Guth Ghoill, Eagrán 22
EagránÊ22ÊÊÊDeireadhÊFómhair.Ê2008 ÊÊÊÊ4 Sa teach seo fosta, tógadh Treasa Doherty as An Oileán, iníon le Neidí Ó Dochartaigh. Fuair a máthair bás nuair a rugadh Treasa. Bhí James pósta as Mhadgie Ghallchóir as An Ghlíob agus seisear de chlann a bhí acusan, Nóra, Bridget, Máire, Micheál, Annie agus Ellen. Tá Nóra, Bridget agus Máire idir an bhaile agus Londain, tá Annie i nDumhach Bheag i bhFánaid agus tá Ellen i gContae na Mí. Tá an chéad chuntas eile fá Mhicheál agus a mhuintir. Tá Micheál Ó Dochartaigh agus Bridie (as Fánaid) ina gcónaí níos faide anuas an baile agus bhí seachtar de chlann acusan, Séamus, Marie, Yvonne, Micheál, Fiona, Seán agus Mairéad. Cailledh Micheál bocht nuair a báitheadh é amach ón Chorrach ar an chéad lá de Mheitheamh 1989 agus gan é ach sé bliana déag d’aois. Tá Séamus amuigh san Astráil agus é pósta agus triúr clainne aige. Tá Marie san Ollainn, Yvonne i mBaile Átha Cliath, Fiona i gCluain tSaileach agus Seán agus Máiréad i mBaile na Deora i rith an ama. James & Madgie James Ó Dochartaigh agus Paidí Bhrianaí ag déanamh curach thíos ar An Mheall Mhór An mhóin ag teacht abhaile ar leoraí John Shuis Micheál Óg Ó Dochartaigh An mheitheal a bhí ann ar an lá Eddie Ó Gallachóir, Micheál Mac Lochlainn (Bhrianaí), John Shuis, Charlie Ó Gallachóir, James Antoin & Denis Phat
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3