Guth Ghoill, Eagrán 23

Eagrán 23 Samhain. 2008 10 Bás “Níl luibh nó leigheas in aghaidh an bhás”. Tá sé i ndán dúinn uilig. Tiocfaidh an bás ar cuaird chugat, Leathuair bheag roimh lá, Bainfidh sé cuntas cruaidh díot, Gach cluan dár bhuail tú ar mhná. Beidh tú i rúimín uaigneach, Beidh braithlín bhán anuas ort, Ba bhreá í an áithrí an uair úd, Dá mbeadh d'uain agat í d'fháil! Tá an bás i Ríocht an tSaoil seo. Ná tabhair an leabhar san éitheach. Tá an bás in ár gcionn go léir, Agus éagfaimídne fós! Sa tseanam níor creideadh gurb é an bás deir- eadh an duine. Chreid na daoine go raibh siad ag déanamh aistear ó staid amháin go dtí staid eile. Dhéanfaidh mé cur síos anois ar an chóras a bhí ag pobail Ros Goill nuair a fuair duine bás, caidé mar a bhí ó thaobh faire de agus ó sin go dtí an aistear deireanach síos go dtí Sean-Reilig Mhíobhaigh. Bhí bochtanas i Ros Goill, agus leoga ar fud na tíre sa 19ú aois. Bhí na daoine cloíte agus cráite ag an drochshaol. Rinne an tUramach Valentine Pole, ministir na Machaire cur síos ar chomh holc agus a bhí an scéal ag muintir na Rosann sa bhliain 1847; “Tenants of an absentee, and neglected by those that are living in luxury from the rents collected from these wretched people, their patience is beyond belief. They everyday see some relative or some member of their family suddenly taken from them, they follow him to the grave, and return without saying a harsh word against landlord, agent or anybody else.” (Uí Chnáimhsí, 1997, lth.113) Cé go bhfuil seo scríofa faoi mhuintir na Ro- sann is cinnte go raibh an scéal mar a gcé- anna i Ros Goill. Thart fá am an ghorta ‘sé an meán-aois a bhí ag daoine na daichead agus a cúig. Is cinnte go raibh Sean-Reilig Mhíobhaigh gnóthach ag an am seo agus ar feadh blianta fada ina dhiaidh sin. Nuair a chluinfeá daoine ag rá ‘tá seileog a’ bháis aige/aici’ agus gliogarnach sa scead- amán ag an té a bhí ar leaba na bháis, bhí a fhios agat nach raibh mórán ama fágtha ag an duine bocht sin. Dá mbeadh an dui ne creathnach íseal rachadh siad ar a nglúine agus déarfadh siad an paidrín. Cor ruair chuirfeadh siad coinneal bheannaithe i láimh an othair. Ní raibh an sagart nó an dochtúir le fáil chomh furasta sin sa tseanam. Dhruidfeadh duine éigin na súile lena ordóg agus ní rachadh duine ar bith os comhair an choirp ar feadh b’fhéidir dhá uair a chloig go dtí go bhfuaródh an marbhán. Bhí an gnás seo ann le suaimhneas agus le am dínite a thabhairt don té a fuair bás. D’osclófaí na fuinneoga, chuirfí amach an cat, chlúdófaí na fuinneoga agus na scátháin agus chuirfí stop leis na clog. Ansin chuirtí tábla beag sa tseomra agus éadach bán air agus bheadh dhá choinneal Mhuire lasta air. Bheadh pictiúr ár Slánaitheora nó cros ina shuí i lár báire. Bheadh na coinnle lasta i rith na hoíche. Lasfaí rudaí úra de réir mar bhí siad de dhíth. D’ullmhódh muintir an tí nó cúpla duine de na comharsana a mbeadh rud beag eolais acu, d’ullmhódh siad gach sórt!. Go minic

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3