Guth Ghoill, Eagrán 23

Eagrán 23 Samhain. 2008 11 sula dtosódh siad bheadh gloine uisce beatha ar an jab. Blianta ó shin d’úsáid siad mar- bhfháisc leis an bhéal a choinneáil druidte. ‘Sé a bhí i gceist anseo ná go raibh giota bréidín nó éadach gearrtha amach agus ceangailte thart ar cheann an duine a bhí marbh. Dhéa- nann siad é a fhuáil sa lá atá inniu ann. Nití an corp agus chuirtí a gcuid éadaí Domhnaigh orthu nó an t-éadach ab fhearr a bhí acu. Deirtí go raibh daoine ann nach raibh ‘collar agus tie’ orthu riamh go ndeach- aigh siad sa chónra. Shilfeá go raibh siad ag dul go Me- iriceá! Chuirfí Coróin Mhuire idir a méara. Bhí- odh an corp leagtha amach sa seomra leapa nó sa seom- ra a ba mhó a bhí sa teach agus bhíodh sé ina luí ansin go dtí go bhfaightí an chónra. Ní raibh traidisiún na gcaointeoirí againn sa taobh seo tire, áit a ndéantaí cuid mhór mair- gní agus caoineadh os cionn na marbh. Ag an am sin b’éigean siúl go Carraig Airt faoi choinne an chónra. Théadh siad fá na coinne i ndiaidh na hoíche nuair a bhíodh sé dorcha. Bhí John Thuathail Dhonnchaidh agus Micí Diver ag déanamh na gcónraí ag an am agus ní dheirtí “Bail ó Dhia ar an obair” leo! Ba d’adhmad a bhí an chónra déanta agus bhí- odh pláta beag air a mbíodh ainm agus aois an mhairbh scríofa air. Ceapadh ceathrar de na comharsana le dhul agus í a iompar ‘na bhaile. Is iomaí scéal atá sa cheantar seo faoi an turas ‘na bhaile leis an chónra. Seo an eireaball de cheann de na scéalta sin. Bhí ceathrar ón bhaile ag teacht oíche amháin agus cónra leofa. Mhothaigh siad duine inteacht ag teacht agus d’fhág siad an chónra síos ar thaobh an bhealaigh mhóir agus chuaigh i bhfolach. Nuair a tháinig an fear bocht fhad leis an chónra, fuair sé scanradh millteanach. Bhain sé na bonnaí as agus char stad sé go dtí gur shroich sé an teach. De ghnáth, rachadh an corp isteach sa chónra an chéad oíche i ndiaidh di theacht anuas ó Charraig Airt. Faire Níor ghlac sé i bhfad scéal an bháis a scai- peadh agus bheadh achan duine fán bhaile ag caint faoi. Bhí ar mhuintir an tí na h- ullmhúcháin a dhéanamh don fhaire ansin. ‘Sé nós an -seanda ar fud an domhain is ea faire. Bhí an nós seo cleachtaithe in a lán tíortha ar fud na hEorpa le míle bliain anuas, ach tá sé marbh mar nós sa Mhór Roinn anois. Tá muid ag leanúint ar aghaidh leis sna ceantracha amuigh faoin tuath in Éirinn go fóill agus níl iomrá ar bith go bhfuil an traidisiún seo ag fáil bháis in mo cheantar féin ar aon nós. ‘Sé an fáth a mbíonn faire ann ná go mbíonn daoine ag iarraidh ómós a thabhairt don té atá marbh agus lena gcomhbhrón a dhéanamh le muintir an tí. Dé ghnáth mhair an fhaire dhá oíche. Dá mbeadh duine de mhuintir an mharbháin ar shiúl as baile agus scéala uaidh go raibh sé ag teacht abhaile, choinneofaí an corp trí lá. Bheadh faire fhada ann. Ba ghnáth le daoine theacht agus shuífeadh siad cúpla uair a chlog. Níl sé mar an gcéanna níos mó. Bhí sé ina ghnás ag an am sin go dtabharfadh an té a rachadh ‘na faire ‘airgead faire’ do mhuintir an tí. Thugadh siad leath-scilling nó leathchoróin dóibh. Chuideodh an t-airgead seo le costas na cónra agus costais báis eile a ghlanadh. Ba ghnáth le daoine eile tae agus siúcra agus rudaí mar sin a tha- bhairt ach bhí níos mó measa ar an airgead. Dhéantaí comhbhrón le muintir an tí agus rachfaí ar ghlúine agus déarfaí paidir thíos ag taobh an choirp. Chuirtí láimh ar lámha nó ar chlár an éadan an choirp ansin. Bheadh an tábla leagtha amach don té i seomra eile agus shuífí síos agus d’íosfaí greim maith bia, sin nuair a bheadh spás ag an tábla. Bhíodh cíocras ar dhaoine don bhia

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3