Guth Ghoill, Eagrán 23
Eagrán 23 Samhain. 2008 12 mbeadh neart le h-ithe, neart poitín le h-ól, cuid mhór craic agus ceol agus damhsa ann ba oíche í a bhí truacánta agus lán de bhrón do theaghlach an té a bhí ag imeacht. Ba é an t-aon rud a mhaolaigh ualach an bhróin ná go ndéanfadh imirce iad a shábháil ó shaol díomhaoin nó an sclábhaíocht ar bheagán. Dá dtarlódh sé go bhfaigheadh duine de bhunadh na háite bás agus iad i Meiriceá, Albain nó Sasana, ní thiocfadh an corp ‘na bhaile de ghnáth. Sa chás seo thiocfadh da- oine chun an tí le comhbhrón a dhéanamh le muintir an tí agus deirtí an paidrín ag meán oíche sa teach. Tá leachtanna thíos sa tseanreilig le hainmneacha daoine a cuireadh i dtíortha coimhthíocha. Cuireadh a n-ainmneacha ar leac an teaghlaigh anseo in ómós don té a fuair bás. Déanfar cur síos ar an torramh sa chéad eagrán eile. Fíona Pasoma agus bhíodh siad ag feitheamh go foighneach le scairt a fháil fá choinne an tae mar go bhfaighfí arán agus “jam dearg”, mar a thugtaí air, agus bhí sin ina rud mór san am sin. Nuair a chloisfeadh daoine go raibh duine éigin ag fáil bháis chloisfí iad ag rá “Gheobhaidh muid an ‘jam’ air”. Bhíodh snaoisín agus píopaí créafóige ag dhul thart fosta. Deirtí an paidrín ag meán oíche. Ní raibh ceol, cluichí nó cleasaíocht ag dul ar aghaidh ag fairí sa tseanam sa cheantar seo mar a bhí in áiteanna eile sa tír, ach, mar a dúirt fear amháin liom “dá mba seanduine a bhí marbh bheadh sé mar a bheadh bhainis ann”. Faire uaigneach a bheadh ann dá mba dhuine óg nó páiste a bhí i gceist. Dá mba rud é gur faire gan chorp a bhí í gceist sa chás mar shampla, gur bádh duine agus nach bhfuarthas an corp, rachadh daoine chun an tí le comhbhrón a dhéanamh le muintir an tí. Ag faire sa tseanam shuífeadh thart fá chúig nó sé chloigne go maidin. Shuífeadh siad is- tigh sa chistin agus rachadh siad isteach agus amach leis an chorp a fheiceáil i rith na hoíche ar eagla gur bhog sé! Cuireadh an clár ar an chónra maidin an tórraimh agus is lá brónach a bhí ann do mhuintir an tí an lá céanna. Bhí cineál de fhaire eile sa cheantar seo sula n-imeodh daoine go Meiriceá blianta fada ó shin. Bhí oíche mhór sa teach acu. Duine ar bith atá meánaosta anois chuala siad scéalta faoin ‘Convoy’, mar gur seo an t -ainm a tugadh ar oíche den t-sórt seo. Go minic nuair a rachadh scéala amach go raibh ‘Convoy’ in áit éigin, thiocfadh scaifte as achan chearn. Tugadh an ‘American Wake’ air fosta de thairbhe go raibh tuismitheoirí ag fágáil slán ag mic agus iníonacha agus go mb’fhéidir nach bhfeicfeadh siad go brách arís iad. Cé go Fear Macánta Thug rí cuairt uair amháin ar phríosún a bhí ina ríocht. Nuair a bhain sé an príosún amach, cuireadh na príosúnaigh uilig ina seasamh i line os a chomhair ar fhaiche na haclaíochta. Chuaigh an rí thart orthu. Chuir sé ceist orthu ina nduine is ina nduine cad é bhí déanta as bealach acu. Ní raibh oiread agus príosúnach amháin a raibh rud ar bith as bealach déanta aige, má b’fhíor! Bhí said uilig cinnte de nár cheart dóibh bheith sa phríosún ar chor ar bith. Sin mar bhí an scéal go dtí gur tháinig an rí a fhad leis an phríosúnach deireanach sa line. D’fhiafraigh an rí de cad é bhí déanta as bealach aige, agus arsa an príosúnach leis: “Rinne mise coir uafásach, a Rí, in aghaidh Dé agus in aghaidh dhlí na tire. Go maithe Dia dom í!” D’amharc an rí ar na príosúnaigh eile ar feadh tamaill agus ansin thi- ontaigh sé chuig an fhear dheireanach arís. “A dhuine,” arsa an rí leis, “ní ceart do do leithéidse a bheith í measc na nda- oine macánta seo. Amach as seo leat chomh tiubh géar agus thig leat!” Scaoileadh an príosúnach saor. Tháinig bród ar na príosúnaigh eile ar dtús, ach ba ghairid gur thuig siad an cleas a d’imir an rí orthu. Is í an fhírinne a bhuafaidh.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3