aon duine faoin phósadh go fóill agus b’fhéidir nach raibh a leithéid de rud ar intinn Fheadaímó ar chor ar bith.” Rith na smaointe fríd a intinn agus bhí a dhearcadh ag bánú in éineacht leis an lá. Is cinnte go raibh gasúirí mar Fheadaímó ag dul chuig na hoícheanta airneáil sin ina mbeadh fidil a sheinm agus damhsaí ag dul ar aghaidh, agus chasfaí iad leis na cailíní óga uilig. Ach is ócáid shoineanta a bhí ann agus thuig an t - aos óg uilig gurb iad na tu- ismitheoirí a bheadh ag déanamh cleamhnas ar bith fa- oin áit. B’annamh ar fad a ndéanfadh lánúin socraithe dóibh féin. Thuigfeadh Feadaímó seo agus ní ligfeadh sé síos an chlann. D’amharc sé siar ar Fhánaid agus ar na sléibhte a bhí le feiceáil go soiléir anois. Bhí gach comhartha ann go mbeadh la maith acu agus bhí sé a dhíobháil, mar bhí claí le cóiriú agus seanchrann a tháinig isteach leis an fharraige le gearradh agus le tabhairt abhaile ar an asal. Bhí sé ag mothú níos fearr anois agus chuaigh sé is- teach na tigh. Bhí Cití ina suí cois na tine agus bhí pota uisce ag fiuchadh ar an chraein. Ní mó ná gur thit an cliabh ó lámha Phaidí agus mothúcháin mhaithe ar bith a bhí aige d’imigh siad mar a bheadh sneachta ar leac fu-
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3