Guth Ghoill, Eagrán 22

EagránÊ22ÊÊÊDeireadhÊFómhair.Ê2008 ÊÊÊÊ3 Baile na Deora arȱleanúint I seanteach na nDochartach féin, bhí Micheál Ó Dochartaigh agus a bhean Neansaí Nic Giolla Bhríde as Ailt ’a Chaorthainn ina gcónaí. Bhí teaghlach mhór acusan, aon ghasúr déag agus dhá ghirseach. Deirtear nach raibh siad ariamh uilig i gcuideachta a chéile sa teach ach an t - aon oíche amháin. Oíche Shamhna a bhí ann. Insíonn sin a scéal brónach féin. Orthu sin a bhfuil a Ģios againn fá dtaobh dóibh bhí Antoin, Micheál, James, Muiris, Hughie, Neidí, John, Den, Peter, Sarah agus KiĴy. Bhí Antoin pósta i mBaile na Deora ar Nóra Sweeney (Nóra an Bhabhail) as Gort na Luchóg. Fuair Antoin bás in 1945 agus cailleadh Nóra in 1961. Níl mé cinnte caidé a tharla do Mhicheál ach amháin gur rugadh é in 1865. Sílím gur imigh James go Meiriceá. Rinne mé cur síos ar Mhuiris cheana féin. Bhí Hughie pósta ar An Ghleann ar bhean arbh ainm di Maggie Mc Laughlin. Deirfiúr de Bhill (Athair KhiĴy Bhill) a bhí in Maggie agus deirtear gur imigh Hughie Ó Dochartaigh as Baile na Deora go dtí’n Ghleann agus go dtáinig Bill ón Ghleann go Baile na Deora an bhliain chéanna. Bhí Neidí pósta istigh ar an Oileán ar Rose Anne Mc Hugh. Bhí John pósta i nGleann Úraí ar Mháire Nic Giolla Bhríde (Dhonnchaidh Mhóir). Bhí Den pósta ar Shorcha Sheáin Ní Ghallchóir as an Mheall Mhór ach sílím gurbh as Fánaid í agus go dtáinig sí anall ’na Mhill Mhóir, áit a raibh daoine muinteartha aici. Níl eolas ar bith agam fá Pheter ach amháin gur rugadh e in 1869. Bhí Sarah pósta ar Jimmy Ó Gallchóir (Jimmy Beag) as Cluain tSaileach agus pósadh KiĴy ar Den a’Bhabhail as Gort na Luchóg. Rugadh í in 1867. Faoi mar a dúirt mé cheana féin, bhí Antoin Ó Dochartaigh pósta ar Nóra a’ Bhabhail as Gort na Luchóg agus bhí seiséar de chlann acusan, Micí, Sarah, KiĴy, James, Annie agus Sus. Fuair Micí bás i dtús na dtriochadaí le appendicitis. Nuair a bhuail an droch phian é, chuaigh an fear bocht ar a rothar suas go dtí an otharlann i Leitir Ceanainn. Bhí sé ró - mhall ansin agus fuair sé bás agus gan é ach i mbláth na hóige. Bhí Sarah pósta ar Mhicí Jimí agus tá cuntas tugtha uirthisean cheana féin agus mé ag cur síos ar theach Mhuiris Ó Dochartaigh. Bhí KiĴy pósta ar Ģear as Baile Átha Cliath agus chaith sí an chuid is mó dá saol pósta ina cónaí in Áth Luain. Ceathrar de chlann a bhí acusan, Seán, Antoin, Micheál agus Caitlín. Bhí Sus pósta ar Phaidí Bhrianaí agus iad ina gcónaí i mBaile na Deora. Tá cur síos orthusan níos faide ar aghaidh. Bhí Annie pósta ar Eddie Harley ag Na Cúlaibh, agus bhí siad ina gcónaí in Albain. Seanteach Uí Dhochartaigh Antoin Ó Dochartaigh agus a bhean chéile Nóra Clann Sarah agus Mhicí Jimí Ó chlé tá Muiris, Máire agus Nóra lena uncail, James Sus Ní Dhochartaigh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3