Guth Ghoill, Eagrán 23
Eagrán 23 Samhain. 2008 13 Feadaímó Bhí Feadaímó ar an bhealach i dtreo an Ghlean- na agus é ag tarraingt ar theach Mhicheáil Uí Dhubhaigh. Cha raibh idé de shórt ar bith aige cén leithscéal a thabharfadh sé don chuairt seo, ach go díreach go mbeadh Gráinne ansin. Bhí a athair, Paidí ag dul i dtreo theach Feardaí Ghracie Bháin agus fios a ghnó go hiomlán aige. Shuigh Feadaímó ar an droichead sa Ghleann ag amharc anonn ar theach Mhicheáil agus é ag déanamh iarracht freagra ar cheist a chuirfí air a chumadh ina intinn. Tráthnóna breá samhraidh a bhí ann agus bhí an ghrian ag tarraingt ar an fharraige amuigh siar ó oileán Thoraigh. Bhí an toit ó na tithe ag dul suas díreach mar ní raibh oi- read is smid gaoithe ann agus bhí na míoltóga ag dul ar mire thart ar chloigeann Fheadaímó. Cha dtug Feadaímó aird ar bith orthu mar bhí i bhfad níos mó ná greamanna míoltóg ar a intinn. Cad é a bhí sé ag dul a rá le Micheál? Ní raibh lá iom- lán thart go fóill ó bhí sé ar cuairt roimhe agus ghlacfadh leithscéal de shórt éigin a bheith aige. Cha dtiocfadh leis a rá gur abhus le Gráinne a fheiceáil a bhí sé. Cinnte, chan rud iontach ar bith a bhí ann do dhaoine cuairt a thabhairt ar tithe eile. Shiúladh comharsana isteach i dtithe achan tráthnóna agus cha bheadh ceist ar bith curtha orthu, ach, cha deachaigh daoine ocht míle chun airneáil. Chonaic Feadaímó beirt fhear agus asal leo ag teacht anuas an bealach ina threo agus ba é an chéad smaoineamh a tháinig isteach ina cheann ná léimeadh den droichead agus dul i bhfolach faoi, ach bhí sé rómhall le sin a dhéanamh. Dá mbeadh aithne ag na fir seo air cad é a bhí sé dul a rá? Dúirt sé paidir íseal leis féin nach bea fir as an íochtar a bhí iontu. Ba sin an phaidir nár freagraíodh. “ Bhail, a Fheadaímó, siúl fada ón íochtar, ” dúirt fear mór slinneánach agus d ’ aithin Feadaímó, Néill Dhoncha Mhóir. “ Bhail a Néill, ” arsa Feadaímó, “ tá siúl breá fada romhatsa cibé sula mbeas tú i nDoire á ’ Chosán. ” Ba chuma le Feadaímó faoi Néill i ndáiríre mar ní fear é a bheadh ag iompar scéalta ach bhí an boc eile a bhí leis contúirteach. Jimmí Eoiní a tugadh air agus bhí sé pósta le deirfiúr de bhean Néill. Má bhí ráfla de shórt ar bith ag dul thart fá dhuine chuirfeadh an boc seo leis. “ Áh, a Fheadaímó, ” arsa Jimmí, “ nach iontach an suí atá agat mall sa tráthnóna agus na míoltóga ina scamall thart ort. B ’ éigean dúinne an cnoc a fhágáil mar bhí ocras go bráth ar na míoltóga thuas agus bhí sé socraíodh acu a suipéar a dhéanamh domh féin is do Néil anseo. Nach crua cróga an fear thú a dtig leat an céasadh sin a fhulaingt. ” Bhí an bheirt acu faoin am seo ag croitheadh a mbairéid san aer ach más mó a rinne siad sin más measa a bhí na míoltóga. Bhí ruball an asail ag súisteáil ó thaobh go taobh agus an dá chluas ar crith air. Bhí a sháigh le déanamh ag Jimmí greim a choinneáil ar an adhastar. “ M ’ anam le Dia, ” arsa Jimmí, “ tá seo thar an mheasaracht. ” Bhuail Néil buille ar a mhuineál. Scrios Dé orthu, seo droch áit dóibh, a Fheadaímó, a dúirt sé. Goitse ra- chaidh muid píosa eile, gheobhaidh muid faoiseamh níos faide síos. Shiúl an bheirt acu trasna an droichid agus ní ag cur amú ama a bhí siad. Bhí fiche slat siúlta acu sula dtug siad faoi deara nach raibh Feadaímó leo. Thiontaigh Néil agus scairt sé le Feadaímó, “ an bhfuil eanglach i do chosa, a dhiúlaigh, nó an bhfuil achan rud idir an dá chluas agat ite ag na míoltóga? Ghlac sé achan unsa féinsmachta a bhí ag Feadaímó fanacht ina shuí mar a bhí sé. Bhí sé ag iarraidh a bhairéad a bhaint dó agus ionsaí a dhéanamh ar na diabhail míoltóga, ach cha dtabharfadh sé an sásamh sin don bheirt eile. Chuir sé a dhá lámh ina phócaí agus shuí sé ar nós cuma liom. “ Arú, a Néill, ” a dúirt sé, ní chuireann siad isteach nó amach ormsa agus tá mé ag feitheamh ar fhear a bhfuil coileáin a dhíol aige. Sheas an bheirt ag stánadh ar Fheadaímó agus ansin labhair Néil. “ Más sin mar atá, a ghasúir, fágfaidh muid chugat é mar sin. Ádh mór. ” Bhuail siad an bóthar arís agus miongháire ar a n - aghaidheanna. Scairt Jimmí leis gan briseadh a theacht ina choiscéim. “ Caithfidh go bea coileáin iontacha iad, a Fheadaímó, bhéarfaidh mé rása soir tráthnóna inteacht le do cheannsa a fheiceáil. ” “ Beidh fáilte romhat, ” arsa Feadaímó agus é ar mire san am céanna. “ Nach dtiocfadh leat scéal níos fearr ná sin a chumadh, ” dúirt sé leis féin agus é ag coimhéad na mboc ag dul síos. D ’ fhan sé go ndeachaigh siad thart coirnéal agus thosaigh sé ag déanamh slad ar na míoltóga lena bhairéad. “ Damnú oraibh, ” a dúirt sé, agus léim sé trasna an droichid. Chuaigh sé ar a dhá ghlúin le taobh an tsrutháin agus chuir sé a chloigeann faoin uisce chun faoiseamh a fháil. Bhí an t - uisce fuar, fáilteach agus d ’ fhan sé mar sin tamall a thumadh féin. D ’ éirigh sé an t - am seo agus chuala sé duine éigin ag labhairt leis. “ A Fheadaímó, a chara, an ag déanamh iarracht tú féin a bhá atá tú. D ’ fhéach Feadaímó suas agus thit an croí as. Bhí Micheál Ó Dubhaigh ina shuí ar bhalla an droichid agus a iníon Gráinne lena thaobh ag amharc anuas air. “ Ar chaill tú rud éigin san abhainn, ” a Fheadaímó, arsa Gráinne, agus a dá
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3