Guth Ghoill, Eagrán 22
EagránÊ22ÊÊÊDeireadhÊFómhair.Ê2008 ÊÊÊÊ14 inneoige maidin earraigh. Bhí Feadaímó ina shuí ar an taobh eile den tine agus é ag taispeáint a léine Domhnaigh do Chití. Bhí an sciathán chlé stróicthe agus thóg City an léine uaidh. Ní hí an léine a chur isteach ar Phaidí ach go raibh Feadaímó ina shuí ar chor ar bith. Bhí Feadaímó tugtha don chodladh agus de gnáth bheadh ar Nuala é a mhealladh ón leaba le boladh an toirtín úir nuair a bhí plúr acu, nó prátaí is im nuair nach raibh. Ní raibh na comharthaí maith anois. “Cad é atá tusa ag déanamh i do shuí roimh an choileach a Fheadaímó,” a dúirt Paidí leis, “ar thit an leaba as a chéile no cad é?” “Arú shíl mé go dtosóinn ar mo chuid oibre rud beag níos luaithe maidin inniu mar tá agam le dul áit inteacht tráthnóna,” d’fhreagair Feadaímó. “Bhuel, m’anam,” arsa Paidí, “molaim do dhíograis, a ghasúir, ach nach fada an lá go tráthnóna? Ní lá mór ar bith atá romhainn cibé. Tá an claí thíos ag bun an chuibhrinn le cóiriú agus an crann ar Thrá na Rosann le gearradh is le tabhairt na bhaile. Má thosaíonn muid ag a hocht mar is gnáth beidh muid críochnaithe sula dtagann na ba isteach.” Sheas Feadaímó, “tá mise ag iarraidh a bheith ar shiúl roimhe sin, so tosóidh mise anois, dúirt sé. Chuir sé píosa den seantoirtín ina phóca agus shiúl sé amach an doras. “Faoi Dhia, an bhfuil mise i mo chodladh go fóill?” arsa Paidí. Shiúl sé a fhad leis an leathdhoras agus d’amharc sé amach. “Tá Feadaímó ar shiúl amach gan plaic a chur ina bhéal is gan tithe an uachtair le feiceáil go fóill”. Chuala siad scairt an choiligh ag an bhomaite sin; shuí Paidí ar an stól agus é ag croitheadh a chinn. Níor labhair Citi ar chor ar bith agus í ag déanamh scrúdú ar an léine. Tháinig Nuala anuas ón seomra agus sheas sí ag stánadh isteach sa tine. “Deachaigh sibh bhur luí ar chor ar bith?” ar sise, “Ó, sea, bhí tusa ag trampáil thart ar an urlár i lár na hoíche, a Phaidí, cad é atá ciotach leat? Shílfeá gur maidin do phósta a bhí ann.” Níor thug sí faoi deara an dóigh ar thit ceann Phaidí leis na focla sin. Dhóirt sí braon den uisce te sa scála agus thosaigh sí ag ní a haghaidh. “Ní rómhinic a bhíonn uisce te ag an am seo den lá againn. Lorda a leithéid de thine, beidh na comharsana ag déanamh go bhfuil gamhain a róstadh againn.” Nigh sí a haghaidh agus chuaigh sí a fhad leis an leathdhoras agus chaith sí an t - uisce amach. Thiontaigh sí isteach agus ansin go tobann thi- ontaigh sí amach. “An é sin Feadaímó a tchím thios ag bun an chuibhrinn?” ar sise le hiontas, “Ó a Dhia, ár sábháil an bhfuil mo leanbh ar shiúl sa chloigeann?” “Thiocfadh leat sin a rá,” arsa Paidí. Cad é atá tú ag rá? a Phaidí, arsa Nuala. Níor thug Paidí freagair ar bith uirthi mar bhí sé imníoch faoin dóigh a nglacfadh sí lena scéal, cé acu ceart nó mícheart an scéal céanna. Sheas Nuala ag amharc ar Phaidí. Ní raibh a dhath le cluinstin sa chistin ach sciatháin na gcearc agus iad ag léim anuas den chrann fhara ar an taobh eile den charn aoiligh. Ansin tháinig glór Fheadaímó isteach chucu ó bhun an chuibhrinn agus é ag ceol mar a bheadh smólach ann. Hi di da li di di ‘gus hí di da lei Hi di da li di di ‘gus hí di da lo “Ó chonaic mé an chailín, ag siúl cos na trá di, ‘gus mise faoi ualach ag an fheamainn ‘tá trom…. D’amharc Paidí ó Nuala go Cití agus ar ais chuig Cití agus a bhéal foscailte. Bhí guth breá ag Feadaímó ach is fear é a raibh faitíos air dul i mbun ceoil agus bheadh neart spreagtha a dhíth air i gcónaí sula ndéanfadh sé a leithéid. Ach an mhaidin seo bhí sé amuigh agus a ghlór tógtha go hard chun na spéire aige agus é ar nós cuma liom faoi cé a bhí ag éisteacht. … .Bhuel, leag mé an chliabh síos agus tharraing mé anáil Nach mé a bhí mar Oisín nuair a casadh dó Niamh? Hi di da li di di ‘gus hí di da lei Hi di da li di di ‘gus hí di da lo “A Phaidí,” arsa Nuala go ciúin, “beidh tromlach na gcomharsan ag déanamh go bhfuil mac s’againne ar an phoitín agus beidh an mhuintir eile ag déanamh gur ar shúil leis na daoine beaga a bhí sé aréir, anois tabhair freagra orm, cad é atá ag dul ar aghaidh?” D’éirigh Paidí, “Seo suí a Nuala,” agus thug sé an stól di. “Tá sé mar a dúirt mé tráthnóna aréir leat. Tá bean i saol Fheadaímó. Níl a fhios agam cad é’n dóigh ar tharla seo i ngan fhios dúinn ach sin mar atá.” “Tá sé ró - óg,” arsa Nuala, “cha dtig leis a bheith i ndáiríre.” “Éistigí an bheirt agaibh liomsa” arsa Cití, “tá an fhírinne chomh soiléir leis an lá, tá Feadaímó i ngrá le cailín. Níl a fhios agam ar chóir dom seo a insint daoibh mar d’iarr sé orm gan sin a dhéanamh, ach sílim gur mó an dochar a bheas déanta muna scaoilim an scéal uaim. Iníon do fhear darbh ainm Mícheal Ó Dubhaigh atá inti, agus is Gráinne atá uirthi. Níl a fhios agam cé as iad ach thóg siad talamh ar léas thuas ar an Ghleann.” “Magadh atá tú,” arsa Paidí, “níl baint ar bith ag an fhear sin le muintir na háite. Sin an fear a cheannaigh an bhó. Nach orm a bhí an mí - ádh nach deachaigh mé féin chun an aonaigh sin? Strainséir! in ainm Dé. Dúirt mé i gcónaí nár thuig na boic óga an tábhacht a bhain le muintearas. Bean gan gaol le muintir na háite? cad é atá ciotach leis? Beidh orm labhairt le Feardaí Ghracie Bháin inniu.” “Cad é atá ag Feadaímó le tabhairt do bhean, a Phaidí?” arsa Nuala. “Agus rud eile de, dúirt mise nach raibh mé ag iarraidh bean eile istigh anseo sa mhullach orm go fóill.” Shiúl Paidí i dtreo an dorais, “a Nuala,” dúirt sé, “ cha shílim go bhfuil an darna rogha againn.” “Fág é go dtí ‘n tráthnóna” arsa Nuala, b’fhéidir go bhfaigheadh muid thart air roimhe sin. D’oibrigh Feadaímó mar a bheadh fathach ann don chuid eile den lá agus bhí sé críochnaithe i bhfad roimh an chlapsholas. Ní raibh maitheas ar bith ann do Nuala nó do Phaidí é a threorú óna bhealach agus is é deir- eadh an scéil sin ná gur imigh Feadaímó i dtreo an Ghleanna agus gan idé de shórt ar bith aige ar cén leithscéal a thabharfadh sé don chuairt seo, ach go dí- reach go mbeadh Gráinne ansin. Chuaigh Paidí i dtreo theach Feardaí Ghracie Bháin agus fios a ghnó go hiom- lán aige. Beidh tuilleadh sa chéad eagrán eile.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3