Guth Ghoill, Eagrán 22

EagránÊ22ÊÊÊDeireadhÊFómhair.Ê2008 ÊÊÊÊ5 Giota beag níos faide anuas ta teach saoire ag muintir Guerin. Cailleadh John Guerin ag tús Mí Meithimh seo, agus tarann a bhean Mary agus an teaghlach i rith an ama. Níos faide síos tá EmmeĴ agus Nóirín Goulding. As Baile Átha Cliath d’EmmeĴ agus is de bhunadh Bhaile na Deora í Nóirín, iníon le Paidí Bhrianaí Mac Lochlainn agus Sus Ní Dhochartaigh ina ndéantar cur síos uirthi agus muid ag caint faoi Chlann Uí Dhochartaigh. Beirt de theaghlach atá acu, Cormac agus Aifric. Tá Cormac i mBaile Dhún na nGall faoi láthair agus tá Aifric i mBaile Átha Cliath. An chéad teach eile ar an bhaile ná teach Fanny. Is fada muintir Fanny ar shiúl as agus is teach saoire é anois. Sa teach seo bhí Micí Phéigí Mac Giolla Bhríde agus a bhean, Fanny Mhór Price as Droim Méasón, siar bealach an Chraoslaigh. Gréasaí a bhí in Micí. Bhí cúigéar clainne acusan, Maggie, Fanny Bheag, Biddy, Máire agus John. Fuair an triúr dheireanach agus a n - áthair bás leis an fliú mór in 1918. Fágadh Fanny Mhór agus a beirt iníonach bheaga óga beo bocht ina dhiaidh sin, agus gan mórán de chuid an tsaoil acu. Cruatan agus uaigneas a bhí i ndán dóibh. Fuair Fanny Mhór bás i 1945 agus í an dá bhliain agus trí scór. Pósadh Maggie ar Charlie Phaidí Madgie as Gleann Úraí agus bhí iníon amháín acusan, Nóirín. Fuair Maggie bás in 1981 agus cailleadh Charlie in 1985. Fuair Nóirín í féin bás in 1993 agus ansin i 1996 cailleadh mac dá cuid, Cathal, go trágóideach thíos i nGaillimh. Tá an mac eile a bhí aici thall in Londain. Níor phós Fanny Bheag ariamh. Tá sí ina beatha go fóill agus í i dteach altranais thall in Londain, áit a deachaigh sí nuair a fuair Charlie bás. Chuaigh sí anonn le cónaí le Nóirín agus is beag a shíl sí agus í ag fágáíl Bhaile na Deora daoithe go mbeadh saol comh gairid ag Nóirín. Bím thall achan samhradh ag amharc ar Fanny agus tá sí an dá bhliain déag agus ceithre scór, bail ó Dhia Emmett Goulding agus a dheartháireacha, Noel (go ndéana Dia trócaire air) agus Dessie, ag obair ar dhíon an tí úir Paidí Bhrianaí lena chuid gliomach Nóirín le Madgie & James Antoin

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3