Guth Ghoill, Eagrán 22
EagránÊ22ÊÊÊDeireadhÊFómhair.Ê2008 ÊÊÊÊ7 amháin sa bhliain 1975, isteach leis an chlann uilig sa “Morris Minor” agus ar shiúl linn síos go dtí Contae an Chláir. Bhí foireann Chomhaltas Ceoltóirí ag fágáil don turas ar an Domhnach. Bhí coirm cheoil mhór in Inis oíche Dé Sathairn, oíche go maidin. Cha raibh mórán codlata againn an oíche sin. D’fhág muid slán le Colm agus leis an dream uilig ag Aerfort na Sionnainne ar an Domhnach. Bhí uaigneas orainn ag teacht abhaile dúinn ach bhí muid sásta agus bródúil go bhfuair Colm an deis seo. Bhí siad ar shiúl ar feadh sé seachtaine agus cuireadh fáilte mhór rompu in áiteanna cosúil le Nua - Eabhrac, Chicago, Denver agus Montréal. Bhí am ar dóigh acu. Ba iad an chéad dream le sin a dhéanamh ach níorbh iad an dream deireanach. Ina dhiaidh sin chuaigh siad go hAlbain agus go Sasana. Fuair Brian bás sa bhliain 1976 agus cúpla bliain ina dhiaidh sin ghlac Colm pinsean as an mho- narcha agus lig sé a scíth. Bhuail an galar Parkin- son’s é ansin ach bhí sé ábalta bheith ina shuí achan lá. An t - aon lá amháin a chaith sé sa leaba ná an lá a fuair sé bás, an séú lá déag de Mheán Fómhair, 1997. Bhí saol maith, sásta ag Colm le hÚna agus an chlann. “Go raibh sé ag damhsa sna Flaitheas anois.” Siún Nic a’ Bháird Bhí Colm ag obair i monarcha Mhic Nuadhait i rith na seachtaine agus ar an Satharn agus ar an Domhnach bhíodh ranganna damhsa aige ó Ros Goill go Ceann Fhánada agus siar go dtí an Fhál Carrach. Bhí na páistí óna ranganna seo ag glacadh páirt i gcoirmeacha ceoil agus i bhfeiseanna a bhíodh ann ag an am agus bhíodh Colm é féin ag damhsa i gcoirmeacha ceoil ó Charraig Airt go Contae an Chláir. Ghlac sé fhéin agus Andy Mac Pháidín as Duibhlinn Riabhach páirt i gcúpla clár teilifíse fosta, é féin ag damhsa agus Andy ag bualadh na fidle dó. Lá amháin fuair sé glaoch ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Bhí turas ag dul go Meiriceá agus Cean- ada agus bhí siad ag iarraidh ar Cholm dul leo. Is damhsóir traidisiúnta a bhí ann i gcomórtas leis na damhsóirí nua - aimseartha mar Michael Flatley nó Michael Pat Gallagher atá i River Dance sa lá atá inniu ann. Ba mhór an deis a bhí anseo do Cholm agus bhí sé sásta an dúshlán a ghlacadh. Satharn Eilís, Colm, Caoimhín, Enda, Breandán agus Máirín Glacadh an pictiúr seo sna Dúnaibh Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Glacadh an grianghraf seo in Inis ar an Satharn roimh dul go Meiriceá dóibh. Sa phictiúr seo, ó chlé, tá Nuala, Filimín, agus Salbha Ní Ghallachóir (Éamann), Máire Nic Giolla Bhríde (a’ Táilliúir), Áine Ní Ghallachóir (Éamann), Orla Nic Pháidín, Máirín Nic a’ Bháird, Colm, Síle Nic Nuadhait, Cait Nic Giolla Bhríde (Hughie), Máire Ní Shiail, Caitlín Ní Ghallachóir (Michael Joseph), Pádraigín Ní Cheallaigh agus Bríd Nic Giolla Bhríde (Madeline).
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3