Guth Ghoill, Eagrán 22

EagránÊ22ÊÊÊDeireadhÊFómhair.Ê2008 ÊÊÊÊ6 uirthí. Níor chuir comhrac agus coimhlint an tsaoil chruaidh a bhí aici isteach ná amach uirthi. Ghlac sí le toil Dé i gcónaí. Labhraíonn sí i nGaeilge i dtólamh agus cé nach bhfuil an chuimhne chomh maith agus a bhí, lasann na súile nuair a bhím ag caint fá dhaoine as an bhaile. Bean uasal. Beidh an chuid deireanaí den chuntas seo sa chéad eagrán eile. NóirínȱGoulding . M’athair. Maidir leis an seó iontach sin, “The Rising Step”, a bhí ar siúl san amharclann i Leitir Ceanainn i rith an tsamhraidh, rinneadh ainm m’athair a lua agus iarradh ormsa píosa a scríobh faoi agus fa- oin damhsa Gaelach a bhí mar pháirt mhór dá shaol. I mo shuí sa bhaile oíche amháin ina dhi- aidh sin thosaigh mé ag scríobh, díreach mar a bhí a scéal ag dul fríd mo cheann. Rugadh m’athair ar Oileán Thoraigh i mí Meithimh 1918. B’as an Chlochán Liath a athair Séamas agus b’as Bun an Phobail a mháthair Treasa. D’oibrigh Séamas do Bhord na hIascaireachta agus bhí Treasa ina múinteoir scoile ar Oileán Thoraigh. Bhí triúr deartháir agus beirt dheirfiúr ag Colm. D’fhág an teaghlach an t - oileán nuair a bhí Colm thart fá deich mbliana d’aois agus shocraigh siad sna Dúnaibh. Bhí Colm pósta ar Úna Nic Fhloinn as Baile na nGallóglach agus bhí seach- tar clainne acu; Caoimhín, an cúpla Máire agus Caitlín a fuair bás nuair a bhí siad ina leanaí, Bri- an a bádh sna Dúnaibh nuair nach raibh sé ach bliain is fiche, Diarmaid, Siún agus Máirín. Mhúineadh a athair Séamas, fear a bhain Craobh na hÉireann é féin ina lá, céimeanna damhsa do Cholm agus dá chlann uilig nuair a bhí siad óg. Bhíodh siad ina suí ar maidin uair roimh am scoile ag cleachtadh na gcéimeanna. Bá ghnách leo páirt a ghlacadh sna coirmeacha ceoil agus sna feiseanna a bhíodh ar siúl ag an am. Dhamhsaigh Colm agus a dheirfiúr Eilís os comhair an uachtaráin sa “Mansion House” i mBaile Átha Cliath nuair nach raibh siad ach sé nó seacht mbliana d’aois. Thosaigh Colm é féin ag múineadh damhsa sna Dúnaibh nuair a tháinig sé ar ais as Sasana, áit a raibh sé ina chónaí le h’Úna agus an chlann ar feadh an bhliain déag. Fanny Bheag agus Charlie Phaidí Mhadgie Colm Mac a’ Bháird Colm, a athair Séamas, Breandán, Caoimhín, Enda, Máirín, a mháthair Treasa agus Eilís. * * * Máire Uí Bhuadáin (Ní Dhochartaigh)

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3